Tá sé ina 1690 arís, beirt ríthe in éadan a chéile agus Éireannaigh ar an dá thaobh

Tá dhá phobal seicteach againn anois a bhfuil dream amháin acu ag gealladh dílseachta don Bhreatain agus an dream eile faoi dhraíocht ag Aontas na hEorpa

Tá sé ina 1690 arís, beirt ríthe in éadan a chéile agus Éireannaigh ar an dá thaobh

Bhí alt an-spéisiúil ag Patrick Murphy ar an Irish News an lá faoi dheireadh faoin gcaismirt atá ar bun idir Rialtas na Breataine agus Aontas na hEorpa faoin teorainn sa Tuaisceart. Sea agus faoin dá theorainn má théann sé go dtí sin.

Fear é Paddy Murphy a bhí an-ghníomhach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt fadó. Is maith is fiú éisteacht lena chuid tuairimí.

Cath na Bóinne i 1690 a chuireann an sárú faoin teorainn i Muir Éireann i gcuimhne dó.

Tá sé tagtha sa saol aríst a dúirt sé go bhfuil dhá chumhacht eachtrannach ag úsáid na hÉireann ar mhaithe leo féin.

Beirt ríthe a bhí in éadan a chéile i 1690, rí as Sasana agus rí as an Mór-roinn. Bhí Éireannaigh ar an dá thaobh.

Tá an scéal amhlaidh a bheag nó a mhór inniu idir na cumhachtaí eachtrannacha a bhfuil an tír seo faoina scáth.

Ní ríthe atá i gceist an iarraidh seo ach Boris Johnson agus Ursula von dor Leyen.

Méiseálaithe polaitíochta a thugann Paddy Murphy ar an mbeirt acu.

Ní raibh leisce ar bith ar Johnson a rá gan spalpas nach bhfuil locht ar bhréag a inseacht corruair agus go deimhin go mbíonn bréag riachtanach ar ócáidí áirithe.

Anuraidh thug sé cuairt ar ospidéal agus gan masc á chaitheamh aige. Ní hé amháin sin ach dhearbhaigh sé gur gearr a mhairfeadh an víreas.

Tá os cionn 100,000 duine curtha chun báis ag Covid-19 sa mBreatain anois.

Is í Ursula von der Leyen atá ina hUachtarán ar Choimisiún na hEorpa. Tá sí ina cineál Bandia beag sa bPoblacht seo againne.

Ní cáil mar sin atá uirthi ina tír dhúchais an Ghearmáin. Is gearr ó thug an iris thábhachtach Ghearmánach Der Spiegel sciúradh na seanchuinneoige di.

Neamhéifeacht agus seachaint freagrachta na tréithe is láidre inti a dúirt siadsan.

Nuair a bhí sí ina hAire Cosanta sa nGearmáin d’fhág sí an t-arm ar easpa trealaimh. Bhí an scéal chomh dona sa deireadh gur cosa scuaibe in áit gunnaí a bhíodh ag cuid de na saighdiúirí i mbun traenála.

Le linn di a bheith ina hAire i Roinn eile gheall sí go bhfaigheadh chuile ghasúr scoile lón te in aghaidh an lae. Níor tharla sé.

Gheall sí airgead le haghaidh cúram leanaí babhta eile fós. Níor tháinig an t-airgead sin ach an oiread.

Ní hiontas ar bith dá bhrí sin gur go ciotach a láimhsigh sí ceannacht na vacsaíní le cur in aghaidh an víris atá ag leagan úr agus críon le chéile ar fud Aontas na hEorpa.

 Go mall, gan ord gan eagar agus go sprionlaithe a chuaigh sí i mbun oibre. Níor chabhair ar bith gur leag sí síos gurb iad Aontas na hEorpa a chaithfeadh na vacsaíní a cheannacht agus nach dtabharfaí cead do rialtais na dtíortha éagsúla a dhul i mbun margála ar ór ná ar airgead.

Nuair a bhí an vacsaín faighte ag 11% de phobal Thuaisceart Éireann, faoi cheannas na Breataine, ní raibh ach 3% de mhuintir na Poblachta, faoi stiúir Aontas na hEorpa, vacsaínithe.

Ach níor chac Ursula Von dor Leyen ar 

na huibheacha i gceart gur fhoilsigh Aontas na hEorpa an ráiteas faoin teorainn i Muir Éireann a dhúnadh ar an vacsaín. Dearmad a bhí ann a dúirt an Taoiseach Micheál Martin. Níor cheart a iarraidh uirthi éirí as oifig a dúirt an Coimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness.

Mo thrua Éire eatarthu. Tá dhá phobal seicteach againn anois a bhfuil dream amháin acu ag gealladh dílseachta don Bhreatain agus an dream eile faoi dhraíocht ag Aontas na hEorpa.

An dtiocfaidh ciall do Chlanna Gael go brách na breithe? 

Fág freagra ar 'Tá sé ina 1690 arís, beirt ríthe in éadan a chéile agus Éireannaigh ar an dá thaobh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Is í Ursula von der Leyen atá ina hUachtarán ar Choimisiún na hEorpa. Tá sí ina cineál Bandia beag sa bPoblacht seo againne.” Ach an bhfuil? Má bhí i measc roinnt daoine, ní mar sin a thuilleadh. Nach uirthi atá an locht a chur faoin praiseach maidir le Protacal Thuaisceart Éireann?