Tá Boston caillte ag na Gaeil – athrú ollmhór don diaspóra 

Caithfear agus comhairfear na vótaí i dtoghchán méarachta Bhostúin inniu agus ag na mionlaigh atá an móramh anois

Tá Boston caillte ag na Gaeil – athrú ollmhór don diaspóra 

Toghchán stairiúil atáthar a thabhairt air i mBoston.  Toghfar bean ina Méara ar an gcathair stairiúil den chéad uair agus féadfar a bheith ionann agus cinnte gurb í Michelle Wu, de bhunadh na hÁise a thabharfaidh an geall léi.  Beidh sí ar an gcéad Mhéara nach den chine geal Eorpach í a thiocfaidh i gceannas ar phríomhchathair na nGael sna Stáit Aontaithe.  Beidh bua mór ag na mná agus ag na mionlaigh, ach beidh mant curtha i gcumhacht dhiaspóra na hÉireann sna Stáit Aontaithe.

Táthar á chaoineadh sin cheana féin.  Fiú amháin an tráchtaire aitheanta, Larry Donnelly, Léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, admhaíonn sé go bhfuil buille faighte ag a chroí.  As Boston é Larry Donnelly, mac dearthár leis an iarFheisire Comhdhála as Massachusetts, Brian Donnelly (an fear a thug feidhm do na ‘Donnelly Visas’ sna 1980idí).

Chleacht teaghlach Donnelly, ach an oiread le go leor eile, forlámhas shliocht na hÉireann ar pholaitíocht Bhoston.  Ceart go leor, bhain Thomas Menino, de shliocht na hIodáile píosa mór amach i gceannas ar Halla na Cathrach i mBoston nó gur toghadh Marty Walsh in 2013 ach bhíothas ar ais mar a bhíodh i mBoston an uair sin.  Ba de mhianach na hÉireann formhór Mhéaraí Bhoston san 20ú haois uilig.  Bhíodar chomh tréan sin i bpolaitíocht Massachusetts agus go mba de shliocht iarthar na Gaillimhe agus oileáin Árann an triúr a bhí san iomaíocht do phost an Mhéara i mBoston i 1949.

Ba as Carna i gConamara é athair Sonny McDonagh agus ba as Inis Mór a mháthair.  Ba as Uachtar Ard iad tuismitheoirí James Michael Curley agus ba as ceantar Bhaile Locha Riach, 20 míle taobh thoir de chathair na Gaillimhe, iad muintir John Hynes.  Ba é Hynes a thug an geall leis an bhliain sin.

Tuigfidh go leor daoine an priocadh maoithneachais atá ag goilliúint ar leithéidí Larry Donnelly.  Ní hé go bhfuil aon olc ná faltanas acu do na mionlaigh a bheith i gcumhacht.  Ach tádar ag caitheamh i ndiaidh an tsaoil a rabhadar cleachta leis i mBoston, agus stádas níos fearr ag Éireannaigh sa gcathair dá bharr. Ba í seo príomhchathair na nGael agus a lorg sin ar go leor de Bhoston.

Céard atá tarlaithe agus cá ndeachaigh na Gaeil?

Sách simplí atá an freagra, ar bhealaí – easpa vótaí.  Uimhreacha is bun agus barr leis an bpolaitíocht lá an toghcháin agus níl na huimhreacha ag na hÉireannaigh i mBoston níos mó.

Buailtear go leor den mhilleán ar chonspóid na ‘busála’ sna 1970idí.  Polasaí a bhí anseo go gcuirfí gasúir den chine bán agus den chine dubh chun na scoile in éineacht.  Thabharfaí gasúir as ceantar ina raibh cine amháin acu ina gcónaí ar bhusanna go ceantar an chine eile agus chuirfí in éineacht iad chun na scoile.  Bhí éirí amach ina aghaidh sin i gceantar South Boston.  Ba phobal Éireannach agus Gael-Mheiriceánach den chuid is mó a bhí i South Boston an tráth sin; bhíodh cuimse daoine as Conamara ann tráth. Cuireadh scéal an aighnis ó chósta go cósta sna Stáit.  Cuireadh i leith na nÉireannach go rabhadar fabhrach don chinedheighilt agus go rabhadar in aghaidh an chine dhuibh.

