Tá craobh na bliana 2022 tagtha chugainn agus táimid ar tinneall!

Cad as a thiocfaidh oscailt súl, iontas nó nuálaíocht na craoibhe i mbliana?

Tá craobh na bliana 2022 tagtha chugainn agus táimid ar tinneall!

Ní déarfad gur i ngan fhios ná aniar aduaidh atá sé tagtha orainn, ach níl aon amhras ná go bhfuil craobh na bliana 2022 tagtha chughainn de phreib agus gan de dhuilliúr ar na toir is na crainn anseo timpeall ach an fhobhachlóg fhánach a raibh sé de dhánaíocht ann a cheann a shá amach roimis na Cásca.

Leis an uile ní bunoscionn le dhá bhliain, socruithe spóirt ina measc, b’fhéidir go mb’fhearra dhúinn éisteacht agus glacadh leis an múnla nua gona ghontacht is a ghiorracht agus iarracht a dhéanamh taitneamh a bhaint as an dtréimhse cúig seachtaine dhéag amach romhainn as seo go deireadh mhí Iúil. Sin a mbeidh ann.

Cad leis, mar sin, ar cheart dúinn a bheith ag súil ó chraobh na bliana 2022?

  1. Raghaidh an chéad chúpla babhta sa chraobh caide gan mórán tráchta ná tuairisce. Tá an iomarca ar siúl i bpóirsí eile chun aird an tomhaltóra a mhealladh ach ba cheart go mbeadh an díograiseoir sásta lena chuid. Beidh a chontae le feiscint ar a laghad babhta amháin aige sa chraobh agus fiú má bhíonn a rás rite tar éis dhá chluiche craoibhe, ní bheidh an chraobh club i bhfad ag teannadh leis arís, an ghrian ag taitneamh agus an fód cruaite chun an chuid is fearr den imirt a bhlaiseadh gan puinn costais a chur air féin.
  2. Is dóigh liom gur fiú do shúil a choimeád ar Chill Dara. Nílim ag rá go bhfuil sé i ndán dóibh na Dubs a threascairt. Is deacair a shamhlú go bhféadfaí a bhforlámhas a bhriseadh agus craobh Laighean a bhreith lasmuigh den ard-chathair don gcéad uair ó 2010 ach bhí Cill Dara ana mhí-ámharach ar fad sleamhnú leo go Roinn 2 na sraithe peile in éineacht leis na Dubs an mhí seo caite. Bhí níos mó ná san tuillte ag a n-iarrachtaí agus d’aithneofá ós na gothaí a bhí ar a mbainisteoir, Glenn Ryan, tar éis an fheachtais sraithe go mbraitheann sé féin agus laochra eile na Lilí Geala atá ar an dtaobhlíne ina theannta go bhfuilid ag dul sa treo ceart. Ní gá malairt cúrsa a thógaint de dheasca roinnt rudaí a chuaigh ina gcoinne sa tsraith ach tuigfidh Ryan níos fearr ná aoinne go gcaithfear bheith ar an airdeall agus contae Lú (ní dócha gurb iad Ceatharlach a bheidh ann) chuchu ar Lá Bealtaine. Bhí Ryan ina gharsún ar fhoireann Mhicko Dwyer agus gaoth ina seolta i 1991 nuair a bhain Lú barra thuisle astu. Má éiríonn leo foireann Mhickey Harte a chur dóibh fé cheann coicíse, is ag éirí orthu agus ar a misneach a bheidh.
  3. Ní mór a thógfaidh sé teacht idir Tír Eoghain agus craobh Uladh ach ba dhána an mhaise don té a raghadh ina gcoinne as san amach. Chonac mo dhóthain ar an nDomhnach deireanach sa Mhárta i gCill Airne chun a rá liom go bhfuil dóthain aibíochta, gliocais agus diabhlaíochta fós inghinte in imreoirí Thír Eoghain chun dul gar go maith do bharra cruaiche arís i mbliana. Níl sé déanta riamh cheana acu, áfach, agus caithfidh go raibh cúiseanna leis sin. Cé nár chuir sé oiread san tinnis orainn is a cheap daoine ag an am, bhíodh sé mar chúis áitimh, argóna agus aighnis againne i gCiarraí ins an chéad deich mbliana den mhílaois nua maidir le cérbh iad foireann na ré áirithe sin, Tír Eoghain a chnag trí bhabhta i gcluichí móra sinn nó sinn féin, dream a shroich sé chluiche ceannais as a chéile agus a bhuaigh a leath. Ní raibh sé anseo ná ansiúd mar allagar an uair úd agus níl inniu ach an oiread. Cúis iontais dúinne i gcónaí é, áfach, go bhféadfadh Tír Eoghain imeacht glan den mhapa ar fad an bhliain tar éis dóibh craobh na hÉireann a bhuachtaint. An bhféadfadh sé tarlúint i mbliana? Beidh an bua acu in Inis Ceithleann tráthnóna ach, más fíor a ndeirtear, tá craobh Uladh lán go barra de shúile ribe. Fiú má théann siad ceangailte i gceann acu, táid maith go leor an uair seo chun dul i ngiorracht ionga don dara craobh as a chéile a bhreith leo.
  4. Ní bheidh oiread spáis go deo arís os a chomhair amach ag David Clifford is a bhí i gcluiche ceannais na sraithe. Má tá aon chiall ag cosantóirí agus lucht a n-oiliúna, beidh seifteanna á gcur i bhfearas chun spás a cheilt ar dhraoi Fhosadh as seo amach. Is moladh é seo ar an bhfear ach is trua é chomh maith. Tá cosantóirí agus lucht straitéise sceimhlithe go dtabharfar cead a chos is a chinn do Clifford as seo amach. Beidh an lá is an chraobh leo siúd a cheilfidh an spás sin air is a chuirfidh stop leis.
  5. Is fánach an áit ina bhfaightear an t-iontas. Níl an dá bhliain féin ann ó bhuaigh Tiobraid Árann craobh caide na Mumhan agus go dtit an chraobh in Uladh leis an gCabhán. N’fhaca aoinne againn turlabhait na Dubs ag teacht anuraidh agus ní dóigh liom ach an oiread go bhféadfaimis bheith ag súil leis an gclaochló míorúilteach a tháinig ar imirt an chúl báire féin le bliain anuas. Cad as a thiocfaidh oscailt súl, iontas nó nuálaíocht na craoibhe i mbliana? Cé ‘tá ag cogaint, ag cnuasach agus ag coigilt a misnigh ó thús na bliana d’fhonn scaoileadh lena rún ar uair an taispeántais sna seachtainí amach romhainn? Ní léir dom go bhfuil puinn contaetha ná fuil scéite san earrach acu orthu féin an uair seo ach seo chughainn iad. Táimid ar tinneall!

 

Fág freagra ar 'Tá craobh na bliana 2022 tagtha chugainn agus táimid ar tinneall!'