Tá deireadh le tamall leis an streachailt armtha, dírímis ar na moltaí polaitiúla

Tá a lán daoine ann, cinnte, a cheapann nach cóir Sinn Féin a bheith i gcumhacht thuaidh nó theas mar gheall ar cheangal an pháirtí leis an streachailt armtha in aghaidh na Breataine.

Tá deireadh le tamall leis an streachailt armtha, dírímis ar na moltaí polaitiúla

Gerry Kelly

Ríméad, is ea ríméad a bhí ar roinnt iriseoirí mór le rá sna meáin mhóra nuair a rialaigh cúirt i mBéal Feirste nach raibh cás clúmhillte ag Gerry Kelly, ball de Thionól an Tuaiscirt, i gcoinne an iriseora Malachi O’Doherty.

Ach an ar son saoirse iriseoireachta amháin a bhí ríméad ar dhaoine, nó an raibh daoine sásta gur buaileadh buille ar Shinn Féin?

D’eascair an cás seo as agallaimh a thug O’Doherty d’eagraíochtaí craolta ó thuaidh inar mhaígh sé gur scaoil Gerry Kelly oifigeach príosúin nuair a d’éalaigh sé (agus ochtar fear déag eile) as príosún na Ceise Fada i 1983.

Mar a tharla cúisíodh Kelly as scaoileadh leis an oifigeach ach fuarthas neamhchiontach é sa chúirt.

Ina ainneoin sin, mhaígh O’Doherty gurb é Kelly a scaoil an fear.

Tá dhá ghné den scéal seo ann.  Bhí ról lárnach ag Kelly in imeachtaí an IRA sa tréimhse sin agus mhínigh sé i leabhar a scríobh sé féin an pháirt a bhí aige san éalú.  An raibh clú Kelly millte mar sin ag ráiteas O’Doherty? Cinneadh sa chúirt nach raibh.

Ach tá gné eile den scéal ann.  Fuarthas Kelly neamhchiontach sa chúirt ach chuir O’Doherty na líomhaintí céanna ina leith, gan fianaise bhreise a sholáthar.

Cinnte, tá ceart ag aon iriseoir, nó saoránach ar bith eile, cur i gcoinne Shinn Féin, ach, más díospóireacht dhaonlathach atá uainn, caithfidh an díospóireacht sin a bheith bunaithe ar fhianaise is ar a bhfuil ábhartha do na roghanna atá le déanamh againn mar vótóirí.

Tá a lán daoine ann, cinnte, a cheapann nach cóir Sinn Féin a bheith i gcumhacht thuaidh nó theas mar gheall ar cheangal an pháirtí leis an streachailt armtha in aghaidh na Breataine.

Arís, tá ceart ag daoine an argóint sin a chur chun cinn, ach bíodh an díospóireacht sin réasúnta agus bunaithe ar nithe ábhartha agus ar fhíricí.

Mar a tharlaíonn, chuir mise go láidir in aghaidh na streachailte nuair a bhí sí ar siúl, is chuir mé fáilte mhór roimh an gcinneadh stop a chur léi.  Ag an am céanna, tuigim, mar a thuigeann muid go léir, gur eascair an streachailt as an éagóir a bhí ina cuid bhunúsach den chóras Aontachtach ó thuaidh, an chos ar bolg a imríodh ar an bpobal náisiúnach is an stádas mar shaoránaigh den dara grád a brúdh orthu.

Níor chuir mé i gcoinne na streachailte bunaithe ar an argóint bhréagach nach raibh an ceart acu an lámh láidir a úsáid, ach toisc gur cheap mé nárbh é sin an bealach ab éifeachtaí le brú a chur ar Shasana. Ach tuigim dóibh siúd a chreid a mhalairt is tá meas agam orthu mar gheall ar a gcrógacht, cé gur fuath liom an bhuamáil fhánach neamhshrianta a tharla is an easpa béime a cuireadh ar ghníomhartha a sheachaint a d’fhéadfadh cur leis an deighilt sheicteach.

Go fírinneach is cuid den stair anois í an streachailt armtha.  Ní féidir an méid a tharla a chur ar ceal ach ní ceart ach an oiread chuile scéal nua a mheas i gcomhthéacs na streachailte sin.  Nó an bhfuiltear ag rá nach bhfuil fís na Poblachta ceadaithe toisc gur leanadh an straitéis mhíchuí san am atá caite?

Cá bhfágann an dearcadh sin an córas Aontachtach? An gcaithfear glacadh le stádas den dara grád do náisiúnaithe ó thuaidh toisc nach n-aontaíonn an chuid is mó dínn leis an streachailt armtha?

Creideann a lán daoine, is cosúil, go bhfuil cead acu masla ar bith a chaitheamh le Sinn Féin.

Tá sé in am dúinn go léir, ceapaim, glacadh leis go bhfuil an streachailt armtha thart le tamall agus go bhfuil an bealach oscailte anois don réiteach polaitiúil agus chun plé a dhéanamh ar mholtaí polaitiúla.

Fág freagra ar 'Tá deireadh le tamall leis an streachailt armtha, dírímis ar na moltaí polaitiúla'

  • Máirín

    Moladh amháin athmhuintearas a chothú i ndáiríre thar cúpla glún agus córas fada foighneach a bhunú chun réiteach don lá go mbeidhimis in ann na “Ballaí Síóchána” idir an dá threabh a leagan.

  • Concubhar

    Bhíos i láthair ag ocáidí inar dhein an Fheisire Kelly maíomh faoin ról a bhí aige san ‘éalú mór’ Is é an pointe ná a deineadh sa chúirt ná go raibh sé mar chuid de fiontar inar maraíodh an vairdéir agus ós rud é gur cúis sibhialta a bhí ann, bhí ualach an chruthúnais níos éadroime ná mar a bhíonn i gcás choiriúil. Chuir an tUasal Kelly an dlí ar Mhalachaí O’Doherty ar bhonn pearsanta – seachas i gcoinne an BBC. Cén fath sin? An é gur theastaigh uaidh brú a chuir ar an iriseoir gan a bheith á cháineadh ach gan titim amach leis an gcraoltóir? Tá athas an domhain ormsa gur chaill Gerry Kelly agus tá súil agam go mbuafar ar pholaiteoirí eile a thugann cásanna gan chiall i gcoinne iriseoirí ar bhonn pearsanta. Mo náire é Gerry Kelly mar ‘phoblachtánach’!

  • jpmorley0@gmail.com

    Tair slán a Mháirín. Ráiteas ardaigeanta, réchúiseach, daonnúil.