‘Tá d’fhón féin agat?’ a deir sí agus na súile ar leathadh ina ceann

D’fhoghlaim ár gcolúnaí go leor í féin nuair a chuaigh an Cailín Mór Beag agus Banríon Bheag an Tiktok ag spraoi le chéile

‘Tá d’fhón féin agat?’ a deir sí agus na súile ar leathadh ina ceann

‘Faraor nár thug mé an fón liom,’ a deir cara beag nua a bhí déanta ag an gCailín Mór Beag ag an bpáirc spraoi. Bhí siad beirt ina luascadáin, tic-toc, tic-toc, ag imeacht anonn is anall, agus iad crochta bunoscionn ar na barraí moncaí.

Is beag nár thit an Cailín Mór Beag anuas óna barra le teann iontais nuair a chuala sí go raibh fón dá cuid féin ag a comrádaí misniúil.

Ní fada, áfach, gur éirigh léi guaim a choinneáil uirthi féin arís agus d’fhill ar an luascadh rithimiúil siar agus aniar a bhí ar bun aici sular chuala sí an scéal mór pléascach óna cara beag nua.

‘Tá d’fhón féin agat?’ a deir sí agus na súile ar leathadh ina ceann.

‘Ó tá,’ a deir sise agus iad beirt fós bunoscionn. ‘Dá mbeadh sé agam anseo d’fhéadfadh muid físeán a chur suas ar TikTok.’

Níor labhair an Cailín Mór Beag ar chor ar bith nuair a chuala sí an ráiteas seo, ach rug ar an mbarra le lámh amháin, chun í féin a shocrú air. Tá barúil agam nach raibh a fhios aici céard a bhí i gceist ag réalt óg an TikTok  agus shocraigh gur binn béal ina thost.

‘Tá a fhios agat céard é, nach bhfuil?’ a d’fhiafraigh réiltín na meán sóisialta di.

Rug an Cailín Mór Beag ar an mbarra moncaí lena dhá láimh agus léim sí síos thar a corp is thuirling ar a dhá cos. Shocraigh í féin ar feadh meandair is bhreathnaigh suas ar a comrádaí.

‘Ó tá a fhios,’ a dúirt sí, is an chuma uirthi nach raibh sí ag iarraidh í féin a cheangal róláidir le freagra dearfach ná diúltach ar an gceist.

Chas sí ar a sáil is thosaigh ag rith anonn i dtreo na ziplíne. Léim a cara beag anuas de na barraí moncaí agus thosaigh ag rith ina diaidh.

Seans go bhfuil cloiste agat go bhfuil meán sóisialta nua i mbéal an phobail ar an aimsir seo.

Nó seans go bhfuil tú lá agus oíche ag sú isteach na bhfíseán agus ag iarraidh cuimhneamh ar dhamhsaí beaga barrúla le cur suas ar TikTok is ag súil go scaipfear é go mear ar fud na cruinne. Ag súil lá ar bith anois go mbeidh tú i do réalt mór.

Níor bhreathnaigh mé fós ar TikTok agus tá mé a cheapadh go bhfuil mé ag an bpointe i mo shaol nach bhfuil sé de mhisneach agam foghlaim faoi ardán sóisialta nua. Ach cá bhfios, b’fhéidir go bhfaigheadh an fhiosracht an ceann is fearr orm fós.

Suas ar ardán na ziplíne leis an gCailín Mór Beag agus Réiltín an TikTok sna sála uirthi. Rug an Cailín Mór Beag ar shuíochán na ziplíne agus thug faoi. Rith sí i dtreo an bhruaigh agus léim suas ar an suíochán ag an nóiméad deireanach. Thosaigh an suíochán ag imeacht go tréan agus an Cailín Mór Beag i ngreim docht ar an rópa.

‘Wú-húúúúúúú!’ a bhéic sí in ard a glóir le teann sonais.

‘Faraor nach raibh m’fhón agam,’ a deir Réiltín TikTok. ’Dhéanfadh sé sin físeán iontach!’

Fág freagra ar '‘Tá d’fhón féin agat?’ a deir sí agus na súile ar leathadh ina ceann'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Sár-phíosa eile ó láimh Bhríde chóir – maith thú a hiníona :-)