‘Tá Craobh na hÉireann ag dul siar thar Dhroichead an Daingin’ – comórtas mór gailf buaite ag cumann Gaeltachta

Thug foireann ó Chumann Oileáin Chonamara leo comórtas Fred Perry den chéad uair riamh nuair a bhuaigh siad an cluiche ceannais i gCathair na Mart

‘Tá Craobh na hÉireann ag dul siar thar Dhroichead an Daingin’ – comórtas mór gailf buaite ag cumann Gaeltachta

Rinneadh ceiliúradh in iarthar Chonamara an deireadh seachtaine seo nuair a bhuaigh cumann beag Gaeltachta craobh náisiúnta sa ghalf.

Thug foireann ó Chumann Oileáin Chonamara leo comórtas Fred Perry den chéad uair riamh tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Mhic Oistín ó Thiobraid Árann sa chluiche ceannais a imríodh i gCathair na Mart Dé Domhnaigh. Cúis mhór cheiliúrtha a bhí sa bhua don chumann tar éis dóibh cluiche ceannais an chomórtais chéanna a chailliúint anuraidh.

Dúirt captaen na foirne, Seán Seoige, théis an bhua inné gur cúis mhór áthais a bhí sa ngaisce a rinne an cumann.

“Tá Craobh na hÉireann ag dul siar thar Dhroichead an Daingin anocht agus tá muid chun ceiliúradh a dhéanamh. Tá sé iontach ar fad,” a dúirt Seoige le Golf Ireland.

“Is cúis bhróid dúinn é, níl ionainn ach cumann beag. Ní bheadh ach 40 nó 45 ball againn a bheadh ag imirt, níl rogha mhór againn ach cruthaíonn muid ár gcumas bliain i ndiaidh bliana. Tá díograis agus croí ag na fir seo agus tá seo tuillte go maith acu.”

Fuair Oileáin Chonamara an ceann is fearr ar an Teampall Mór sna babhtaí leathcheannais ar an Satharn sular thug siad aghaidh ar Bhaile Mhic Oistín Dé Domhnaigh.

Imríodh na cluichí níos luaithe ar maidin mar gheall ar an mbáisteach ach chuir Oileáin Chonamara tús iontach leis an lá agus na chéad trí chluiche buaite ag Noel Ó Tighearnaigh agus Seosamh Ó Cualáin, ag Gearóid Ó Cualáin agus Vinny Ó Lorcáin, agus ag Liam Ó Maolaodha agus Seán Ó Cualáin.

Fuair bheirt ó Bhaile Mhic Oistín an ceann is fearr ar Chiarán Ó Flatharta agus Pádraic Ó Conghaile agus comhscór a bhí sa chluiche ag Peadar Ó Flatharta agus Éamonn Ó Briain ach bhí an beart déanta ag Oileáin Chonamara faoin tráth sin agus an chraobh buaite acu ar scór 3.5 in aghaidh 1.5.

“Tá sé iontach ar fad,” a dúirt Seoige. “Tá muid chomh sásta do na himreoirí tar éis an obair uile a chur siad isteach i gcaitheamh na bliana.”

Fág freagra ar '‘Tá Craobh na hÉireann ag dul siar thar Dhroichead an Daingin’ – comórtas mór gailf buaite ag cumann Gaeltachta'