Thug an rialtas céim nach beag Déardaoin i dtreo na mórathruithe ar shaol gach duine sa tír nach féidir a sheachaint sna blianta atá romhainn.
Tá clár oibre agus laghdú ar astaíocht charbóin leagtha amach anois a mbeidh ar an rialtas reatha agus ar na rialtais a thoghfar ina dhiaidh é a chur i bhfeidhm, fiú murar léir fós an dúshlán praiticiúil, an costas ná an toradh.
De réir a chéile tá feoil á cur acu ar chnámh an phlean aeráide a theastaíonn i ngach tír ar domhan. Caithfear é a chur i bhfeidhm ar ais nó ar éigean de réir fhorálacha an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) a ritheadh san Oireachtas anuraidh.
Sin ráite, ba léir láithreach agus spriocanna astaíochta d’earnálacha éagsúla á bhfógairt ag Eamon Ryan agus Charlie McConalogue taobh amuigh de Thithe an Rialtais Déardaoin go raibh bearna mhór sna figiúirí. Ní laghdú 51 faoin gcéad ar astaíocht faoin mbliain 2030 (mar a sonraíodh san Acht) a bhainfí amach dá n-aimseofaí spriocanna an rialtais, ach laghdú 43 faoin gcéad.
Tá súil ag an rialtas go gcuirfidh forbairt nó feabhas teicneolaíochta éigin ar a gcumas an bhearna sin a iamh ar ball. Ní hionann dóchas a bheith agat agus rud a dhéanamh, faraor. Idir an dá linn, fiú sula bhfógraítear na beartais chun spriocanna an rialtais a bhaint amach, tá breis amhrais ar mhórán mar gheall ar an mbearna fhollasach atá sna meastacháin.
Roimhe sin, b’fhéidir, d’fhéadfadh contúirt dlí a bheith ag bagairt ar an rialtas, tar éis don Chomhairle Chomhairleach ar Athrú Aeráide a rá go soiléir Dé hAoine nach bhfuil an laghdú ar astaíochtaí atá geallta ag teacht le cuspóirí an Achta.
Chuir an cur síos géar a rinne cathaoirleach na Comhairle Marie Donnelly ar na bearnaí i spriocanna an rialtais i gcuimhne do mhórán gur rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh an rialtais nuair a cuireadh lag-bheartas aeráide eile faoina bráid in 2020.
Agus an colún seo á scríobh, níl leid tugtha fós dúinn go bhfuil cás den sórt céanna beartaithe arís. ach i bhfianaise a ndúirt Marie Donnelly, agus í ag labhairt ar son a comhghleacaithe ar an gComhairle, tá an fhéidearthacht soiléir.
Beidh cur agus cúiteamh faoin bpolasaí ginearálta a d’fhógair Charlie McConalogue agus Eamon Ryan Déardaoin agus faoin gcur chuige a theastaíonn lena chur i ngníomh á bplé go tréan sna míonna atá romhainn. Is léir cheana féin gur Ryan a rinne an cúlú is mó nuair a ghlac sé le laghdú ar sprioc an rialtais i leith astaíochtaí earnáil na talmhaíochta, laghdú ó 30% go dtí 25%. Ní deacair an cáineadh a dhéanfadh na Glasaigh ar a ndearna sé a shamhlú dá mbeadh siad sa bhfreasúra.
Bhí Sinn Féin mar iománaí ar an gclaí arís eile tar éis don rialtas na spriocanna astaíochta a fhógairt. Sheachain urlabhraithe an pháirtí tagairt ar bith do spriocanna earnála agus iad ag iarraidh ar an rialtas a thuilleadh sonraí a chur ar fáil – díreach mar a dhéanfadh Fianna Fáil agus Fine Gael dá mbeidís féin sa bhfreasúra seachas i mbun rialtais.
Níl deireadh ná baol air leis an argóint idir páirtithe an rialtais agus idir an rialtas agus an freasúra faoi na ciorruithe ar astaíochtaí. Ní léir fós, in ainneoin ár n-astaíochtaí carbóin a bheith ag síor-ardú, go bhfuil an pobal toilteanach tabhairt faoin mórathrú ar nósanna maireachtála a bheidh riachtanach chun bac a chur ar théamh na cruinne.
Is fiú tagairt mar sin do chúis dóchais amháin a bhfeicfear a dea-thoradh sara fada. Cuirfear polasaí rialtais nua i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair a léiríonn nach bhfuil éidreoir nó éiginnteacht i réim go hiomlán maidir le cúrsaí comhshaoil. Tá scéim nua á bunú faoina n-íocfar éarlais ar bhuidéil phlaisteacha agus ar channaí alúmanaim chun daoine a ghríosú lena dtabhairt ar ais ag na siopaí inar ceannaíodh iad.
Tá an scéim, a fógraíodh i dtosach i gclár an rialtais, á seoladh chun díol buidéil phlaisteacha aon-úsáide a laghdú. Neartóidh sé freisin an ‘geilleagar ciorclach’ agus déanfaidh truailliú as cuimse a mhaolú.
Tá scéimeanna dá leithéid i bhfeidhm i mórán tíortha eile le fada, ach más mall a theacht abhus is mithid. Ní ag dul ar gcúl ar fad ar fad atáimid.
Seán Ó Floinn
Céard a deir an tUasal Mac Coille faoin scaoll a bhí ann sna 1970idí maidir le fuarú domhanda? Is iomaí reacaire uafáis a bhí ann an t-am úd ag maíomh gur ghá éisteacht leo agus a gcuid comhairle a chur i bhfeidhm chun tubaiste a sheachaint, faoi mar atá á dhéanamh ag Iníon Thunberg inniu. Bhí daoine ann i gcónaí ag tuar tubaistí – féach siar ar iar-eagráin de chuid an New York Times le haghaidh samplaí. Thart ar scór bliain ó shin, mhaígh ‘saineolaithe’ timpeallachta go mbeadh Nua-Eabhrac faoi uisce faoin am seo agus go mbeadh gorta sa Bhreatain faoin am seo freisin. Cén fáth ar cheart dúinn aird a thabhairt ar an Uasal Mac Coille ar an gceist seo anois, más ea? Bhí meas agam air mar chraoltóir raidió ach is lú an meas atá agam air mar réamhaithriseoir aeráide.