Tá faitíos ar Fhear an Tí gur gearr go mbeidh pictiúr dá thóin thuas ar Google Maps

Is measa anois muid ná na réalta móra a dtógtar grianghraf díobh is iad ag dul amach go dtí an bosca bruscair ina gcuid pitseámaí

Tá faitíos ar Fhear an Tí gur gearr go mbeidh pictiúr dá thóin thuas ar Google Maps

Tá a chroí ina bhéal ag Fear an Tí le teann faitís gur gearr go mbeidh pictiúr dá thóin thuas ar Google Maps. Tháinig sé isteach an doras an lá cheana agus é croite go maith théis a bheith amuigh ag siúl leis an ngadhar.

Shíl mé gurb é gur bhuail drochmhúr báistí iad ar an mbealach. Ní féidir cos a leagan taobh amuigh den doras na laethanta seo agus muinín agat nach mbeidh athrú ar an aimsir sula mbeidh an dara cos amuigh agat.

‘Google maps!’ a deir sé sa deireadh agus é geal san éadan. Bhí sé mar a bheadh duine ar a theitheadh. ‘Ní chreidfidh tú cé a chuaigh tharam ar an mbóthar ag tógáil pictiúr, ach veain Google Maps!’

Tá sé sách dona is tú ag dul amach go mbeadh imní ort go gcasfaí éinne ort ar an mbóthar mura mbeadh cuma eicínt curtha agat ort féin gan trácht ar a bheith ag cuimhneamh go mbeifeá i ngreim ag Google.

‘B’fhéidir nár thóg siad aon phictiúr,’ a dúirt mé leis, ag iarraidh dóchas a thabhairt dhó. ‘An bhfaca tú aon splanc solais agus é ag dul tharat?’

‘Ní fhaca,’ a deir sé, ‘ach bhí mé cromtha síos ag piocadh suas i ndiaidh an ghadhair is mo dhroim leis an mbóthar agam. Nuair a d’éirigh mé aníos arís céard a chonaic mé ach an veain.’

Níl aon chead cainte againn sa scéal má bhíonn sé de mhí-ádh orainn a bheith ag glanadh suas i ndiaidh an ghadhair nuair a théann paparazzi Google tharainn.

B’fhéidir go dtarraingeofá an scuab trí do chuid gruaige nó go dtabharfá sracfhéachaint ar d’éadan sa scáthán sula ngabhfaidh tú amach an doras le déanamh cinnte nach bhfuil aon smeadar Weetabix stríoctha trasna ar do leiceann. Ach fiú má chastar duine éigin ort ar an tsráid is tú caite le chéile ní bheidh aon taifead buan á chraobhscaoileadh ar fud an domhain.

Cén dochar dá gcasfaí duine de na comharsana ort is go ndéarfaidís leo féin go bhfuil na maidí ligthe le sruth agat, beidh dearmad déanta acu arís amárach air.

Má shocraíonn an gadhar a ghnó a dhéanamh in áit mhí-oiriúnach éigin, i lár an bhóthair agus carranna ag dul tharat, nó ag doras an tsiopa, is go gcaithfidh tú é a ghlanadh suas os comhair an tsaoil, ar a laghad ní bheidh pictiúr díot thuas ar an idirlíon agus éirchód in éineacht leis.

Is measa anois muid ná na réalta móra a dtógtar grianghraf díobh is iad ag dul amach chomh fada leis an mbosca bruscair ina gcuid pitseámaí is go gcuirtear sa News of the World é.

Ceann de na bagairtí is measa a d’fhéadfá a chloisteáil agus tú i do ghasúr dá mbeifeá dána ná dá ndéarfadh do mhuintir leat go scríobhfaí leabhar ort. Cuimhnigh sa lá atá inniu ann gur leabhar lándaite lán le grianghraif a bheadh á scríobh ort. Dia idir sinn agus an anachain.

Ar a laghad, b’fhéidir go ndéanann na réalta airgead as na pictiúir nó go bhfaigheann siad áit ar I’m a Celebrity Get Me Out of Here! Céard faoin gcuid eile againn?

Fág freagra ar 'Tá faitíos ar Fhear an Tí gur gearr go mbeidh pictiúr dá thóin thuas ar Google Maps'

  • Nóirin Ni Chonghaile

    Ag gáirí. Gus ag gáirí. Gus ag gáirí! An phíosa Bhridget!😂😂😂😂😂