Fógra ar na bacáin ó cheannaire RTÉ RnaG maidir le héirí as cúram na ceannaireachta

Tuairimíocht láidir ann go bhfógróidh Edel Ní Chuireáin gan mhoill go bhfuil sí ag éirí as cúraimí an cheannaire

Fógra ar na bacáin ó cheannaire RTÉ RnaG maidir le héirí as cúram na ceannaireachta

Tá tuairimíocht láidir ann go bhfógróidh ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, go luath go bhfuil sé i gceist aici éirí as ceannaireacht an stáisiúin Gaeltachta.

Tá Ní Chuireáin, arb as Gort an Choirce ó dhúchas í, ina ceannaire ar RnaG ó tháinig sí i gcomharbacht ar Thomás Mac Con Iomaire 11 bliain ó shin. Dá bhfógródh Ní Chuireáin go bhfuil sí le héirí as an gceannaireacht níorbh ionann sin is a rá go mbeadh sí ag fágáil slán ar fad leis an stáisiún, agus meastar go bhféadfadh gur ag bogadh ó thuaidh go dtí stiúideo na nDoirí Beaga a bheidh sí.

Tá folúntas do Bhainisteoir Réigiúin sa Tuaisceart sa raidió ó bhásaigh an craoltóir aitheanta Séamus Mac Géidigh go tobann an samhradh seo caite.

Le tamall anuas, tá an folúntas sin á líonadh go neamhoifigiúil ag Ní Chuireáin féin agus í ag obair idir dhá ionad oibre — ceannáras an stáisiúin i gConamara agus stiúideo na nDoirí Beaga i nGaoth Dobhair. 

Tá cruinniú mór foirne le bheith ar siúl inniu i Raidió na Gaeltachta agus ó tharla nár cuireadh baill foirne ar an eolas faoi ábhar an chruinnithe sin, bhí ag méadú aréir ar an tuairimíocht go bhfógródh Ní Chuireáin gan mhoill go mbeidh sí ag éirí as cúraimí na ceannaireachta.

Fág freagra ar 'Fógra ar na bacáin ó cheannaire RTÉ RnaG maidir le héirí as cúram na ceannaireachta'