‘Tá sé ceart go leor dul amach, ach ná bí ag tiomáint mura bhfuil géarghá leis’ – deireadh leis an bhfoláireamh síobadh sneachta

Tá deireadh chomh maith leis an rabhadh a tugadh do dhaoine fanacht sa bhaile, tá Stádas Dearg aimsire i bhfeidhm i gcónaí go dtí 6pm i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus sa Ghaillimh

‘Tá sé ceart go leor dul amach, ach ná bí ag tiomáint mura bhfuil géarghá leis’ – deireadh leis an bhfoláireamh síobadh sneachta

Tá deireadh curtha ag Met Éireann leis an bhfoláireamh síobadh sneachta agus tá deireadh chomh maith leis an rabhadh a tugadh do dhaoine fanacht sa bhaile.

Mar sin féin, tá Stádas Dearg aimsire i bhfeidhm i gcónaí go dtí 6pm i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus sa Ghaillimh agus go leor sneachta agus gaoth láidir anoir fós sna háiteanna sin. Leanfaidh an titim throm sneachta agus an teocht faoi bhun an reophointe inniu.

Tá Stádas Oráiste fós i bhfeidhm sa chuid eile den Stát agus contúirt ag baint leis na bóithre ar fud na tíre go fóill agus comhairlítear do dhaoine a bheith fíorchúramach i gcónaí agus gan a bheith ag tiomáint mura bhfuil gá leis.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go raibh sé “ceart go leor” dul amach ach gan a bheith ag tiomáint mura raibh gá leis.

“Tá an rabhadh contúirte fós i gceist. Tá sé ceart go leor dul amach, ach ná bí ag taisteal mura bhfuil sé riachtanach. Leanfaidh an sneachta ag titim arís inniu.

“Beidh an deireadh seachtaine caite faoin am go mbeidh gach rud ina cheart arís,” a dúirt an Taoiseach. Agus Stoirm Emma ag déanamh a slí trasna na tíre aréir, fágadh 24,000 tigh gan aon chumhacht agus beidh cuid mhór acu sin gan aon chumhacht go dtí 8pm tráthnóna.

Fág freagra ar '‘Tá sé ceart go leor dul amach, ach ná bí ag tiomáint mura bhfuil géarghá leis’ – deireadh leis an bhfoláireamh síobadh sneachta'