Tá Stormont ar ais ach cén fhad a mhairfidh sé

Tá an éiginnteacht faoi chinniúint Stormont follasach ag tús an téarma nua

Tá Stormont ar ais ach cén fhad a mhairfidh sé

Na Teachtaí Tionóil ar ais tar éis laethanta saoire an tsamhraidh.

Airí ag cur reachtaíochta faoina mbráid i dtaobh ceisteanna cirt agus cíos ar thithíocht. Bhí cuma na hoibre ar an gclár fiú más mall é.

Seacht mí de shaol an Tionóil seo atá fágtha; má mhaireann sé. Ach níorbh fhéidir neamhshuim a dhéanamh den ‘má’ sin. San oíche Dé Luain rinne ceannaire an DUP agallamh a chothaigh míshocracht bhreise. Chinnteodh an cúrsa iarthoghcháin a raibh sé ag caint air go gcniogfaí an socrú díláraithe.

Bhí an éiginnteacht faoi chinniúint Stormont follasach Dé Luain ag tús an téarma nua. Ba é bagairt Jeffrey Donaldson go n-éireodh airí an DUP as a gcuid oibre sa bhFeidhmeannas faoi oíche Shamhna muna mbeadh an Prótacal iarBhreatimeachta cealaithe nó leasaithe ó bhonn faoin tráth sin an t-ábhar imní ba mhó ag formhór na dTeachtaí.

Conas a d’fhéadfaí clár oibre a chur i bhfeidhm má bhí port Stormont seinnte, a dúradh. Thacaigh Jim Allister TUV le bagairt an DUP ach ba chosúil go raibh sé amhrasach go ndéanfaí beart de réir an bhriathair; bhí sé ar a dhícheall ag coinneáil brú orthu siúl amach.

Dúirt Donaldson ar chlár teilifíse UTV View From Stormont oíche Dé Luain go bhfágfadh an DUP an Feidhmeannas ach go bhfanfadh a Theachtaí san Tionól. D’fhéadfadh na hairí ó pháirtithe eile fanacht i mbun oibre ar bhonn éigeandála go dtí go mbeadh toghchán ann arsa Donaldson. Caolseans go sásóidh leath-imeacht an TUV. Bhí na páirtithe eile an-cháinteach, iad den bharúil go raibh plean Donaldson meargánta, místuama.

Lean Donaldson air ag maíomh go gcaithfí toghchán Tionóil a ghairm go luath dá bhfágfadh an DUP an Feidhmeannas. Níl uaidh ach daonlathas, ar sé. Ach ní raibh an tiomantas don daonlathas chomh soiléir sin nuair a fiafraíodh de céard a dhéanfadh sé dá mbeadh Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP: chothódh sé sin ‘fadhb mhór’ d’Aontachtaithe, ar sé. Agus dá mbeadh an Prótacal fós ann i ndiaidh toghcháin? Ní bhunódh an DUP Feidhmeannas sa gcás sin.

Is furasta a thuiscint nach bhfuil aon dúil ag Donaldson san lipéad “an ceannaire ar an DUP gur theip air an Chéad-Aireacht a bhaint amach” ach tá blas na sean-aimsire ar theaicticí reatha an DUP. Is léir gur chinn Donaldson agus a chomhairleoir, Peter Robinson, atá ar ais sa gcúlra, go raibh gá le gníomh dána chun cuidiú leis an dé a choinneáil sa pháirtí.

Tá sé ag iarraidh na vótóirí a bhí ag imeacht go dtí an TUV a mhealladh ar ais, ós sa treo sin atá an sciar is mó bogtha de réir suirbhéanna. Ionadaíocht chionmhar a úsáidtear i dtoghchán an Tionóil agus tharlódh go bhfaigheadh an DUP na vótaí sin nó cuid acu ar ais mar aistrithe. Seans go bhfuil geallúint ag Donaldson ó Johnson, más fiú tráithnín é, go rithfear toghchán obann nó go ndéanfar comhghéilleadh nó beart aontaobhach faoin bPrótacal. Ní fios.

Maíonn na páirtithe eile go bhfuil Stormont féin i mbaol. Conas is féidir leis an bpobal muinín a chur i gcóras atá luaite le geáitsíocht in ionad a dhul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte, le cíor thuathail i scoileanna agus leis an gcontúirt ón athrú aeráide? Beidh fiú an obair ata idir lámha i mbaol. Meabhraíodh don DUP go gcinnteodh a n-aistarraingt go dtitfeadh reachtaíocht. I measc na mbillí a chaillfí dá siúlfadh an DUP amach bhí an ceann chun mná agus páistí a chosaint ó ionsaithe gnéis, a dúirt ceannaire an UUP, Doug Beattie.

Bhí aontas Aontachtach á iarraidh ag Sir Jeffrey chun an Prótacal a chloí agus chun Sinn Féin sa Chéad-Aireacht a sheachaint ach níor léirigh ceannaire nua an UUP bá ar bith le teaictic an DUP.

Má tá an ceart ag pobalbhreitheanna ’sé cur chuige dearfach Beattie atá ag bailiú tacaíochta don UUP. Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith do Shinn Féin go ndeir Donaldson go hoscailte go bhfuil baol/seans ann go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó i ndiaidh an chéad toghcháin eile – cibé uair a tharlóidh sé. ’Sí an cheist – an dtarlóidh? An fiú toghchán a rith murar féidir Feidhmeannas a bhunú? Agus an ritheann sé leis an DUP go dtapódh na dream atá ag iarraidh reifrinn faoin teorainn an deis a thabharfadh titim Stormont dóibh?

Chuir an Breatimeacht, agus an neamhshuim a rinne an DUP de vóta an mhóraimh abhus in aghaidh an tAontas Eorpach a fhágáil, tine faoin bhfeachtas um reifrinn faoin teorainn. Ba mhór an t-iontas é mura neartódh an ghuagacht atá á cothú anois ag an DUP faoin bPrótacal iarBhreatimeachta an tacaíocht do reifreann.

Fág freagra ar 'Tá Stormont ar ais ach cén fhad a mhairfidh sé'