Tá cúis ann go bhfuil daoine ag cnagadh ar dhoras an AE ag iarraidh cead isteach

Is fiú anailís bhunúsach a dhéanamh ar an difríocht idir an caighdeán maireachtála sa Rúis agus san Aontas Eorpach

Tá cúis ann go bhfuil daoine ag cnagadh ar dhoras an AE ag iarraidh cead isteach

Bhí teacht aniar níos fearr i ngeilleagar na Rúise i gcoinne smachtbhannaí an iarthair ná mar a shíl a lán tráchtairí a bheadh. Tá an tAontas Eorpach ag streachailt le fás eacnamaíochta íseal agus fadhbanna struchtúrtha le tuairim is ocht mbliana anuas.

Tá an dá ráiteas sin fíor.

Ach nuair a thógtar an dá fhíric sin mar fhianaise go bhfuil ag éirí níos fearr le geilleagar na Rúise ná mar atá le geilleagar na hEorpa, léirítear aineolas bhunúsach ar an eacnamaíocht agus easpa cumais anailís chomparáideach simplí a dhéanamh. An raibh méadú ar ghníomhaíocht eacnamaíochta na Rúise le cúpla bliain anuas mar gheall ar an ngeilleagar cogaidh? Dar ndóigh, bhí. D’fhéadfadh páiste bunscoile a thuiscint má chaitheann an stát sciar ollmhór den státchiste ar thionscal na n-arm agus ar thuarastail arda do shaighdiúirí go gcuirfidh sé sin borradh gearrthéarmach faoin ngeilleagar.

Thuigfeadh an páiste bunscoile céanna nach straitéis eacnamaíochta rathúil é seo go fadtéarmach. Bhí an borradh ar olltáirge náisiúnta na Rúise le cúpla bliain anuas bunaithe go hiomlán ar chaiteachas cogaidh. Tá sé íorónach gurb iad an dream is mó a bhíonn ag maíomh as seo mar chomhartha de láidreacht gheilleagar na Rúise an dream céanna a bhíonn dubh dóite i gcoinne aon ardú ar chaiteachas ar chúrsaí cosanta in iarthar na hEorpa.

Ar aon nós, tosaímis le hanailís shimplí ar an difríocht idir an caighdeán maireachtála sa Rúis agus san Aontas Eorpach. De réir an Quality of Life Index 2026 ó Numbeo, tá tíortha an AE ar an gcuid is fearr ar domhan ó thaobh sábháilteachta, rochtain ar sheirbhísí, sláinte phoiblí agus cáilíocht shóisialta na beatha. Faigheann tíortha an AE meánscór 179.5 ar an innéacs i gcomparáid le scór 113.5 don Rúis, rud a fhágann, faoin tslat tomhais, sin go bhfuil caighdeán maireachtála ar an meán 58% níos airde san AE ná mar atá ag an Rúis. Cuimsíonn an caighdeán maireachtála níos airde san Aontas Eorpach tuarastail níos airde ar an meán, rochtain níos fearr ar sheirbhísí, costais mhaireachtála agus bonneagar níos forbartha. Mar shampla tá duine as gach ceathrar sa Rúis fós gan uisce reatha sábháilte sa bhaile.

Tá uisce reatha sábháilte ag 97% de dhaonra an Aontas Eorpaigh. Cé go bhfuil an saol sna príomhchathracha ar nós Mhoscó agus Cathair Pheadair inchomparáide leis an saol san AE, taobh amuigh de na cathracha sin is geall le tír thearcfhorbartha go leor den Rúis. Ba é an t-olltáirge náisiúnta per capita anuraidh san Rúis ná €15,600 i gcomparáid le €36,000 san Aontas Eorpach. Maireann daoine san Rúis go dtí 73-74 bliain ar an meán agus san Aontas Eorpach go dtí 81-82 ar an meán. Agus mar sin de agus mar sin de…

Maith go leor, tá an tAontas Eorpach i bhfad níos forbartha ná an Rúis, ach d’fhéadfadh sé sin a bheith fíor agus é a bheith fíor ag an am céanna go bhfuil rudaí ag dul sa treo ceart don Rúis agus sa treo mícheart don Aontas Eorpach. D’fhéadfadh go bhfuil an Rúis chun breith suas leis an Aontas Eorpach agus é á shárú sna blianta romhainn amach. Cad é a deir an fhianaise atá ar fáil dúinn?

