1) Cad iad na socruithe nua atá curtha i bhfeidhm agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?
Tá an fhoireann ag obair ón bhaile agus bíonn cruinnithe foirne, cumarsáide, agus bainisteoirí againn gach lá. Cur chuige digiteach, rannpháirteach. Ar scáth a chéile…
2) Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agaibh?
Na spriocanna oibre a leasú chun go mbeidh siad indéanta sa ghéarchéim reatha.
3) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna atá curtha ar ceal agaibh mar gheall ar an choróinvíreas?
Cuireadh SEAS2020 iarthoghcháin agus an seó bóthair leis na coláistí samhraidh ar ceal.
4) Cad iad na hócáidí, tograí nó pleananna a bhfuil éiginnteacht ann fúthu mar gheall ar an choróinvíreas.
Cruinnithe le hAirí ó thuaidh a bhí aontaithe roimh an ghéarchéim seo. Dátaí nua le socrú agus sin aontaithe le rúnaithe na nAirí.
5) Ar an iomlán, cén tionchar a bhí ag an ghéarchéim ar obair na heagraíochta agus cén tionchar a bheas aici ar obair na heagraíochta?
Cosúil le gach áit sa tír, bhí tionchar leathan aige seo ar chur chuige agus ar phleananna na heagraíochta.
Ach leanann an obair ar aghaidh agus cosúil le gach dream eile, tá iarrachtaí leanúnacha ar bun chun spriocanna a bhaint amach agus chun tograí nua a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais reatha. Is dócha, gach lá agus gach seachtain, go bhfuil muid fós ag iarraidh bealaí nua a aimsiú chun ár mbun-obair a chur i gcrích, agus de réir mar a thagann ábhair oibre ar ais sa Dáil agus sa Tionól beidh deiseanna againn na príomhcheisteanna Gaeilge agus Gaeltachta a ardú agus a bhrú ar aghaidh.
Leanann an obair maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna comhchainteanna maidir le bunú Rialtais ó dheas, agus maidir le tabhairt isteach na reachtaíochta úire ó thuaidh.
6) An bhféadfá buille faoi thuairim a thabhairt faoin chéatadán d’obair na heagraíochta arc chuir an ghéarchéim isteach air?
Doiligh sin a fhreagairt, chuir sé isteach ar go leor rudaí ar leibhéil éagsúla, ach cosúil le gach dream eile tá muid ábalta dul i ngleic leis sin de réir a chéile.
Fág freagra ar '‘Tá cur chuige digiteach, rannpháirteach ‘ar scáth a chéile’ againn’ – Conradh na Gaeilge'