‘Tá sé ceart go leor gan a bheith ag rith thart an t-am uilig!’ – Gráinne McElwain

Sa tsraith seo, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2020 le roinnt Gael aitheanta. An geábh seo, is í an láithreoir spóirt Gráinne McElwain atá linn

‘Tá sé ceart go leor gan a bheith ag rith thart an t-am uilig!’ – Gráinne McElwain

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

Gan aon rún mór a bheith agam! Táim ag iarraidh níos mó ama a thabhairt orm féin, mo chlann agus mo chairde.

2. Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Séasúr CLG spóirt ag tosnú agus pleanáil mo laethanta saoire le mo chlann.

3. Cad é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

An méid eagrúcháin a bheas de dhíth chun dul ar an bhóthar ag obair.

4. Cad é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Na Cluichí Oilimpeacha. Ní thagann siad ach uair gach 4 bliana agus is aoibhinn liom féachaint ar na spóirt éagsúla a bhíonn ann.

5. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

An chéad ghlúin eile. Is máthair mé agus tugann an dream óg spreagadh dom i gcónaí. Feiceann siad na rudaí maithe agus cuireann siad in iúl dúinn na rudaí atá tábhachtach agus ní hé an t-airgead é.

6. Cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2020?

Cothromaíocht cheart idir an obair agus mo shaol pearsanta agus foghlaim go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith ag rith thart an t-am uilig!

7. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020. Cad a d’athrófá?

An ghéarchéim atá ann maidir le daoine agus páistí gan dídean. Is tír shaibhir muid i gcomparáid le go leor tíortha eile timpeall an domhain. Ní cóir go mbeadh a leithéid ag tarlú sa tír seo againn.

Fág freagra ar '‘Tá sé ceart go leor gan a bheith ag rith thart an t-am uilig!’ – Gráinne McElwain'