Tá meas ar na toibreacha beannaithe i gcónaí agus muinín ag cuid mhaith daoine astu

Ní dheachaigh Lá Náisiúnta na dTobar Beannaithe thar chluasa Raidió na Gaeltachta ná ár gcolúnaí

Tá meas ar na toibreacha beannaithe i gcónaí agus muinín ag cuid mhaith daoine astu

Ba é Dé Domhnaigh seo caite Lá Náisiúnta na dTobar Beannaithe. Seo í an tríú bliain a leithéid de chomóradh a bheith ann. As caint a rinne an Pápa Proinsias a tháinig an smaoineamh. Imlitir, Laudato Si, a chuir sé amach faoi chosaint na timpeallachta. Thagair sé go háirid do thábhacht an uisce don chine daonna.

Ceart bunúsach é go mbeadh teacht ag daoine ar uisce is féidir a ól, a dúirt sé.

Áirítear go bhfuil os cionn 3,000 tobar beannaithe in Éirinn. Ní leis an gCríostaíocht amháin a bhain siad ar ndóigh. Ba mhór an urraim a bhí ag na daoine a bhí sa tír roimh theacht na Críostaíochta do na toibreacha freisin.

Áiteanna míorúilteacha a bhí acusan sa tobar, sa gcrann agus sa gcnoc.

Meabhrach go leor a thug na chéad mhisinéirí Críostaí aghaidh ar an bhfadhb sin. In áit an nós a chur faoi ráta agus beag is fiú a dhéanamh de na toibreacha ba é an chaoi ar thug siad faoi bhrat na Críostaíochta iad. Go deimhin is ag tobar a bhaistí daoine go minic ag an am.

Ba leis an Maighdean Mhuire agus leis na naoimh na toibreacha feasta.

Ní raibh an Eaglais Chaitliceach chomh ciallmhar céanna tar éis an Ghorta Mhóir. Nuair a ceapadh Paul Cullen ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath thosaigh sé ag cur cló na Róimhe ar eaglais na hÉireann ó bhun go barr. D’fhógair sé cath ar phátrúin agus ar nósanna eile a bhí ag na Gaeil leis na cianta.

Iad a ruaigeadh isteach sna séipéil an dúnghaois a bhí aige.

Ach oiread le chuile shórt eile sa saol, bhí bunús aicmeach leis an bhfeachtas seo freisin. Faoin am sin bhí na feilméaraí tréana ag teacht chun cinn go láidir. Ba iad a gclann siúd ba mhinice a théadh sna sagairt. Dream coimeádach a bhí iontu ar bheag é a meas ar eaglais na spailpíní.

Ach dá dhéine dár chuir siad an teagasc nua chun cinn níor éirigh leo. Tá meas ar na toibreacha beannaithe i gcónaí agus muinín ag cuid mhaith daoine astu.

Ní dheachaigh Lá Náisiúnta na dTobar Beannaithe thar chluasa Raidió na Gaeltachta. Thug Treasa Bhreathnach as Iris Aniar faoi deara san iris An Timire go mbeadh a leithéid de lá ann. Shocraigh sí cuairt a thabhairt ar Thobar Muire i Roisín na Mainiach i bParóiste Charna agus d’iarr sí ormsa beagán eolais a thabhairt di faoin tobar sin.

Tríocha bliain ó shin thug an scríbhneoir cumasach Tim Robinson cuairt ar Thobar Muire. Casadh Maidhcil an tSeaimpín Mac Donnchadha air. Ba é míniú Mhaidhcil ar an tobar gur buachaillí óga a bhí ag imirt le liathróid a bhí déanta as fionnadh capaill. Leag an liathróid gasúr a bhí dall. Tharraing sé toimín féir as ag talamh agus é ag éirí. Bhrúcht tobar aníos as an áit a raibh an toimín féir.

