Tá ‘ré na n-eisceachtaí’ thart fad is a bhaineann sé le Angela Merkel

Is fearr le hAngela Merkel freagraí macánta a thabhairt seachas a bheith ag ligean uirthi féin gur féidir eisceachtaí a dhéanamh. Cuir chuige a d’oirfeadh do mmhuintir na hÉireann faoi láthair

MERKEL

Cúpla lá ó shin, craoladh comhrá fada idir Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine, agus grúpa daltaí scoile óga ó Rostock. Bhí cuma thuirseach thraochta ar Mherkel, agus ní hábhar iontais é sin tar éis imeachtaí na laethanta (agus na n-oícheanta) roimhe sa Bhruiséil mar a raibh ionramháil á déanamh ar éigeandáil na Gréige.

Ceisteanna simplí (páistiúla) ab ea formhór na gceisteanna a cuireadh uirthi go dtí cúpla nóiméad roimh dheireadh an chomhrá. Ansin a thosaigh cailín amháin ag déanamh cur síos don Sheansailéir ar a cuid smaointe pearsanta fé chóras scoile na Gearmáine. Cé go raibh Gearmáinis bhreá ag an gcailín, ba léir nár saolaíodh sa Ghearmáin í. Palaistíneach ab ea í a theith lena clann ó chogadh cathartha Lebanon. Mhínigh sí don Sheansailéir go mbeadh ar a clann imeacht ón nGearmáin sara fada. D’fhéach Merkel go díreach uirthi, agus thug sí míniú caolchúiseach di ar rialacha an údaráis imirce, agus laigeachtaí iomadúla an chórais atá ann le deileáil leis na sluaite. Nuair a lean an cailín uirthi ar an saol agus an obair a shamhlaigh sí di féin sa Ghearmáin, chrom Merkel an athuair ar cur síos a dhéanamh ar na rialacha, ar an oiread dídeanaithe atá ann ar fud an domhain, agus ar easpa acmhainní na Gearmáine:

“Is crua mar chúram í an pholaitíocht ar uairibh”. (“Das ist manchmal auch hartPolitik.”) Tugadh deis ansin do pháiste eile ceist a chur ar Frau Bundeskanzlerin, ach ní bhfuair an duine sin aon fhreagra toisc go raibh Merkel fós ag féachaint ar an gcailín óg. “Ó a Thiarcais,”, arsa Merkel go tobann, (“O Gott!) nuair ba léir di go raibh an cailín Palaistíneach anois ag gol tar éis di an tsáinn ina raibh a muintir a mhíniú.

Do shiúil Merkel ina treo, chuir sí a lámh ar a gualainn agus thosaigh sí ag cuimilt a cuid gruaige go séimh. “Labhair tú go breá mar gheall ar do chúinsí pearsanta,” arsa Merkel. Thug modhnóir na hócáide le fios, áfach, nach moladh as a buanna abhchóidíochta a theastaigh ón gcailín óg. Ba é cruachás a muintire an rud a bhí ag déanamh tinnis di.

“Tuigim é sin”, a dúirt Merkel go feargach mar fhreagra ar an méid a dúirt an modhnóir agus lean sí uirthi ag caint leis an gcailín óg.

“Níor theastaigh uainn tú a chur sa tsáinn seo, agus tuigimid na deachrachtaí atá ag brú ort, agus rinne tú cur síos maith ar na deacrachtaí sin a bhíonn ag brú ar an-chuid daoine eile freisin.”

Is iomaí trácht maslach a fágadh ar Youtube agus tagairtí á ndéanamh do shaol pearsanta Mherkel. (Níl aon pháistí aici féin). Níorbh fhada gur deineadh comparáid idir an “íde” a tugadh don chailín óg agus an “íde” a tugadh don Ghréig.

Ach, níor tugadh cothrom na féinne do Mherkel anseo. Dhiúltaigh sí freagra páistiúil a thabhairt ar pháiste a labhair léi faoi fhadhb thromchúiseach. Dhiúltaigh Merkel eisceacht a dhéanamh de scéal an pháiste ar mhaithe leis an náire pholaitiúil a sheachaint ar chlár teilifíse.

Angela Merkel Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie
Angela Merkel Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Is léir ón mbeathaisnéis is fearr a foilsíodh mar gheall ar Mherkel, Angela Merkel: The Authorised Biography le Stefan Kornelius (Alma Books, 2013), go gcuireann ‘eisceachtaí’ as di go mór, ach go mór mór agus an tréimhse 1933-45 faoi chaibidil. Ar an gcaoi sin, tá sí cosúil le formhór an phobail a thogh trí huaire as a chéile í. (Thug an breitheamh Naitsíoch Carl Schmitt an Ausnahmezustand ar ré Hitler, is é sin, ‘ré na n-eisceachtaí’).

An é nár thuig Merkel d’eagla an chailín? Cén fáth nár thug sí faoiseamh éigin di? Mar ní raibh ar a cumas tearmann a thairiscint don chailín óg – ní léir go mbeadh fiú an chumhacht reachtúil aici sin a dhéanamh.

Mar sin, bheartaigh sí buanna pearsanta an chailín a mholadh. Ní cur chuige fuarchúiseach a bhí ann, ach cur chuige macánta. Muna mbíonn faic le tabhairt agat, ní chóir aon rud a gheallúint os comhair na gceamairí nuachta.

Dhéanfadh a leithéid de mhacántacht aibí leas na Éireann fé láthair.

Fág freagra ar 'Tá ‘ré na n-eisceachtaí’ thart fad is a bhaineann sé le Angela Merkel'

  • seán

    Rinne Merkel cúram ‘eisceachtúil’ di ina dhiaidh sin is dealraitheach. Uirlis ainspianta, sheafóideach anois é ‘na meáin shóisialta’ inaar féidir aon leath-amadán a chuid neamh/leamh-thuairimí agus a chlaonta féin a nochtadh!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nasc suimiúil….