‘Tá sé OK, tá sé socraithe agam féin agus Billí go ngabhfaidh muid ar phlaydate’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá mearbhall ar ár gcolúnaí ag an gcóras casta rialacháin atá i bhfeidhm ar chúrsaí cuartaíochta i measc na maithe agus móruaisle sna naíonáin

‘Tá sé OK, tá sé socraithe agam féin agus Billí go ngabhfaidh muid ar phlaydate’

‘Is é an chaoi a n-oibríonn an playdate Mamaí, ná go mbailíonn Mamaí nó Daidí do chara thú ón scoil agus ansin téann tú ag teach do chara agus bíonn tú ag spraoi,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom amhail is gur antraipeolaí a bhí inti agus go raibh sí ag insint dom faoi nósanna threibheanna na hAmasóine.

‘Sea, ach cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil a Mhamaí nó a Dhaidí ag iarraidh go dtiocfaidh tú ar cuairt?’ a d’fhiafraigh mé di agus mearbhall orm ag an gcóras casta rialacháin atá i bhfeidhm ar chúrsaí cuartaíochta i measc na maithe agus na móruaisle sna naíonáin.

‘Tá sé OK,’ a dúirt sí, ‘tá sé socraithe agam féin agus Billí go ngabhfaidh mé ag a theach ar phlaydate.’

‘Cén chaoi OK?’ a dúirt mé agus mé beagán trína chéile. ‘Nach gcaithfidh muid é a chinntiú ar dtús lena Mhamaí nó a Dhaidí,’ a dúirt mé agus súil agam ar an slua tuismitheoirí agus páistí a bhí ina rabharta thart orm i bpasáistí na scoile.

Bhreathnaigh sí orm agus í beagáinín coipthe ag m’aineolas. Thuig mé gur fúm féin a bhí sé an chuid eile den bhóthar a dhéanamh amach.

Cé hiad muintir Bhilí, a chuimhnigh mé, agus daoine á scrúdú agam agus iad ag imeacht tharam. Nó mar a dúirt an Cailín Mór Beag liom lá faoi bhean a shiúil tharainn ar an mbóthar agus í ina haonar, ‘meas tú cé leis an Mamaí sin?’

Ar féidir a ghabháil suas chuig strainséara, nár casadh ort riamh i do shaol, agus a ordú dóibh do pháiste a bhailiú ón scoil, í a bheathú agus siamsaíocht a chur ar fáil di ar feadh an tráthnóna?

Ní hamháin nach raibh a fhios agam cé hiad muintir Bhillí, ach ní raibh mé iomlán cinnte cé acu de na cloigne beaga bricíneacha sa rang é Billí.

Ar cheart dom mo bhealach a dhéanamh tríd an slua is mé ag fógairt ‘Mamaí Bhillí, Mamaí Bhillí, cá bhfuil tú?’ Nó arbh fhearr dom a bheith beagáinín níos discréidí?

Dá seasfá i lár an phasáiste is dá dtosófá ag béiceadh, is dá bhfeicfeá bean i lár an tslua ag stopadh go tobann is ag breathnú sa dá shúil ort agus scáth uirthi, bheadh barúil mhaith agat go raibh an Mamaí ceart aimsithe agat.

Dá bhfeicfeá an bhean chéanna ag casadh ar a sáil is ag rith go tréan sa treo eile uait, bheifeá cinnte dearfa gurb í a bhí ann.

Fág freagra ar '‘Tá sé OK, tá sé socraithe agam féin agus Billí go ngabhfaidh muid ar phlaydate’'