Tá na torthaí istigh! Cén duine is fearr a chruthaigh ar ‘Vóta 2016: Na hAgallaimh’ ar TG4?

Bhí Enda Kenny, Mícheál Martin, Piaras Ó Dochartaigh agus Aodhán Ó Ríordáin faoi agallamh ar 'Vóta 2016' ar TG4 anocht. Tá na páipéir scrúdaithe marcáilte ag Tuairisc.ie...

Toghchán Strap

Screen Shot 2016-02-17 at 22.48.42

An sop in áit na scuaibe. Bhí TG4 (Vóta 2016: Na hAgallaimh, anocht) fágtha i dtaobh le hagallaimh aonaracha seachas díospóireacht, faoi mar a bhí acu in 2011. Dheineadar a seacht ndícheall dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó, áfach. Níos luaithe inniu bhíothas ag maíomh as an múnla á rá gurb é a bheadh ann ná ‘ceisteanna agus freagraí: ní béicíl agus maslaí’. ‘Sí fírinne an scéil ná nach raibh an dara suí sa bhuaile acu óir nach raibh a dhóthain Gaeilge ag ceannairí Shinn Féin agus an Lucht Oibre agus ‘sé is dóichí ná a mhalairt ná nach raibh Enda Kenny agus Micheál Martin sásta a bheith i mbun díospóireachtaí le fir ionaid.

Carta Enda

Enda Kenny

Teacht i láthair:

Ar a chroí díchill a thabhairt le fios go raibh sé ar a bharraicíní. É suite anoir sa chathaoir ag iarraidh a bheith sollúnta agus cuma an státaire a chur ar féin. Bhain an Ghaeilge barrthuisle as ar uairibh.

5/10

Caighdeán na bhfreagraí:

An seanphort céanna: an téarnamh eacnamaíoch. Scéal thairis faoi theaghlach gur bhuail sé leo. Faoi bhrú nuair a caitheadh ceisteanna faoin gcóras sláinte chuige. Taibhsíodh dom, dála an scoláire meánscoile ag tabhairt faoin scrúdú béil, go raibh freagraí réitithe, beag beann ar cheisteanna.

5/10

Tuiscint ar an nGaeilge agus Gaeltacht:

Dhein sé cac sleáidí don chuid seo den agallamh. Thosaigh sé amach le cúpla figiúr a bhí foghlamtha aige faoi fhostaíocht sa Ghaeltacht agus maoiniú an Údaráis.

Fágadh balbh ar feadh tamaillín é nuair a chur Eimear Ní Chonaola i leith an Rialtais gur ‘cúlú agus cúngú’ a tharla don teanga le cúig bliana anuas. Thosaigh rudaí ag imeacht sa bhfraoch air ansin. Caint san aer agus bladar.

Nuair a cuireadh ceist air faoin Straitéis Fiche Bliain tarraingíodh anuas uisce, an córas séarachais agus cumhacht ar chúis éigin.

Nuair a luadh Seán Ó Cuirreáin a bheith éirithe as thosaigh sé ag caint faoi airgead agus nuair a luadh go mba cheart go mbeadh Gaeilge ag fostaithe an Stáit sa Ghaeltacht thosaigh sé ag caint ar chibearshlándáil. Ina theannta sin ar fad ní dóigh liom go dtuigeann sé an córas earcaíochta nua ó thaobh na Gaeilge, córas a thug a Rialtas féin isteach.

3/10

Marc as tríocha: 13

An chuid is fearr…

Lean Eimear siar amach leis an tiomantas go mbeadh Gaeilge ag 20% d’fhostaithe an Stáit agus sinn den tuairim nach raibh a fhios go díreach ag an Taoiseach cad a bhí sé ag gealladh.

An chuid is measa…

Nuair a luadh éirí as Shéan Uí Chuirreáin mar Coimisinéir Teanga luaigh sé airgead ar an bpointe cé nach raibh aon bhaint ag airgead leis an gceist agus le cinneadh Uí Chuirreáin.


 

Carta Micheal

Micheál Martin

Teacht i láthair:

Níos paiseanta agus níos fuinniúla ná an Taoiseach. Áititheach agus ag labhairt ar luas lasrach go minic.

Coiscéim bhacaí sa Ghaeilge ar uairibh ach ba léir go raibh cleachtadh déanta aige. D’éirigh sé níos compordaí de réir mar a chuaigh an t-agallamh ar aghaidh agus ba léir gur bhain sé súp as.

8/10

Caighdeán na bhfreagraí:

Ní raibh sé sásta aon chreidiúint a thabhairt do Fhine Gael don téarnamh eacnamaíochta. An seanscéal faoin

Muirear Sóisialta Uilíoch. Ag cúlú nuair a ceistíodh cúpla babhta é faoi chomhrialtas. Cosaint láidir déanta ar a thréimhse féin mar Aire Leighis ach ní raibh sé chomh mór céanna ar shuaimhneas nuair a bhí air géilleadh go raibh árachas sláinte aige féin.

7/10

Tuiscint ar an nGaeilge agus Gaeltacht:

Léirigh sé tuiscint ar cén fáth gur éirigh an Coimisinéir Teanga as a phost, agus mhaígh sé leis gurb iad Fianna Fáil a chruthaigh an post. Gheall sé Aire Sinsearach don Ghaeilge, €18m don Straitéis Fiche Bliain agus Comhchoiste Oireachtais Gaelach (Gaeilge a bhí i gceist aige is dóigh liom). Nuair a luadh maoiniú an Údaráis thosaigh sé ag caint faoi leathanbhanda.

