Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’

Éiríonn le 'Derry Girls' truamhéala agus gruaim na tréimhse a chniotáil le baois agus soineantacht na hóige

Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’

Um an dtaca seo anuraidh bhí cad é bús ann faoin tsraith theilifíse ghrinn Derry Girls. Agus an bhreis ina n-aghaidh d’éirigh le diabhlaíocht agus alfraitsíocht chailíní Dhoire lucht leanta idirnáisiúnta a bhailiú timpeall orthu. Go deimhin le déanaí nochtadh múrphictiúr de chliar na sraithe ar fhalla i gcathair na múrphictiúr. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go mbeadh an dara séasúr chugainn agus bliain níos déanaí tá sé fé lán seoil agus an dara gála de shraith a dó ar Channel 4 Dé Máirt.

Tá an tsraith lonnaithe sna nóchaidí luatha agus dá bharr tá na Trioblóidí mar chúlra, agus go minic, mar théama sa chlár. Nuair a chuireann tú é seo sa mheá tá an-ghaisce déanta ag Lisa McGee agus a comhghuaillithe.  Tá éirithe leo saothar atá greannmhar, éadromchroíoch ach a bhfuil téagar ann a sholáthar dúinn. Bhí Doire agus Domhnach na Fola sa nuacht an tseachtain seo caite agus meabhraíodh dúinn arís cé chomh brúidiúil is a bhí na Trioblóidí agus go bhfuil stair thragóideach faoi leith ag cathair an chláir.

Tá daoine d’aois áirithe an-mhaoithneach faoi na hochtóidí agus na nóchaidí agus an-chaitheamh i ndiaidh na tréimhse acu dá réir; an léirmheastóir meánaosta seo ina measc. Baineann an clár seo súp as na turais siar bóithrín na smaointe agus gach clár lán go gad de thagairtí do nósanna, cultúr coiteann agus dearcthaí na linne. É sin ar fad gan trácht ar an bhfuaimrian; san eagrán is déanaí  bhí ‘Search for the Hero’ (M People), ‘The Key, The Secret’ (Urban Cookie Collective) agus’ Rhythm of the Night’ (Corona) againn leis na cosa a chur ag luascadh agus na cuimhní cinn a bhíogadh.

Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint leis an saothar seo, áfach. Éiríonn leis truamhéala agus gruaim na tréimhse a chniotáil le baois agus soineantacht na hóige. Cinnte téann rudaí chun áiféise ar uairibh ach tá gach clár lán le carúil chaolchúiseacha agus leibhéal deisbhéalach. San eagrán is déanaí deineadh trácht go seanbhlastúil ar Gabriel Byrne mar an feirmeoir úd ón sobalchlár Glenroe, bhí cad é caint faoi Keyser Soze agus bhí uafás ar Mhary nuair a dhéantar ruathar ar chófra na Nollag.

Tá carachtair chaithiseacha, sheoigh cruthaithe ag McGee, an bhuíon déagóirí go háirithe. Is í Erin (Saoirse-Monica Jackson) an ceann feadhna, duine le Dia í Orla (Louisa Harland), tá Clare (Nicola Coughlan) lán le huafás, tá Michelle (Jamie-Lee O’Donnell) fiáin, tiarnúil agus is é James bocht (Dylan Llewellyn) atá thíos le cuid mhaith den leibhéal agus de na carúil. Lena gcois siúd ar fad tá teaghlach Quinn agus carachtair thánaisteacha cosúil leis an tSiúr Michael atá lán le soiniciúlacht is searbhas. An dúshlán atá roimh an tsraith anois (agus an tríú séasúr ar na bioráin) ná an áiféis a sheachaint agus cúram a dhéanamh de na carachtair dhaonna, sheoigh.

Fág freagra ar 'Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’'