Seirbhís nua le seoladh le táirgí margadh feirme a dhíol i nGaeltacht Chonamara

An cócaire Diarmuid Ó Mathúna a bheidh i mbun na seirbhíse nua a chuirfidh beatha fholláin ar fáil don phobal agus deis ag táirgeoirí luach saothair níos fearr a fháil

Seirbhís nua le seoladh le táirgí margadh feirme a dhíol i nGaeltacht Chonamara

Cuirfear tús le margadh feirme nua ar líne i gConamara an tseachtain seo. NeighbourFood an t-ainm atá ar an mbealach nuálaíoch seo le siopadóireacht na seachtaine a dhéanamh, agus cruthaíonn sé nasc idir táirgeoirí áitiúla agus pobal an cheantair. Reáchtálfar an margadh seo gach seachtain ar an Tulaigh i mBaile na hAbhann, béal dorais le TG4.

“Is bealach thar a bheith éasca é NeighbourFood le scoth an bhia a fháil agus tacú le gnóthaí beaga thart timpeall ort féin,” a deir an cócaire Diarmuid Ó Mathúna, a bheidh ag reáchtáil an mhargaidh.

“Gach seachtain beidh deis ag daoine atá ina mbaill den mhargadh ordú a chur isteach ar neighbourfood.ie agus ansin beidh siad in ann ciseán lán rudaí áille blasta áitiúla a bhailiú gach Céadaoin.”

I measc an réimse leathan táirgí a bheidh le fáil ó NeighbourFood na Tulaí beidh glasraí agus sailéid ón nGarraí Glas, feoil ó bhúistéirí McGeough, arán de chuid Sullivan’s Country Grocer agus fíon ón Wine Buff.

Tá breis agus 50 margadh de chuid NeighbourFood lonnaithe ar fud na tíre anois agus d’oibrigh Diarmuid Ó Mathúna ag ceann de na chéad chinn a bunaíodh.

“Chonaiceamar go raibh tóir ar an tseirbhís ón tús. Thaitin sé go mór le daoine a bheith in ann táirgí iontacha a fháil gach seachtain gan stró agus fios acu go raibh go leor airgid á chur ar ais isteach i bpócaí na dtáirgeoirí beaga áitiúla ag an am céanna.”

Tugann NeighbourFood 80c as gach €1 a chaitear ar an suíomh don táirgeoir féin, cé go bhfaigheann siad níos lú ná 50c go minic ó na hollmhargaí móra. De bharr go bhfaigheann na táirgeoirí na horduithe lá nó dhó roimh lá an bhailithe, ní gá dóibh iomarca a chur ar fáil ach oiread, rud a mhaolaíonn an cur amú bia.

Tá béim faoi leith ar tháirgeoirí orgánacha agus séasúracha agus déantar gach iarracht gearradh siar freisin ar an bpacáistiú. Bhí borradh ar leith faoi NeighbourFood le linn na dianghlasála, go háirithe agus “é an-slán ó thaobh Covid-19 de” a dúirt Ó Mathúna.

Beidh go dtí meán oíche ar an Luan ag custaiméirí a chláraíonn le NeighbourFood le hordú a chur isteach ar an suíomh. Réiteoidh na táirgeoirí iad ansin le bailiú idir 4-6pm ar an gCéadaoin dár gcionn.

Seachtain ón lá amárach, an 26 Lúnasa, an chéad lá a mbeidh táirgí le bailiú ag margadh NeighbourFood na Tulaí. Is féidir clárú leis an margadh anseo.

Fág freagra ar 'Seirbhís nua le seoladh le táirgí margadh feirme a dhíol i nGaeltacht Chonamara'