Nócha bliain ó shin bhailigh Seán Mac Giollarnáth béaloideas ón seanchaí iontach as Roisín na Mainiach, Micilín Pháidín Mac Donnchadha. Bhí scéilín deas aigeasean faoin tobar:

“Deirtear go raibh teach in aice leis fadó agus go raibh go leor gasúr ann,” a dúirt sé. “

Buaileadh tinn na gasúir le drochghalar agus ceapadh nach raibh leigheas lena n-aghaidh. Lá amháin bhí an mháthair amuigh sa ngarraí ag gol go géar mar cheap sí gur gearr go mbeadh a clann san uaigh. D’fhéach sí thart agus chonaic sí bean uasal álainn i ngar di. D’fhiafraigh an bhean uasal di tuige a raibh sí ag caoineadh agus d’fhreagair sí go raibh a gasúir ag fáil bháis. “Ó ná bac le bheith ag gol,” a deir an bhean eile, “ach éirigh go moch maidin amárach agus gabh chuig an tobar seo in aice leat, beir leat canna agus tóg isteach lán canna den bhainne a bheas sa tobar romhat. Óladh na gasúir é,” Ansin d’imigh an strainséir.

“Maidin lá arna mhárach rinne an mháthair mar a dúradh léi agus chomh luath agus a bhí an bainne ólta ag na gasúir bhí siad chomh breá sláintiúil is bhíodar ariamh.

Ba é tuairim na gcomharsan gurbh í an bhean uasal an Mhaighdean Mhuire agus go dtí an lá atá inniu ann téann daoine ar thuras speisialta go dtí an tobar sin chuile bhliain.”

Má fhágtar cúrsaí eaglasta as an áireamh ar fad tá mistéir ag baint leis an gcaoi ar múnlaíodh an tobar ó thús. Poll sa gcloch eibhir troigh ar leithead agus beagnach dhá throigh ar domhain atá ann. Shílfeá gur le comhbhrúiteoir a gearradh as an gcloch é ach amháin nach bhfágfadh comhbhrúitear ar bith chomh mín ná chomh rialta é.

Dá mba thíos ar an gcladach a bheadh sé déarfá leat féin gurbh é oibriú na farraige a ghearr amach é. B’fhéidir go deimhin gur mar sin a tharla mar go raibh go leor de na háiteacha seo faoin bhfarraige na mílte bliain ó shin.

Ansin aríst b’fhéidir gur in abhainn faoin leac oighir a múnlaíodh é nuair a bhí Éire ar fad faoi leac oighir.

Ceist í sin a bhaineann caint as na heolaithe i gcónaí.

