Tá Ceallach na Gaillimhe ar a chompord i ngach ceard is clúid den pháirc

Dhéanfadh go leor a bhain clú amach mar lánchúlaithe iontas de scileanna peile ‘Uimhir 3’ an lae inniu, ach fós a gcumas cosanta a insíonn scéalta na bhfoirne i sraith na bliana seo

Tá Ceallach na Gaillimhe ar a chompord i ngach ceard is clúid den pháirc

Thug an ghrástúlacht, an aclaíocht agus lúfaireacht a bhain leis an imirt a rinne David Clifford agus Shane Walsh i gCluiche Ceannais na hÉireann 2022 beagán sóláis do mo leithéidse atá ciaptha, cráite ag an mbail atá tagtha ar an bPeil Ghaelach.

Ach, seachrán sealadach atá ann, faraor.

Bhí an bheirt chéanna ar an bpáirc nuair a d’imir Gaillimh agus Ciarraí a chéile i réamhbhabhtaí deiridh Shraith na bliana seo i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo caite. D’imir chaon duine go maith, cé nár scóráil ceachtar acu ón imirt.

Ba iad Gaillimh a bhuaigh an babhta sin, ach go mba é díograis agus féinsmacht a gcuid cosantóirí ba chúis leis an díoltas. Sin agus cumas a gcaptaein agus a lánchúlaí Seán Kelly – sárpheileadóir na Sraithe go dtí seo ar chuile bhealach.

Lánchúlaí cruthanta is ea Ceallach Mhaigh Cuilinn, cosantóir den déanamh nua.

Dhéanfadh go leor díobh siúd a bhain clú agus cáil amach agus geansaithe uimhir 3 ar a ndroim iontas dá scileanna peile agus dá chuid lúfaireachta.

Mianach agus crot eile a bhí ag baint leis siúd – Joe Barrett agus Joe Keohane Chiarraí; Paddy Prendergast Mhaigh Eo; Noel Tierney na Gaillimhe; Paddy McCormack Uíbh Fhailí; agus a gcuid leathbhádóirí.

Dá ndéanfadh siadsan píosa fámaireachta chomh fada leis an líne leathchúil, mheasfadh siad go raibh tír choimhthíoch sroichte acu. Dá dtiocfadh sé sa scéal go mbainfeadh siad lár páirce amach, bheadh orthu tuairisc an bhealaigh abhaile a chur.

Eatarthu d’imir Barrett agus Keohane 122 uair in ionad an lánchúlaí do Chiarraí. Dhá chúilín a scóráladar eatarthu sa méid sin ar fad. Ceann a d’aimsigh sé i gcluiche craoibhe in aghaidh Chorcaí i 1926 an t-aon scór a fuair an Bairéadach, i gcluiche sraithe in aghaidh Longfoirt aon bhliain déag ina dhiaidh sin a fuair Keohane a chúilín féin – ba as ciceanna saora 50 slat a fuarthas an péire.

Cheana féin i sraithchomórtas na bliana seo, tá cúl scóráilte ag Seán Ó Ceallaigh in aghaidh Mhaigh Eo, tá cúilíní faighte aige in aghaidh Thír Eoghain agus Mhuineacháin agus tá scóranna go leor cruthaithe aige dá chomhghleacaithe as a chuid ruathar.

Is ó chúirt na cispheile a thugann sé cuid dá scileanna cosanta leis. Coinnigh súil ar an gCeallach agus é ag iarraidh céile comhraic a sháinniú. Sínte amach rompu ar an airde chéanna a bhíonn a gcuid lámh ag formhór na gcosantóirí – is minic leo tosú ag crúbáil agus géilleann siad ciceanna saora dá bharr.

Crochta go hard san aer a bhíonn leathlámh le Seán Ó Ceallaigh, an ceann eile sínte síos ar airde a ghlúine. Íocann an t-imreoir cispheile go daor as a chuid feallanna. Is beag fonn a bhíonn air a bheith ina dtuilleamaí más féidir.

Scil eile atá tugtha leis ag Seán den urlár cláir is ea an bealach scafánta a n-éiríonn leis dul timpeall ar a chéilí comhraic agus é ag cur tús le ceann de na ruathair a bhfuil oiread sin buntáiste bainte ag a chomrádaithe astu.

Tá an Ceallach agus lánchúlaithe eile na linne seo ar a gcompord i ngach ceard is clúid den pháirc. Fós is é a gcumas cosanta a insíonn scéalta na bhfoirne a bhí páirteach i Sraitheanna Peile Allianz 2023.

I Roinn 2, 3 agus 4 de na ranna, ba iad na foirne ba lú a ghéill scóranna a bhain babhtaí ceannais an lae inniu amach – Doire agus Áth Cliath i Roinn 2, Fear Manach agus an Cabhán i Roinn 3 agus Sligeach agus Cill Mhantáin i Roinn 4.

Ba iad Gaillimh ba bharainní i Roinn 1. Sna seacht gcluiche a d’imir siad níor ghéilleadar ach trí chúl – ceann in aghaidh Mhaigh Eo, in aghaidh Ard Mhacha agus in aghaidh Dhún na nGall. Beagán le cois deich gcúilín ar an meán a scóráladh ina gcoinne i ngach cluiche acu sin – 81 cúilín san iomlán.

Níor sháraigh sin sna ceithre roinn ach Doire agus an Iarmhí, dream ar chosain a gcliseadh in aghaidh an Chabháin Dé Domhnaigh seo caite áit orthu i mbabhta ceannais Roinn 3.

Ainneoin a bhfuil ráite agam i dtaobh na cosanta, tá tábhacht freisin i gcónaí ar ndóigh leis na bratacha a ardaítear ag ceann eile.

Is leo siúd a shaothraigh Maigh Eo a bpaisinéireacht chuig Cluiche Ceannais Roinn 1. Ba iad an 14 cúilín a scóráil siad sa gcéad bhabhta in aghaidh na Gaillimhe (1-11) agus in aghaidh Mhuineacháin an Domhnach seo caite an scóráil ba lú a rinne siad agus an babhta ceannais cinntithe acu sula ndeachaigh siad chun páirce beag ná mór an lá sin.

Tacaíonn scór iomlán Mhaigh Eo in aghaidh na Gaillimhe leis an tuairim gur ag foireann Phádraig Joyce atá an chosaint is fearr sa tSraith. Sna babhtaí sraithe eile a lean, d’aimsigh Maigh Eo 0-17 in aghaidh Ard Mhacha; 2-14 in aghaidh Chiarraí; 4-10 in aghaidh Thír Eoghain; 1-16 in aghaidh Ros Comáin agus 1-17 in aghaidh Dhún na nGall. Ocht gcúl ar fad, an líon is mó ag aon fhoireann i Roinn 1

Idir na ceithre roinn, níl foireann a bhuaigh na cluichí ar fad a d’imir siad. Doire i Roinn 2 ba ghaire a chuaigh dó.

Go deimhin, ba chosúil an gaisce a bheith déanta ag na Tuaisceartaigh ar Pháirc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh seo caite, áit a raibh siad cúl chun cinn agus ocht nóiméad den am breise caite. As rúcáil a fuair Ian Maguire an cúl a d’fhág an chreach roinnte.

Ag Doire freisin atá príomhscórálaí na Sraithe Peile go dtí seo, Shane McGuigan a bhfuil 2-36 aimsithe aige.

Fág freagra ar 'Tá Ceallach na Gaillimhe ar a chompord i ngach ceard is clúid den pháirc'