Tá cleas faoi choim ag Gatland agus na Leoin – dúshlán na All Blacks a thabhairt i nGaeilge!

Deir bainisteoir na foirne, Warren Gatland, gur gá tuiscint ar chúrsaí cultúrtha chun an ceann is fearr a fháil ar na All Blacks

Tá cleas faoi choim ag Gatland agus na Leoin – dúshlán na All Blacks a thabhairt i nGaeilge!

Bainisteoir na Leon, Warren Gatland. INPHO/Dan Sheridan

Bainfidh foireann rugbaí na Leon úsáid as an nGaeilge chun go léireofaí meas orthu sa Nua-Shéalainn an samhradh seo, dar lena mbainisteoir Warren Gatland.

Cuirfear fáilte oifigiúil roimh an bhfoireann chun na Nua-Shéalainne ar an 4 Meitheamh, an lá tar éis dóibh a gcéad chluiche a imirt agus tá sé i gceist ag Gatland go mbainfidh a chuid imreoirí úsáid as an nGaeilge agus an Bhreatnais chun amhráin a rá agus píosaí cainte a dhéanamh ag an bhfáilte.

Mhínigh an bainisteoir go gcuirfidh cuid de Mhaoraigh na Nua-Shéalainne fáilte speisialta roimh an bhfoireann i Waitangi Marae. “Cuirfear fáilte romhainn ansin agus glacfaidh muid leis an dúshlán a chuirfidh na Maoraigh romhainn.”

Tá sé i gceist ag Gatland go mbeadh rian chultúr na hÉireann, Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban ar an ócáid chomh maith.

“Labhróidh duine amháin as Gaeilge agus canfar amhrán [i nGaeilge], labhróidh duine éigin i mBreatnais agus canfaidh siad amhrán, agus beidh meas acu ar ár gcultúir orainn dá bharr. Ní cheapaim go mbeidh an bheirt Albanach in ann Gàidhlig a labhairt, ach b’fhéidir go mbeadh.”

Níor thug Gatland le fios cén duine den aon duine dhéag as Éirinn atá roghnaithe ar fhoireann na Leon leis an píosa i nGaeilge a dhéanamh.

Is é an t-údar atá leis an gcur i láthair cultúir seo ná go gceapann Gatland, arb as an Nua-Shéalainn é, nach dtuigeann foirne cultúr na Nua-Shéalainne agus go bhfuil an easpa tuisceana sin ar cheann de na cúiseanna a dteipeann ar fhoirne an ceann is fearr ar na All-Blacks.

“Is é an rud nach dtuigeann daoine ná go dtéann foirne go dtí an Nua-Shéalainn agus ní bhíonn siad ullamh don dúshlán cultúrtha,” a deir sé.

“Is é an t-údar atá agam leis sin ná, go háirithe in 2011 (ag Corn an Domhain), chuaigh foirne ann agus ní raibh siad réidh, ó thaobh an chultúir de, don dúshlán a bhí rompu.”

Chomh maith leis an bhfáilte oifigiúil seo, tá sé ar intinn ag Gatland scannáin Nua-Shéalannacha áirithe a thaispeáint don fhoireann chun cur lena dtuiscint ar chultúr na tíre.

“Má thuigeann muid ár gcéilí comhraic nuair a théann muid ann agus má bhíonn muid ullamh, má bhíonn tuiscint níos fearr againn ar an bhfreasúra, is ea is fearr é… Roimhe seo, théadh daoine ann agus ní bhíodh siad ullmhaithe a ndóthain ó thaobh na gné sin de,” a deir Gatland.

Fág freagra ar 'Tá cleas faoi choim ag Gatland agus na Leoin – dúshlán na All Blacks a thabhairt i nGaeilge!'