Fág freagra ar 'Tá meas ar na toibreacha beannaithe i gcónaí agus muinín ag cuid mhaith daoine astu'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar Sheosamh Ó Cuaig:
    Pádraig Ua Maoileoin, trócaire air, deireadh sé nár cheart scéal maith a mhilleadh le loighic. Abairt eile a deireadh sé ó uair go chéile le teann magaidh: ‘Ná bíse do mo dhalladhsa leis na heolaistí; tá m’aignese déanta suas.
    Pól Cairdinéal Ó Cuiliúin, ní raibh sé chomh dian ar shean–nósanna creidimh na gnáthmhuintire agus a mhaíonn Seosamh. Foráil de chuid Shionad Chaisil sa bhliain 1850 ba ea gur sa séipéal ba cheart faoistiní a éisteacht. Bhíodh an éisteacht nó na stáisiúin tráth i dtithe príobháideacha i gCúige Bhaile Átha Cliath féin den Eaglais Chaitliceach. Thuig an Cuiliúnach dá ndéanfaí deabhadh leis an bhfaoistin a aistriú isteach sa séipéal, go mb’fhéidir gur lú a bheadh ag faoistine [Patrick Corish, The Irish Catholic Experience (1985) lgh 211–212].
    Ní mar a chéile agus sagairt go leor, ní raibh aon locht ag an gCuiliúnach ar chrosa a bheannú sna páirceanna mar sciath chosanta ar an bplá ar bheithígh [Desmond Bowen, Paul Cardinal Cullen and the Shaping of Modern Catholicism (1983) lch 288.
    Agus mise i mo mhac léinn beagnach 50 bliain ó shin, ba mhinic a tháinig mé féin, agus cairde dom, dár gcuid rothar, i mBaile Éamainn in aice le Baile Baodáin, chun turas a thabhairt ar Thobar Cholm Cille san áit sin, agus deoch d’uisce an tobair sin a ól. Meitheamh 9 atá Lá Patrúin Cholm Cille. Is i gcearlár Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath atá Baile Éamainn ar ndóigh.
    Deir Bowen go raibh meas ar an gCuiliúnach mar Ard–Easpag, ach nach raibh cion ag na tuataí air. Chuaigh sé i gcoinne na haicme ar díobh é féin, ‘na grabálaithe talún ba mhó i gCúige Laighean’, mar a thug John Devoy orthu, Poblachtach agus pleidhce. Ultramontánach ba ea an Cuiliúnach, agus Gallachánaigh ba ea a lán de na tuataí ba ghustalaí lena linn. Ag lúitéis ar Shasanaigh, ar Phrotastúnaigh, agus ar Mháisiúin, a bhíodh na tuataí gustalacha. Chuir an Cuiliúnach i gcoinne na bhFíníní agus i gcoinne na Máisiún, mar go bhfaca sé lena dhá shúil féin an toradh a bhí ar obair na Máisiun ar an Mór–Roinn. Máisiún a bhí i gceannas Chlann na nGael i Meiriceá tráth, William Carroll, agus bhí Máisiún tráth ina Rúnaí ar Bhráithreachas na Poblachta, John O’Connor [Owen McGee, The IRB (2005) lch 52, lch 55]. Sin ceann de na cúiseanna a raibh sé chomh furasta sin ag Caisleán Bhaile Átha Cliath a fháil amach cad a bhí á bheartú ag na Poblachtaigh.
    Go dtí le mo linn féin bhíodh sé an–deacair ar Chaitlicigh dul chun cinn sna bainc ná i saol an ghnó i mBaile Átha Cliath. Mar a dúirt Seosamh Mac Grianna: ‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ach ní searbh atá sí ach garbh, agus sin an fáth a seachantar í.’

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is é an trua nach ndearnadh Ardeaspag de Shéamas féin blianta ó shin. Tá dhá cheist agam air:
    (a) Cén fáth ar thug sé “Poblachtach agus pleidhce “ar John Devoy?
    (b) Cén toradh a bhí ar obair na Máisiún ar an Mór-Roinn?

  • Séamas de Barra

    Freagraí ar an nóta ag Seosamh:

    Táim buíoch de Sheosamh as a thabhairt le fios go ndéanfainnse Ard–Easpag maith. Níor theastaigh riamh uaim a bheith i m’Ard–Easpag, ach nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois, thug pluiméir turas ar an teach inar tógadh i mBaile Átha Cliath mé. Nuair a bhí an jab déanta aige, d’fhiafraigh an pluiméir díomsa an raibh aon seans gur mhaith liom féin a bheith i mo phluiméir nuair a bheinn mór. ‘Níl,’ arsa mise, ‘déanfaidh mise Easpag.’ Níor tháinig sé sin sa saol go dtí seo, ach cá bhfios, má dhéanann Seosamh stocaireacht ar mo shon, b’fhéidir go n–éireodh liom, ach chaithfí mé a oirniú i mo shagart i dtosach.

