‘Tá earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach agus tá gá le réimse beart’ – Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Is gá na ‘dúshláin’ in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ‘a chíoradh’ agus an cheist a phlé leis an Rialtas, a deir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

‘Tá earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach agus tá gá le réimse beart’ – Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

Tá “dúshláin go leor le sárú ag na foilsitheoirí Gaeilge”, ina measc na “ciorruithe móra” atá déanta ar mhaoiniú an Stáit do Chlár na Leabhar Gaeilge, a deir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Ag labhairt dó faoi fhógra Chois Life go bhfuil an comhlacht sin le scor an bhliain seo chugainn, dúirt Ó Coinn go bhfuil súil ag Foras na Gaeilge cruinniú a shocrú le stiúrthóirí Chois Life agus le Cumann na bhFoilsitheoirí leis na “dúshláin” in earnáil na foilsitheoireachta “a chíoradh”. Phléifí an cheist chomh maith leis an Rialtas, a dúirt sé.

“Aithníonn Foras na Gaeilge go bhfuil earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach, mar atá earnáil na foilsitheoireachta i gcoitinne in Éirinn. Tá dúshláin go leor le sárú ag na foilsitheoirí Gaeilge, ar comhlachtaí beaga teaghlaigh a mbunús, agus gan ach duine nó beirt ag plé leo.

“Aithnímid fosta go bhfuil earnáil na leabhar an-iomaíoch faoi láthair go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil deacrachtaí móra ann in earnáil na Gaeilge maidir le pobal léitheoireachta, siopaí leabhar, scríbhneoirí úra, foilsitheoireacht agus eagarthóireacht, gan trácht ach ar chuid de na dúshláin,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Luaigh Seán Ó Coinn easpa maoinithe mar dhúshlán eile roimh an earnáil.

“Tá ciorruithe móra déanta ó thús na géarchéime eacnamaíochta ar mhaoiniú an stáit do Chlár na Leabhar Gaeilge, atá gearrtha ó €1.8m in 2008 go €1.06 in 2017, laghdú de os cionn €700,000. Níl aon amhras orainn go bhfuil seo ag dul i bhfeidhm ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ar bhealach diúltach,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, áfach, nach réiteodh maoiniú breise, leis féin, na fadhbanna san earnáil.

“Cé go bhfuil feabhas i ndiaidh teacht ar chúrsaí margaíochta agus dáileacháin leabhar le blianta beaga anuas, tá an timpeallacht tráchtála do dhíol leabhar an-dúshlánach in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an Bhéarla. Agus is cinnte go dtagann méadú suntasach ar chúrsaí riaracháin de réir mar a mhéadaítear ar líon na n-údar, líon na leabhar agus láimhseáil cúlstoic.”

Dúirt Ó Coinn go raibh Foras na Gaeilge i ndiaidh roinnt tionscnamh a bhunú le blianta beaga anuas i gcomhar leis na foilsitheoirí chun dul i ngleic leis na dúshláin san earnáil ach gur ag plé le ceist atá “an-chasta” atáthar, ceist a bhaineann le nósmhaireachtaí léitheoireachta i measc lucht mionteanga ar fud an domhain.

Bhí gá dá réir le “réimse beart” chun aghaidh a thabhairt ar cheist na léitheoireachta i measc phobal na Gaeilge.

Dúirt Ó Coinn, “nach bhfuil aon ghníomh suntasach amháin is féidir a dhéanamh leis an cheist chasta seo a réiteach”.

Dúirt sé gur oth le Foras na Gaeilge fógra scoir Chois Life, “comhlacht foilsitheoireachta a bhfuil ardmholadh tuillte acu as a bhfuil bainte amach acu ó bunaíodh iad i 1995”.

Fágfaidh scor an chomhlachta “bearna” nach líonfar go “furasta” mar go raibh cur chuige sainiúil aige, a dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais.

“Ar ndóigh, chuir saineolas agus taithí na stiúrthóirí go mór leis an chur chuige sin agus leis an tacaíocht a chuir siad ar fáil dá n-údair.”

Fág freagra ar '‘Tá earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge an-leochaileach agus tá gá le réimse beart’ – Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge'