‘Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!’ – cead pleanála faighte d’óstán 80 seomra ar an Spidéal

Tá cead pleanála tugtha don chomhlacht Baile Éamoinn Teoranta óstán a thógáil i nGaeltacht Chonamara, cúig bliana tar éis dóibh an t-iarratas a dhéanamh ar dtús

‘Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!’ – cead pleanála faighte d’óstán 80 seomra ar an Spidéal

Tugadh cead pleanála inniu d’fhorbairt óstán 81 seomra ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Is é an comhlacht Baile Éamoinn Teoranta (BET) a fuair an cead pleanála, cúig bliana tar éis dóibh an t-iarratas a dhéanamh ar dtús.

Beidh an t-óstán nua, Óstán an Chuain, á thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

Mar aon leis na seomraí codlata, tá sé i gceist go mbeadh seomra ócáidí mar chuid den ionad, chomh maith le háiseanna aclaíochta, folláine agus caitheamh aimsire.

Tógfar dhá theach cónaithe féinfhreastail a bhaineann leis an óstán, Ionad Nuálaíochta Gnó agus Bia agus sé theach cónaithe scoite.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead don fhorbairt sa bhliain 2018 ar an mbonn go raibh an córas fuíolluisce poiblí sa gceantar easnamhach agus nach bhféadfaí a leithéid d’fhorbairt a dhéanamh go mbeadh córas poiblí cóireála fuíolluisce tógtha san áit.

Bhí sé i gceist ag Baile Éamoinn Teoranta córas cóireála príobháideach a chur i bhfearas go dtí go mbeadh córas poiblí ar fáil.

Cealaíodh an cinneadh cead a dhiúltú don óstán san Ard-Chúirt i mí na Nollag 2020, nuair a dúirt an Breitheamh Anthony Barr go raibh rún aige an t-iarratas pleanála a chur ar ais chuig an mBord Pleanála chun go ndéanfaí an cás a athmheas agus a bhreithiúnas á chur san áireamh acu.

Tá tacaíocht faighte ag an bhforbairt ó Údarás na Gaeltachta agus dúradh go gcuirfidh sé le tionscal turasóireachta Ghaeltacht Chonamara. Táthar ag súil go mbeidh idir 80-100 duine fostaithe san óstán agus tá sé ráite ag na forbróirí go dtabharfar tús áite do dhaoine le Gaeilge.

Tá súil ag Rónán Bairéad, atá i mbun na forbartha, gur áis “thar a bheith tairbheach” a bheidh sa bhforbairt do mhuintir an Spidéil agus do phobal Ghaeltacht Chonamara. Dúirt sé gur deis a bheidh ann imeachtaí móra a mhealladh chun na háite – leithéid Chomórtas Peile na Gaeltachta, chomh maith le ceolchoirmeacha agus féilte amhail an tOireachtas.

“Tar éis cath pleanála agus dlí a mhair cúig bliana – diúltú pleanála, achomharc chuig An Bord Pleanála, athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt agus an dara hachomharc –  tá áthas orainn a dhearbhú go bhfuil cead pleanála tugtha ag An mBord Pleanála dár n-óstán, ionad fóillíochta, ionad nuálaíochta gnó agus forbairt chónaithe sa Spidéal,” a dúirt Rónán Bairéad.

“Creideann muid go bhfuil óstán agus áis fóillíochta ar ardchaighdeán tuillte ag pobal áitiúil Chois Fharraige agus an Spidéil, pobal a thacaigh linn den chuid is mó maidir leis an togra seo,” a dúirt Rónán Bairéad.

“Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!” a dúirt Siobhán Denvir Bairéad ón gcomhlacht Baile Éamoinn Teoranta agus í ag labhairt le Tuairisc.

“Táimid an-tiomanta de go gcuirfear an áis phobail seo ar fáil agus go dtógfar i gceart é. An mhian atá againn ná gurb í an Ghaeilge a bheidh mar theanga oibre an óstáin. Is deis iontach fostaíochta, díreach agus indíreach, a bheidh anseo don Ghaeltacht.”

Fág freagra ar '‘Tá súil againn go mbeidh Corn Uí Riada ann lá éigin!’ – cead pleanála faighte d’óstán 80 seomra ar an Spidéal'

  • Mise Áine

    Fostaíocht! 👏👏👏

  • Súil eile

    Tá go leor des na grúpaí agus clubanna áitiúla tiontaithe ar an mBéarla mar lingua franca beag beann ar aon pholasaí teanga.