    Freagra ar cheist (a): d’éirigh de Valera agus Cathal Brugha as Bráithreachas na Poblachta tar éis Éirí Amach 1916, ach d’fhan Micheál Ó Coileáin ann, agus ceapadh ina Uachtarán ar Ard–Chomhairle an Bhráithreachais é. Tuigeadh don Choileánach agus do Devoy, fear Chlann na nGael, gurb acu féin a bhí an fíorúdarás i bPoblacht 1916, cé gur le de Valera a thacaigh an Coileánach go poiblí san aighneas a bhí ag de Valera le Devoy agus leis an nGiúistís Cohalan. Ainneoin gur chaith Devoy agus Cohalan amhras ar dhílseacht de Valera do Phoblacht 1916, ba leis an gCoileánach a thacaigh Devoy agus Cohalan maidir leis an gConradh Angla–Éireannach de. Chreid Devoy agus an Coileánach go láidir sa lámh láidir. Tá ag dul díomsa a thuiscint cad chuige ar ghlac an Coileánach leis an gConradh, má bhí sé chomh tugtha sin don fhoréigean, mar a bhí Devoy. Deir Owen McGee go ndearna Devoy áibhéil de thacaíocht na bhFíníní leis an nGaeilge, agus dá thacaíocht féin léi, agus go ndearna sé áibhéil chomh maith den dóchúlacht a bhí ann go n–éireodh leis na Fíníní dá n–éireoidís amach i gcoinne Shasana i mblianta 1860 [Owen McGee, The IRB (2005) lgh 369–370]. Poblachtach agus pleidhce ba ea Devoy, ainneoin gach a ndeir Máirtín Ó Cadhain ina thaobh ins An Aisling.

    Freagra ar cheist (b): Tháinig an tuar faoin tairngreacht ag na Pápaí i dtaobh na Máisiún san Iodáil sa 19ú céad. D’éirigh leo an bonn a bhaint ó iarsmaí na sibhialtachta Críostaí sa tír sin. Bhí cúrsaí an–suaite ar fad san Iodáil sa 19ú céad agus i dtosach an 20ú céad go háirithe. Is cogadh éagórach ba ea an Chéad Chogadh Domhanda. Is é meon Pheter Hitchens de gur chuir an Chéad Chogadh Domhanda deireadh leis an tsibhialtacht sin. Trotscaíoch ba ea Peter agus é ina fhear óg, mar ab ea a dheartháir, Christopher, an Nua–Aindiachaí. D’iompaigh Peter ar ais ina Anglacánach. D’fhan Christopher ina Nua–Aindiachaí, agus thacaigh sé go láidir le hionsaí Mheiriceá, na Breataine, agus tíortha eile, ar an Iaráic. I gcoinne an ionsaithe sin a bhí Peter. Ar ndóigh, tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda ghabh an Iodáil leis an bhFaisisteachas, agus ina dhiaidh sin leis an Naitseachas.
    An staraí ó Mheiriceá, Stanley G. Payne, áitíonn sé gurbh fhíochmhaire an naimhdeas leis an gCríostaíocht sa Spáinn i mblianta 1930, ná i Meicsiceo i mblianta 1920 agus 1930; b’fhíochmhaire go deimhin é ná naimdheas na gCumannaithe sa Rúis le hEaglais Cheartchreidmheach na Rúise, aimsir an Aontais Shóivéadaigh. Is mionlach ba ea na Máisiúin i bParlaimint na Spáinne, sna Cortes i rith bhlianta 1930, ach bhí cumhacht acu nach raibh ag teacht lena líon. Bhí na Máisiúin ag troid eatarthu féin sa Spáinn, ach níorbh iad an dream ba mhó fuath don Chreideamh Caitliceach sna Cortes iad. Nuair ba léir gur ag Franco a bheadh an bua, gach uile chonlán ar Fhronta an Phobail ach na Stailínigh, chuir siad le chéile i gcoinne na Stailíneach, agus ghéill na conláin úd gan choinníoll do Franco. Ceannaire na gconlán, an Ginearál Segismundo Casado López, ba Mháisiún é. Na hAinrialaithe féin, ba le Casado López a thacaigh siad, mar go raibh an ghráin dhearg ag na hAinrialaithe ar na Stailínigh. Sin iad na rudaí; sin é an chaoi a bhfuil sé.