Thosaigh an borradh gearrthéarmach ar an olltáirge náisiúnta mar gheall ar chaiteachas cogaidh an stáit a bheith ag dul i léig sa Rúis anuraidh. Measann an Ciste Airgeadais Náisiúnta gur fhás Olltáirge Náisiúnta na Rúise 0.6% anuraidh i gcomparáid le 0.8% san Aontas Eorpach. Níl ceachtar figiúr go maith ach níl aon fhianaise ansin go bhfuil an Rúis ag breith suas ar an Eoraip. Cad faoin réamhaisnéis don chéad chúpla bliain eile mar sin?

Tá an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta ag tuar nach rachaidh ráta fáis na Rúise thart 1% don chéad chúpla bliain eile agus go mbeidh ráta fáis an Aontais Eorpaigh os cionn 1% – 0.8% atá sa Rúis i mbliana i gcomparáid le ráta fáis 1.3% san Aontas Eorpach. Arís ní difríocht ábhalmhór é seo ach is cinnte nach léiríonn sé go mbeidh ar chumas na Rúise caighdeán maireachtála ar comhchéim le caighdeán maireachtála an Aontais Eorpaigh a sholáthar dá muintir.

Tá gné amháin eile den anailís chomparáideach atá spéisiúil, sin conas a d’éirigh le tíortha a bhí faoi scáth na Rúise roimh 1991 ach atá anois san Aontas Eorpach i gcomparáid leis an Rúis féin.

Is é an sampla is soiléire atá againn de seo ná na tíortha Baltacha mar go raibh siad mar chuid den Aontas Sóivéadach – agus ní díreach mar chuid den bhloc Sóivéadach – agus tá siad anois san Aontas Eorpach. Ag tosnú ón mbunlíne chéanna tá meán-olltáirge náisiúnta per capita na dtíortha Baltacha anois 58% níos airde ná an Rúis – €24,700 sna tíortha Baltacha i gcomparáid le €15,600 san Rúis. Ach ar eagla go ndéarfaí gur sampla neamhionadaíoch iad na tíortha Baltacha, tá olltáirge náisiúnta gach uile thír a bhí mar chuid den bhloc Sóivéadach agus atá anois san Aontas Eorpach níos airde ná mar atá ag an Rúis.

Is é €28,167 an meán-olltáirge náisiúnta per capita sna tíortha sin agus tá sin 80% níos airde ná olltáirge náisiúnta per capita na Rúise. Agus bheadh an scéal níos measa fós don Rúis murach na taiscí móra ola agus gáis atá aici – in 2024 tháinig 20% dá holltáirge náisiúnta agus 30% d’ioncam an stáit ón tionscal gáis agus ola, foinsí ioncaim nach bhfuil ag na tíortha a bhí faoi scáth na Rúise agus atá anois san Aontas Eorpach.

Tá an fhianaise sách soiléir mar sin. In ainneoin pé deacrachtaí atá ag an Aontas Eorpach le blianta beaga anuas, tá cúiseanna eacnamaíochta maithe ag na tíortha atá agus a bhí ag cnagadh ar an doras ag lorg cead isteach. Tá cúis mhaith freisin go bhfuil ar an Rúis an comhéigean agus an foréigean a úsáid chun iarracht a dhéanamh iachall a chur ar an Úcráin teacht ar ais faoina scáth arís.

Fág freagra ar 'Tá cúis ann go bhfuil daoine ag cnagadh ar dhoras an AE ag iarraidh cead isteach'