Tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana

Ceapann daoine in Éirinn gur sochaí an-choimeádach agus reiligiúnda atá san Iaráin, ach ní hea ar chor ar bith ag leibhéal an ghnáthphobail, dar lenár gcolúnaí

Tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana

Tamall de bhlianta ó shin iarradh orm fhéin agus ar mo bhean céile teacht i gcabhair ar bhean óg as an Iaráin a bhí ag teacht go hÉirinn chun taighde dochtúireachta a dhéanamh, agus nach raibh ábalta áit chónaithe a aimsiú roimh theacht di mar gheall ar an ngéarchéim thithíochta anseo. Thoiligh muid lóistín a sholáthar di ar bhonn gearrthéarmach go dtí go bhféadfadh sí socrú buan a dhéanamh.

Ní raibh eolas ar bith againn fúithi seachas gurbh as an Iaráin di agus ní raibh tuairim dá laghad againn cad leis ba chóir dúinn a bheith ag súil. An mbeadh hijab á chaitheamh aici? An bhféadfainn lámh a chroitheadh léi? Conas mar a bheadh sé a bheith ag cónaí le bean ó shochaí choimeádach Mhoslamach?

Bhuel ní mar a shíltear a bhítear. Nuair a shiúil Zara isteach an doras chugainn bhí sí gléasta ar nós bean óg ar bith ón iarthar, gan a cloigeann clúdaithe agus sea, do chroith sí lámh liom. Shocraigh sí isteach linn go tapaidh agus d’fhás cairdeas eadrainn agus tar éis tamaill shocraíomar go bhféadfadh sí fanacht linn chomh fada agus ba mhian léi.

Fuaireamar amach go raibh sí pósta ach bhí a fear céile Ali tar éis obair a fháil in ollscoil i dtír eile san Eoraip, agus bhí siad ag iarraidh cur leis an seans go bhfaigheadh duine acu cead fanacht in dtír éigin san Iarthar. Nuair a théimis ar saoire thagadh Ali chun fanacht le Zara inár dtigh ionas go bhféadfadh siad cónaí mar lánúin phósta ar feadh seal beag ar a laghad. Bhí a gcairde ar fad tar éis an Iaráin a thréigean mar nach raibh todhchaí ar bith ann dóibh.

Is féidir liom a rá go hionraic nach raibh difríocht chultúrtha shuntasach ar bith eadrainn sna blianta a chaith Zara ina cónaí linn. Go deimhin is mó go mór na cosúlachtaí cultúrtha a d’aimsíomar eadrainn. Ar shlite áirithe tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana nó le roinnt dár gcomhEorpaigh. Tá muid i bhfad níos cosúla leis na hIaránaigh sa dearcadh atá againn ar shochraidí agus ar an mbás ná mar atá muid leis na Sasanaigh mar shampla. Agus is maith lenár bpáistí roinnt de mhiasanna blasta na hIaráine anois!

Uaireanta ceapann daoine in Éirinn gur sochaí an-choimeádach agus reiligiúnda atá san Iaráin, ach ní hea ar chor ar bith ag leibhéal an ghnáthphobail. Go deimhin tá an Iaráin ar cheann de na tíortha is liobrálaí agus is saolta sa mheánoirthear ó thaobh meon an phobail de. Is fondúireacht neamhspleách neamhbhrabúsach í GAMAAN atá lonnaithe san Ísiltír agus a dhéanann taighde ar dhearcadh mhuintir na hIaráine ar cheisteanna sóisialta agus polaitiúla. Léirigh suirbhé a rinne siad ar Iaránaigh in 2020 gur dhiúltaigh 70% díobh don hijab éigeantach agus chonacthas seo san tacaíocht fhorleathan a tugadh do na hagóidí ‘Bean, Beatha, Saoirse’ in 2022. Cé gur Moslamaigh iad 99.5% den daonra de réir an daonáirimh oifigiúil stáit, níor shainaithin ach 40% acu siúd a ghlac páirt i suirbhé rúnda GAMAAN iad fhéin mar Mhoslamaigh. Dúirt 90% acu gur tógadh iad le creideamh ach dúirt 47% acu go raibh a gcreideamh caillte acu. Dúirt aon trian acu go n-ólann siad alcól ó am go ham cé go bhfuil seo i gcoinne an dlí san Iaráin.

