Tá sé in am ag na Conallaigh an drochnós atá acu cluichí crua a chailliúint a chur ina cheart

Is é an cluiche idir Dún na nGall agus Tír Eoghain cluiche mór peile an deireadh seachtaine seo ach imreofar cluichí leathcheannais Laighean tráthnóna freisin

Tá sé in am ag na Conallaigh an drochnós atá acu cluichí crua a chailliúint a chur ina cheart

Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc Brewster, 1.45pm (Beo ar RTÉ)

Bliain eile agus cluiche ollmhór eile idir Dún na nGall agus Tír Eoghain sa chraobh peile. In 2018, bhuaigh Tír Eoghain cluiche cinniúnach i gcomórtas an tSár-Ochtair chun áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann. An bhliain dár gcionn, bhuaigh Dún na nGall ar Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais Uladh ach bhí bua na bliana seo caite níos tábhachtaí fós agus Tír Eoghain díbeartha ón gcraobh ag na Conallaigh ina gcéad chluiche.

Breith nó fág atá i gceist arís tráthnóna mar beidh pé foireann a chaillfidh ar an ngannchuid an chuid eile den bhliain.

Ar an drochuair do Dhún na nGall, níl an chuma ar an scéal go mbeidh siad in ann brath ar Michael Murphy, mar a rinneadar go minic cheana. Fiú is gur tháinig Murphy chun páirce in aghaidh Dhoire an tseachtain seo caite, ba léir nach raibh sé go hiomlán ar a chompord.

Bheadh sé deacair a shamhlú go bhfuil sé chun cluiche an lae inniu, coimhlint chrua in aghaidh Thír Eoghain, a thosú ach, díreach mar gheall gur cluiche crua a bheidh ann, is mó seans go mbeidh sé ag teastáil ag pointe éigin.

Nuair a bhíonn sé ar an bpáirc, ní féidir le foireann gan súil a choinneáil air, fiú agus é ar leathchos, agus tugann sé sin spás d’imreoirí eile. Níor scaoil Chrissy McKaigue Dhoire orlach le Paddy McBrearty ar feadh 70 nóiméad an deireadh seachtaine seo caite ach, agus Murphy ar an bpáirc, b’fhéidir nach bhfuair McKaigue an cúnamh a bhí ag teastáil chun stop a chur le hiarracht dhochreidte McBrearty a bhuaigh an cluiche.

Tugann Murphy imreoirí eile isteach san imirt agus gan é, beidh níos mó brú ar leithéidí McBrearty, Jamie Brennan agus Niall O’Donnell na deiseanna scórála a chruthú dá chéile.

Tugadh dea-scéal do Thír Eoghain i rith na seachtaine nuair a fógraíodh go raibh an cárta dearg a taispeánadh do Ronan McNamee in aghaidh an Chabháin curtha ar neamhní. Fágann sin go mbeidh sé ar fáil tráthnóna.

Bua slachtmhar a bhí ag Tír Eoghain sa chluiche sin ach ní raibh an Cabhán thar mholadh beirte an lá céanna agus beidh dúshlán níos mó i gceist in aghaidh Dhún na nGall.

Bhí an chuma ar an scéal ag deireadh na sraithe go raibh Dún na nGall cuid mhaith níos fearr ná Tír Eoghain ach b’fhéidir nach bhfuil an bhearna eatarthu chomh mór agus a cheap daoine. Tá drochnós ag foireann seo Dhún na nGall cluichí crua a chailliúint freisin ach seo an t-am acu é sin a chur ina cheart.

Cill Dara v An Iarmhí – Páirc an Chrócaigh, 2pm

B’údar díomá don Iarmhí feachtas sraithe 2021 agus iad díbeartha go Roinn 3 tar éis dóibh gach ceann de na ceithre chluiche a bhí acu a chailliúint. Bhí sé de mhí-ádh orthu gur cuireadh sa ghrúpa is láidre i Roinn 2 iad, caite isteach le Maigh Eo, contae na Mí agus an Dún.

Léirigh fir na hIarmhí a gcumas le taispeántas maith in aghaidh Laoise sa bhabhta ceathrú ceannais i gCraobh Laighean. Bearna sé phointe dhéag a bhí idir na foirne ar deireadh ach chaithfeá a chur san áireamh go raibh Laois uafásach an lá céanna.

Sa treo eile a chuaigh Cill Dara sa tsraith agus ardú céime bainte amach acu ó Roinn 2. Is in aghaidh Uíbh Fhailí a bhí siad i gceann de chluichí ceathrú ceannais Chraobh Laighean agus cé gur cuireadh beirt d’imreoirí Chill Dara ón bpáirc roimh dheireadh na himeartha, d’éirigh leo an cluiche a bhaint le farasbarr cúig phointe. Scóráil Neil Flynn 1-7 do Chill Dara an lá sin agus má scaoiltear leis tráthnóna, rachaidh sé crua ar an Iarmhí agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Laighean den chéad uair ó 2016.

Áth Cliath v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 4.30pm

Léiríonn sé cé chomh haontaobhach atá Craobh Pheile Laighean le roinnt blianta anuas nach gcraolfar an cluiche idir peileadóirí Átha Cliath agus na Mí beo ar an teilifís tráthnóna.

Ní hamháin gur idir na contaetha seo a bhíonn ceann de na coimhlintí is stairiúla agus is nimhní dá bhfuil ann ach is ag Áth Cliath freisin atá an lucht féachana is mó sa tír. Tuigeann na craoltóirí faoin am seo, áfach, gur beag suim atá ag daoine greadadh eile a fheiceáil.

Dóibh siúd a bheidh ag iarraidh an cluiche a fheiceáil, beidh sé ar fáil ar GAA GO, ach is beag amhras atá ann faoin toradh. Bhí bua cumasach ag fir na Mí ar an Longfort sa bhabhta ceathrú ceannais ach scéal iomlán eile é Áth Cliath a bhualadh, foireann nár tháinig siad i ngiorracht scread asail di le breis is deich mbliana.

Thóg sé tamall fada ar Áth Cliath Loch Garman a chur de dhroim seoil sa chéad chluiche a bhí acu i gCraobh Laighean coicís ó shin ach fiú má thógann sé a dhá oiread níos faide arís orthu barr a gcumais, nó gar féin dó, a bhaint amach in aghaidh na Mí, beidh an lá leo. Seans gurb é an rud is mó a chuirfidh strus ar Dessie Farrell tráthnóna ná an ráig eile ceisteanna a chuirfear air faoi Stephen Cluxton i ndiaidh an chluiche.

Fág freagra ar 'Tá sé in am ag na Conallaigh an drochnós atá acu cluichí crua a chailliúint a chur ina cheart'