Tá an domhan ag leá agus ruball na muice

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, fiagaithe agus iascairí an Artaigh agus péirí, díseanna agus beirteanna

Tá an domhan ag leá agus ruball na muice

Ragnar Axelsson
Where the World is Melting
Foilsithe ag Kehrer Verlag
Téacs le Ragnar Axelsson, Isabell Siben
Deartha ag Einar Geir Ingvarsson
Clúdach crua 24,5 x 29,4 cm
224 lch, 149 léaráid
Teanga: Gearmáinis & Béarla
ISBN 978-3-96900-064-9
Luach €49,90

Tá fiagaithe agus iascairí an Artaigh á dtabhairt faoi deara agus á dtaifeadadh ag an ngrianghrafadóir Íoslannach Ragnar Axelsson le breis is dhá scór bliain anuas. Ní maith leis an méid atá feicthe aige. Tá an domhan ag leá.
Is dóigh leis nach mbeidh an pobal Artach in ann maireachtáil i bhfad eile agus go bhfuil na traidisiúin go léir a chothaigh go dtí seo iad i mbaol a scriosta gan mhoill de dheasca athrú aeráide.

Is fiú cuairt a thabhairt ar a shuíomh gréasáin.

Péirí, díseanna, beirteanna

Me Kaksi
Atelier EXB, An Fhrainc, a d’fhoilsigh, 2021
Teanga: Béarla
204 leathanach
Toisí: 9½x7″

Níor thuigeas na focail i gceart nuair a chuala mé an t-amhrán Bacach Shíol Aindí ar dtús. Is cosúil go mbaineann an t-amhrán le Napper Tandy:

Tusa ‘gus mise

is ruball na muice

is bacach Shíol Aindí . . .

N’fheadar cad a chuir ag smaoineamh ar an amhrán sin mé. Teideal an leabhair seo, ní foláir, Me Kaksi, a chiallaíonn díreach ‘An Bheirt Againn’ (san Fhionlainnis).

Duine de na grianghrafadóirí is fearr liom is ea Sammallahti. Níl bacach Shíol Aindí sa leabhar seo, ná ruball na muice, níl ann ach péirí, díseanna, beirteanna. An-choincheap le haghaidh leabhair, nach ea?

D’fhéadfadh rud ar bith, duine ar bith, a bheith sa leabhar, ach péire díobh a bheith ann, páistí, éin, fear agus a mhadra, beirt ag dul thar bráid, agus an gaol eatarthu. Ní bheadh a fhios agat! Agus tá an domhan siúlta ag Pentti Sammallahti. Is iomaí péire a shnámh thar a lionsa.

Baineann neamhbhuaine le radhairc a mbeireann an grianghrafadóir orthu ach tá an cháilíocht sin le brath níos géire ná mar is gnáth i saothar mórealaíontóra.

Fág freagra ar 'Tá an domhan ag leá agus ruball na muice'