‘Tá grá agam don bhia agus don Ghaeilge’ – caifé nua á oscailt i nGaeltacht Chonamara

Deir Diarmuid Ó Mathúna, cócaire aitheanta, go mbeidh scoth an bhia agus neart Gaeilge ar fáil ina chaifé POTA atá lonnaithe i bhfoirgneamh Tigh Johnny Sheáin i mBaile na hAbhann

‘Tá grá agam don bhia agus don Ghaeilge’ – caifé nua á oscailt i nGaeltacht Chonamara

Diarmaid Ó Mathúna lasmuigh de Pota. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá caifé nua le hoscailt inniu i nGaeltacht Chonamara ag Diarmaid Ó Mathúna, cócaire aitheanta as Corcaigh.

Bia “séasúrach, orgánach agus áitiúil” a bheas ar fáil sa chaifé nua POTA, atá lonnaithe i bhfoirgneamh Tigh Johnny Sheáin i mBaile na hAbhann i gConamara.

“Grá don bhia agus don Ghaeilge”, a spreag Ó Mathúna, chun a phost oifige i mBaile Átha Cliath a fhágáil agus caifé a bhunú i gcroílár na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Mathúna, a bhíonn le feiceáil i mbun ceachtanna cócaireachta ar Cúla4 ar Scoil, go mbeidh scoth an bhia agus neart Gaeilge ar fáil ina chaifé nua.

“Cheap mé i gcónaí gur bealach iontach é an bia le daoine a thabhairt le chéile, is cuma cén teanga, ach is é an aidhm atá agam leis an gcaifé go mbeidh cainteoirí Gaeilge ag teacht le chéile agus scoth an bhia ar fáil dóibh.”

‘Pobal’, ‘inmharthanacht’ agus ‘ardchaighdeán bia’ na príomhluachanna atá leagtha síos ag Ó Mathúna dá chaifé nua, a bheas ag obair as lámh a chéile leis an margadh ar líne Neighbourhood Food a bhíonn aige ar an Tulaigh.

Deir Ó Mathúna, arb as Cnocán na Biolraí i dtuaisceart Chorcaí dó, gur anois an t-am leis an chaifé a oscailt ó tharla aithne curtha aige ar tháirgeoirí áitiúla fríd an mhargadh ar líne.

“Ba iontach an rud é an margadh ar líne domsa chun aithne a chur ar tháirgeoirí áitiúla ar nós An Garraí Glas, a fhásann glasraí ar an gcaighdeán is fearr sa tír agus leithéidí McGeogh’s, búistéir iontach in Uachtar Ard a dhéanann a chuid putóg féin.

“Is é an sprioc atá agam go bhfaigheadh an oiread agus is mó táirgeoirí áitiúla buntáiste as an gcaifé agus go mbeadh airgead á chur ar ais isteach i bpócaí táirgeoirí agus feirmeoirí áitiúla,” a dúirt sé.

Tá sé i gceist aige chomh maith go mbeadh POTA “ag obair chomh gar do zero waste agus is féidir” agus go mbeadh formhór an fhuinnimh ag teacht ó fhoinsí inmharthana.

“Ó thaobh an bhia de, is fearr i bhfad don eacnamaíocht áitiúil agus don timpeallacht go mbeadh mo chuid sailéad ag teacht as cúig chéad slat soir an bóthar ón nGarraí Glas, go mbeadh an cháis ghabhair ag teacht ó Cháis Gabhair Árann agus nach mbeadh úlla as an tSile nó muiceoil as Peiriú ar an mbiachlár.”

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Caifé a bheas ar oscailt don phobal “i gcaitheamh na bliana” an sprioc mhór atá ag Ó Mathúna.

“Beidh turasóirí i gcónaí mar chuid den earnáil seo ach i ndáiríre ba mhaith liom dóthain airgid a dhéanamh le gur féidir liom a bheith anseo don phobal don bhliain ar fad.

“Tá muid ag iarraidh spás a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, muintir Chois Fharraige agus tá muid cheana féin i mbun teagmhála leis na grúpaí pobail sa cheantar maidir le himeachtaí a reáchtáil agus grúpaí tuismitheoirí a thabhairt le chéile sa chaifé cheana féin,” a dúirt sé.

Cuireadh síol POTA roinnt blianta ó shin, nuair a d’éirigh Ó Mathúna as a phost leis an eagraíocht Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath chun preab-caifé Gaeilge á bhunú i bhfoirgneamh Gael Taca i lár chathair Chorcaí.

Fiontar rathúil a bhí ann ar tháinig deireadh nádúrtha leis toisc turas go Meiriceá Láir a bheith beartaithe ag Ó Mathúna. Tá cur síos iontach ar an bhia a d’ith sé agus a chonaic sé ar an turas sin ar a bhlag www.mofoodblog.com.

Nuair a d’fhill sé, chinn Ó Mathúna oiliúint a fháil mar chócaire i scoil chócaireachta Ballymaloe i gCorcaigh. Tá sealanna caite aige ó shin ag obair mar chócaire i mbialann West in óstán The Twelve i mBearna, sa House Café in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí agus i mbialann a mhuintire, O’Mahony’s of Watergrasshill i gCorcaigh, a bhain áit amach ar liosta ‘An céad bialann is fearr in Éirinn’ sa nuachtán The Sunday Times anuraidh.

Ag tús na bliana, 2020, sula raibh mórán cainte faoin choróinvíreas bhí Ó Mathúna “ar thóir an áit ab oiriúnaí idir Bearna agus Carna” dá chaifé Gaeilge nua.

