Tá pléisiúr le baint as polaiteoirí na Breataine ag plobaireacht agus prislíní cantail leo ach…

Níl réiteach go fóill againn ar cheist theorainn na hÉireann ná baol air

Tá pléisiúr le baint as polaiteoirí na Breataine ag plobaireacht agus prislíní cantail leo ach…

B’údar mór pléisiúir dom, agus do chuid mhaith de mhuintir na tíre seo tá mé ag ceapadh, a bheith ag éisteacht le polaiteoirí na Breataine ag plobaireacht agus prislíní cantail leo mar gheall ar dhréachtphlean an Aontais Eorpaigh a mholann go mbeadh an Tuaisceart deighilte ón mBreatain ó thaobh trádála de mar chuid den Bhreatimeacht.

Níl aon dabht ach oiread ach go dtreiseoidh an cor seo sa bpolaitíocht seasamh Leo Varadkar i gcomparáid le Mícheál Martin.

Mar sin, bhí sé iontach spéisiúil gur mhol Varadkar Sinn Féin agus Mary Lou McDonald, é ag rá go raibh an páirtí ag dul i ngleic leis an scéal seo ar bhealach tairbheach agus stuama. Tá sé deacair a shamhlú go ndéarfadh Micheál Martin a leithéid.

Ach cé go raibh sé deas na Sasanaigh a fheiceáil agus iad trína chéile mar gheall ar scéal na hÉireann, ní cóir dúinn dul thar fóir leis.

Sa gcéad áit níl ann ach dréacht: is é sin, leagan den socrú faoin teorainn ar glacadh leis i mí na Nollag a thiocfadh i gceist mura dtiocfaí ar réiteach ar bith eile.

Tá idirbheartaíocht le déanamh faoin dréacht sin agus mura dtaitníonn sé leis na Sasanaigh – agus ní thaitníonn gan dabht – tá an dualgas orthu cur chuige eile a bheachtú a chinnteodh nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Ni féidir i mo thuairimse – agus i dtuairim tráchtairí is polaiteoirí in Éirinn, sa mBreatain agus san Eoraip – teorainn chrua a sheachaint gan an teorainn eacnamaíochta a aistriú go dtí  Muir Éireann nó gan socrú go bhfanfadh an Bhreatain ar fad san Aontas Custaim.

Ar ndóigh, teastaíonn ó Michel Barnier brú a chur ar na Sasanaigh fanacht san Aontas Custaim ar a laghad, agus ní haon dochar dó leas a bhaint as scéal na hÉireann dá bharr.

’Siad lucht gnó na Gearmáine is mó atá ar son Breatimeacht ‘compordach’ a bheith ann, ach tá rialtas na Gearmáine in aimhréidh faoi láthair agus fágann sin go bhfuil cead a chinn nach mór ag Barnier.

Ach deir James Blitz san Financial Times nach ndéanfar cinneadh ‘dearfach’ go dtí an fómhar. Má sheasann an tAontas leis an dréacht agus má dhiúltaíonn Theresa May dó – agus ní fheicim bealach ar bith nach ndiúltóidh sí – titfidh na cainteanna as a chéile.

Is léir go seasfadh na ballstáit eile le hÉirinn go dtí an pointe sin, ach an seasfaidís linn ina dhiaidh sin? Ní chreideann tráchtairí oilte i Sasana go seasfadh.

Cinnte, ní bheadh Varadkar in ann géilleadh fiú dá mbeadh fonn air, ach tá baol mór ann sa gcás sin go mbeadh Breatimeacht crua ann agus impleachtaí móra aige d’eacnamaíocht na tíre seo.

Tá cor eile sa scéal, áfach, ar ábhar dóchais dúinn é – seasamh Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine. Cara mór le hÉirinn is ea Corbyn, cé go bhfuil sé níos cóngaraí i bhfad do Shinn Féin ná mar atá do pháirtí ar bith eile as Éirinn.

Níl Corbyn ag iarraidh go bhfanfaidh an Bhreatain san Aontas Custaim mar atá faoi láthair, ach molann sé go ndéanfar idirbheartaíocht maidir le hAontas nua Custaim a bhunú idir an Bhreatain agus an tAontas.

Tá Theresa May faoi bhrú mór mar gheall ar mholadh sin Corbyn, agus seans ann go dtréigfeadh dóthain feisirí de chuid na gCaomhach an rialtas ar mhaithe le socrú a d’fhágfadh an Bhreatain níos cóngaraí don Aontas.

Agus léiríonn sé seo freisin laige rialtas Westminster mar gheall ar iad a bheith ag brath ar an DUP.

Tá an DUP féin an-sásta go bhfuil tionchar mór acu ar an rialtas, ach tuigeann Arlene Foster féin fiú nach mairfidh sé sin go deo.

Sea, beidh olc ar lucht gnó Shasana má chailleann siad amach ar mhargadh maith mar gheall ar an DUP.

Ní smaoiníonn an páirtí sin, nó a lucht tacaíochta, riamh ar an bhfadtréimhse. Ach, ar deireadh thiar, céard is fiú tionchar a bheith acu sa ghearrthréimhse más ar a n-aimhleas é sa bhfadtréimhse?

In ainneoin an ríméid abhus tá fírinne amháin ann nach féidir a ruaigeadh ar leataobh. ’Sé sin nach chun leas na tíre seo é go mbeadh teorainn chrua ar an oileán is nach leor ráiteas ón Aontas Eorpach chun a leithéid a sheachaint.

San idirlinn is fiú cuimhneamh go bhfuil muid ceangailte níos mó ná riamh leo siúd san Eoraip a dteastaíonn uathu ollstát lárnaithe le cumhacht mhíleata a dhéanamh den Aontas.

Sea, níl an cogadh thart ná baol air, agus níl dáiríre sa dréachtréiteach seo ach coimheascar beag ar imeall pháirc an áir.

Cluiche fada atá romhainn i gcónaí.

Fág freagra ar 'Tá pléisiúr le baint as polaiteoirí na Breataine ag plobaireacht agus prislíní cantail leo ach…'