Cén fáth go bhfuil an pobal san Iaráin níos oscailte agus níos liobrálaí ná i dtíortha eile sa réigiún? Tá an Iaráin ar cheann de na tíortha is óige sa réigiún ó thaobh daonra de, agus tá daonra mór uirbeach aici a mbíonn rochtain acu de ghnáth ar an idirlíon agus ar mheáin idirnáisiúnta cé go ndéanann an rialtas iarrachtaí neamhéifeachtacha srian a chur air sin. Tá ardleibhéal oideachais i measc an phobail i gcoitinne; léiríonn suirbhéanna gurb iad na céimithe ollscoile an grúpa is mó a dhiúltaíonn don chóras reatha agus a thacaíonn le hathrú daonlathach.

Tar éis na nglún faoi réimeas coimeádach, tá éadóchas forleathan i measc daoine óga faoin status quo, rud a spreagann tuilleadh oscailteachta i leith athraithe. Cuireann Iaránaigh óga an locht go príomha ar a rialtas fhéin mar gheall ar fhadhbanna eacnamaíochta na tíre. Sea, dar ndóigh tuigeann siad go maith go bhfuil smachtbhannaí gearrtha ag an iarthar ar an Iaráin, ach feictear dóibh nach bhfuil na smachtbhannaí sin gearrtha ar thíortha eile sa réigiún. B’fhearr leo go gcaithfí acmhainní na tíre ar fhadhbanna inmheánacha na tíre a réiteach seachas ar fhórsaí móra míleata agus ar thacaíocht do ghrúpaí armtha ar fud an réigiúin.

Feictear dóibh freisin go bhfuil mírialú, mí-éifeacht, fimíneacht agus caimiléireacht go leor ag baint leis an gcóras stáit ansin agus gur ag tochas ar a gceirtlín fhéin a bhíonn go leor acu siúd atá ag obair don réimeas. Tá an fuath don réimeas chomh láidir sin go bhfuil sciar acu fiú ag fáiltiú roimh ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an tír, ach níl aon taighde cainníochtúil déanta faoi sin go fóill dar ndóigh, agus ní mar sin a mhothaíonn Zara agus Ali.

D’éirigh le Zara agus Ali fostaíocht agus cead fanachta a fháil le chéile i dtír Eorpach eile agus tá saol maith cruthaithe acu dóibh fhéin ansin anois. Tá siad ar nós Uncail agus Aintín ag ár bpáistí. Beimid ag dul ar cuairt chucu go luath. D’fhiafraíomar díobh ar chóir dúinn an chuairt a chur ar ceal i bhfianaise an strus agus an imní atá orthu faoi láthair faoina muintir san Iaráin. Ach dúirt siad go bhfuil siad ag tnúth le muid a fheiceáil agus go dtarraingeoidh an chuairt a n-aird ón imní atá orthu.

Dála an scéil ní Zara agus Ali a bhfíor-ainmneacha. Is dócha go bhfuil tosaíochtaí eile ag ambasáid na hIaráine faoi láthair seachas a bheith ag coimeád súil ar Tuairisc, ach b’fhearr gan dul sa seans.

Fág freagra ar 'Tá Iaránaigh agus Éireannaigh níos cosúla lena chéile ná mar atá Éireannaigh le muintir Shasana'

  • Ciarán Ó hAgaín

    Chaith mé seal sa tír agus aontaím … “níl difríocht chultúrtha shuntasach ar bith eadrainn” srl. Teanga Ind-Eorpach is ea an Pheirsis agus ní tír Arabach í An Iaráin.
    Agus sea … BHÍ “an fuath don réimeas chomh láidir sin go bhfuil sciar acu fiú ag fáiltiú roimh ionsaithe Mheiriceá agus Iosrael ar an tír”… ag fáiltiú ar dtús ach athsmaoineamh anois. Ar an 7/8 Márta 2026, bhuail Iosrael na scaglanna ola ar fud Tehran. Chuaigh na tinte ó smacht agus thit báisteach dhubh agus nimhiúil. Rinne an truailliú an t-aer do-análaithe ar fud na cathrach, pionós comhchoiteann mar a tharla sa Liobáin agus Gaza. Éadairbheach !

  • Roibeard Ó hEartáin

    Ana-shuimiúl ar fad Fachna. Agus mé ar bheagán eolais fén Iaráin, rith sé liom ó thuairiscí nuacht éagsúla go rabhadar chun cinn ar thíortha eile an réigiúin san.