“Theastaigh uaim bogadh chun na Gaeltachta. Chaith mé dhá bhliain ar an gCeathrú Rua nuair a bhí mé ag tabhairt faoin gcéim agus thaitin na daoine agus an ceantar go mór liom.”

Tharla go raibh cead pleanála faighte ag an chomhlacht léiriúcháin Fíbín le caifé a oscailt ina bhfoirgneamh i mBaile na hAbhann agus d’éirigh le Ó Mathúna an conradh sin a fháil.

“Idir an spás don chaifé agus an obair theilifíse a chuir Fíbín ar fáil dom, tá mé an-bhuíoch astu ar fad.

“Bhí an t-ádh liom le bliain anuas na físeáin a dhéanamh le haghaidh Cúla4 ar Scoil agus ba dheas agus ba spéisiúil an cineál oibre é a bheith ag forbairt oideas le haghaidh páistí. Caithfear an béile a chócaireacht gan scian ghéar mar shampla mar sin, is dúshlán faoi leith atá ann!” a deir sé.

Maidir le POTA, is é an dúshlán is mó atá roimhe ná foireann a bhfuil Gaeilge acu a earcú le dul ag obair sa chistin.

“CV amháin a fuair mé ó dhuine le taithí cócaireachta agus tharraing an té sin a iarratas siar. Tá géarchéim san earnáil ó thaobh cócairí de. Cúig bliana ó shin, bhí ganntanas deich míle cócaire sa tír agus tá sé imithe in olcas leis an bpaindéim.

“Caithfidh Gaeilge a bheith ag an bhfoireann ar fad anseo agus má tá muid ag caint faoi chócairí le Gaeilge, táthar fíor-fíorghann,” a dúirt sé.

Is é Ó Mathúna féin a bheas i mbun cócaireachta i dtús ama agus súil aige amach anseo oiliúint a chur ar bhaill den fhoireann ar spéis leo obair sa chistin.

Beidh POTA ag oscailt den chéad uair inniu ag 11am.

Is óna 11am-4pm, Déardaoin go Domhnach, na huaireanta oscailte a bheidh ag POTA i rith an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘Tá grá agam don bhia agus don Ghaeilge’ – caifé nua á oscailt i nGaeltacht Chonamara'

  • Bairbre Ní Ógáin

    Go n-éirí go geal leat – ag súil le cuairt a thabhairt ar POTA roimh dheireadh an tsamhraidh!

  • Bríd Rogha Bhríde Ní Mhaoileoin

    Tá seo ar fheabhas ar fad! Tá mé ag tnúth go mór le seasamh isteach sa PhOTA ar mo bhealach chun na Ceathrún Ruaidh. Tá mé ag tnúth fósta le “táirgí iontacha a fháil gach seachtain gan stró agus fios [agam] go raibh go leor airgid á chur ar ais isteach i bpócaí na dtáirgeoirí beaga áitiúla ag an am céanna.” (“Seirbhís nua le seoladh […]”, Tuairisc Lúnasa 18 2020 ag 12:55 pm) nuair a chuirim isteach ordú ó “NeighbourFood”.
    Córas iontach atá ins an mhargadh feirme úr seo de réir dealraimh, agus cuireann sé aoibhneas ar mo chroí gur ag cur leis an obair iontach atá á dhéanamh ag Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha sna Creagáin le blianta beaga anuas a bheas an margadh úr seo, agus ag tacú leis. Chuirfeadh sé níos mó aoibhnis ar mo chroí dá ma rud é gur ainm deas dúchasach a bhí ar an togra siopadóireachta iontach seo.
    Tuigim 100% gur gnólacht saincheadúnais nó a leithid atá i gceist atá ar fud na tíre, ach mar sin féin bheadh deis ann tá mé cinnte achan nduine a shásamh, nó ar a laghad cuid acu a shásamh tré omós agus ceart oidhreachta a thabhairt do mhuintir na haite.
    Mar a dúirt Fr. Dougal “níl mion-mhacnaimh déanta agam ar seo anois. Tosnóidh mé ag caint go díreach agus chifidh muid caidé a thig amach as mo bhéal”. (aistriúchán s’agamsa). Thiocfaí “Pota Beag NeighbourFood” a thabhairt air, nó “Pota Dhiarmuid”, à la “Pota Phádraig” tá’s?
    Ar aon nós seasóidh mé isteach gan dabht chuig POTA ar mo bhealach chun na Ceathrún Ruaidh ar an mhí seo chugainn le cúnadh Dé agus cuirfidh mé isteach ordú chuig NeighbourFood le tógáil agus le tabhairt ‘na bhaile go Gaillimh liom. “80c as gach €1 a chaitear ar an suíomh don táirgeoir féin” an ea? Bulaí fir a Dhairmuid!
    Gach seans go gcasfaidh mé ar mo sheanchairde agus mé sa PhOTA, ina measc mo chomhgleachaithe (2011) ón chomhlacht iontach drámaíochta sin Fíbín, agus mo chara mór Danny Wallace tá súil agam. Tá sé uilig ar siúl Tigh Johnny Sheáin i mBaile na hAbhann!
    By dad “I’m in”, agus dhéanfaidh mé fiú amháin rince an dragain mar bharr ar sin.
    Beir bua & beannacht,
    Bríd Ní Mhaoileoin
    ón chlár raidió Gaeilge “Rogha Bhríd/e” – Ceol Domhanda & eile.

  • Muiris Ó Fiannachta

    Gach rath ort, a Dhiarmaid! Ag tnúth le bualadh isteach am éigin!