Is beag gasúr ar bith as South Boston a cuireadh chuig an mheánscoil áitiúil – an South Boston High School – ina dhiaidh sin.  Thosaigh go leor daoine ag bogadh amach as an gceantar uilig go bailte eile in Massachusetts; tá an t-aistriú daonra sin ar siúl i gcónaí.  Bhí lorg na busála sin in áiteacha eile sa gcathair freisin.  Go deimhin, bhí imeacht na ndaoine geala, ar ar tugadh an ‘White Flight’, ar bun i gcathracha eile, daoine as ceantair ina raibh an tromlach geal a bhí in acmhainn imeacht ag bualadh bóthair.  Bhí teannas idirchiníoch i gcathracha eile sna Stáit.  Ag an am céanna,  bhí – agus tá – sruth mór eile daonra ag tarlú.  Agus tá an chúis atá leis seo ag dul siar go dtí 1965.  Sin í an bhliain ar shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an dlí ar a dtugtar an tAcht Inimirce agus Náisiúntachta (Immigration and Nationality Act) faoi scáth Dhealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac.  Ach dáiríre ní hé a cheap ná a chum.

Nuair a tháinig na Cinnéidigh as Boston go Washington D.C. i 1961 agus JFK ina Uachtarán nua, bhí sé mar pholasaí acu go reáchtálfaí dlíthe a thabharfadh cothrom na Féinne don phobal dubh, polasaí a theastaigh go géar.  Rinneadh sin.  Ach bhí John Fitzgerald Kennedy ag breathnú amach ar an domhan uilig.  Má bhí ceart le tabhairt do chaon aicme i Meiriceá, bheadh cothrom na Féinne le tabhairt freisin do dhaoine a bhí ag iarraidh cur fúthu sna Stáit; ní bheadh forlámhas ag réigiún ar bith den domhan i ndlíthe inimirce Mheiriceá.  Bhí, ar ndóigh, polaitíocht idirnáisiúnta ag baint leis seo freisin agus bhíothas ag múnlú cairdis le tíortha agus réigiúin eile i dtréimhse an Chogaidh Fhuair.   

D’fhág Lyndon Johnson stiúradh an bhille trí Thithe na Comhdhála faoi chúram an tseanadóra Ted Kennedy. Rinne sé an beart.  D’athródh an dlí nua an compás i dtreo thíortha na hÁise agus Mheiriceá Theas ach ceapadh nach mbainfidís mórán leasa as an gcóras.  Bhí dul amú ar na Meiriceánaigh.  Thángadar as Meiriceá Theas agus as an Áise sina milliúin.   Ar shráideanna a bhíodh plódaithe le hÉireannaigh thart ar Dorchester, Fields Corner i mBoston, tá siopaí anois ag dreamanna as Vítneam, an Chóiré Theas agus tíortha eile.    

Ar ndóigh, d’fheabhsaigh an saol sa mbaile in Éirinn agus fiú agus dá mbeadh deis chónaithe agus oibre ar fáil go dleathach i Meiriceá anois, ní bheadh an imirce chomh tréan.  Ina dhiaidh sin féin, chuir 250,000 duine as an tír seo isteach ar na pasanna ar chuir uncail Larry Donnelly feidhm leo i 1987 mar shocrú ar leith don Eoraip; pasanna a thabharfadh cead cónaithe duit i Meiriceá.  Ní raibh ar fáil acu ach 30,000.

Inniu a chaithfear agus a chomhairfear na vótaí i mBoston.  Tá Michelle Wu, a tháinig as Chicago agus a bhaineann leis an eite chlé sna Daonlathaigh, gaibhte go mór chun cinn ar Annissa Essabi-George.

Tá na mionlaigh ag tacú le Wu agus acusan atá an móramh i mBoston anois.  Is leo a lorg féin a fhágáil ar stiúir phríomhchathair na nGael feasta.  Go n-éirí leo.

Fág freagra ar 'Tá Boston caillte ag na Gaeil – athrú ollmhór don diaspóra '