6/10

An chuid is fearr…

Moltaí coincréiteacha déanta ó thaobh na Gaeilge. Moltaí gur féidir a chaitheamh sa phus ag Fianna Fáil mura gcomhlíontar iad. Slais deas caite le hEnda Kenny nuair a dúirt sé gur éiligh sé díospóireacht Ghaeilge leis.

An chuid is measa…

Ag dul in abar sa phlé faoin gcóras sláinte. Deacair dó na cosa a thabhairt leis ón ábhar seo óir go raibh sé ina Aire Sláinte tráth.

Marc as tríocha: 21


 

Carta Pearce

Pearse Doherty

Teacht i láthair:

Muiníneach, cáinteach agus paiseanta. Go hiomlán ar a chompord ó thús go deireadh.

9/10

Caighdeán na bhfreagraí:

D’imigh sé go feirc sa Rialtas ó thaobh an chórais sláinte agus na géarchéime tithíochta. An seanphort céanna faoi tháillí uisce agus an cháin mhaoine. Ag maíomh as an gcáin rachmais. Ag snámh in aghaidh easa ábhairín nuair a luadh ballraíocht Gerry Adams san IRA.

7/10

Tuiscint ar an nGaeilge agus Gaeltacht:

Baineadh hap as nuair a luaigh Eimear nach raibh aon tagairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhforógra toghchánaíochta Shinn Féin. Dúirt sé go dtacaíonn an páirtí leis an Straitéis, rud a thagann salach ar ráiteas leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Athbhreithniú agus láidriú le déanamh ar an Straitéis mar aon le dátaí agus spriocanna cinnte.

€18m le cur ar fail do chur i bhfeidhm na Straitéise agus €5m don Údarás. Mhaígh sé go mbeidh tuilleadh moltaí faoin nGaeilge amach anseo, is mór an trua nach raibh cuid acu aige anocht. ‘Sí Eimear a luaigh gur fear Gaeltachta é, mheasas go ndéanfadh sé scéal mór de seo.

6/10

An chuid is fearr…

A chumas Gaeilge. Bhíothas in ann díospóireacht bhríomhar, nádúrtha a reáchtáil.

An chuid is measa…

Bhíos ag súil le i bhfad Éireann níos mó ó thaobh cheist na Gaeilge ó fhear Gaeltachta, go mór mór agus é seo ar an mbuntáiste ba mhó a bhí aige ar na hagallaithe eile.

Marc as tríocha: 22


 

Carta Aodan

Aodhán Ó Ríordáin

Teacht i láthair:

Stuama, macánta, ar a chompord agus d’éist sé go cúramach leis na ceisteanna. Chuaigh rudaí chun leadráin ar uairibh.

6/10

Caighdeán na bhfreagraí:

An cliseadh eacnamaíoch go mór chun cinn i dtosach a chuid cainte. Cosaint réasúnta maith déanta ar na geallúintí a briseadh agus nár comhlíonadh. Ag streachailt le ceisteanna leighis.

6/10

Tuiscint ar an nGaeilge agus Gaeltacht:

Mhaígh sé nach mbeadh an Ghaeilge fós mar ábhar éigeantach murach Páirtí an Lucht Oibre.  Mháigh sé gur sheas an páirtí an fód i gcoinne Fhine Gael. Ní bheadh TG4 ann ach an oiread, dar leis (ag tagairt do ról Michael D). Ag an bpointe sin cheistigh Páidí é an raibh bagairt ó Fhine Gaeil go ndúnfaí an stáisiún!

Luaigh sé cúrsa cultúrtha agus ealaíona nuair a bhí an Ghaeilge á plé. Creideann a pháirtí sa Straitéis 20 Bliain agus go bhfuil siad ag iarraidh é a chur i bhfeidhm. Cosaint phatuar déanta ar an moill le cóiriú Teach an Phiarsaigh.

5/10

Marc as tríocha: 17

An chuid is fearr…

Ceistíodh é faoi árachas sláinte a bheith aige. Dúirt sé nach raibh. Cinneadh/seasamh pearsanta ba ea é. Slais é siúd orthu siúd go bhfuil, An Taoiseach agus Mícheál Martin san áireamh.

An chuid is measa…

Ach oiread leis an gcuid eile thosaigh sé ag imeacht ar bhóiléigear agus chun leadráin nuair a bhí an córas sláinte idir chamáin.


 

Carta Eimear

Eimear Ní Chonaola agus Páidí Ó Lionáird

A gcuid obair bhaile déanta acu.

Níor leasc leo dul sa tóir air ar na hagallaithe nuair ba ghá. Uaireanta eile mheasas gur cheart na fiacla a bheith drannta a thuilleadh agus an bhróg a bheith teannta tuilleadh.

Pointeáilte agus nádúrtha cé go gcuaigh cuid de na hagallaimh chun leadráin ar uairibh.

Ba dheas mar a lean Eimear siar amach ar an Taoiseach maidir leis an tiomantas faoi Ghaeilge a bheith ag 20% d’fhosaithe an Stáit.Thuig na hagallaithe a gceisteanna ar fad gan dul i muinín leaganacha Ladybird.

Fág freagra ar 'Tá na torthaí istigh! Cén duine is fearr a chruthaigh ar ‘Vóta 2016: Na hAgallaimh’ ar TG4?'