Seosamh Mac Donnacha, Sochtheangeolaí agus Comhordaitheoir Acadúil OÉ, Gaillimh
Ó tharla an tAire a bheith chomh mór sin i ngrá leis an Ghaeilge, níl rud ar bith ab fhearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh anois léi ná infheistíocht cheart a dhéanamh inti trí bhuiséad dóthanach a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, timpeall €50 milliún in aghaidh na bliana. Chuirfeadh sin slacht ar chúrsaí ar bhealach a bhaineann leis an saol mar atá.
FUAIM: Díospóireacht faoi ‘Litir ghrá’ Joe McHugh idir Máire Ní Fhinneadha (Tuairisc.ie) agus Juliain de Spáinn (Conradh na Gaeilge) ar ‘Pléscéal’ ar RTÉ RnaG
Breandán Ó hEaghra, Stiúrthóir Meas Media
Tá margaíocht agus poiblíocht den scoth faighte ag an teanga le bliain anuas i ngeall ar ‘Bhliain na Gaeilge’ agus ní drochrud é seo. Tá sé éasca a bheith ag caitheamh anuas ar rudaí – teastaíonn uainn uilig go mbeadh feabhas ar an tacaíocht a thugann an rialtas don teanga, ach ag an am céanna is fiú an dul chun cinn a cheiliúradh agus is dul chun cinn, de shaghas éigin, é an feachtas seo.
‘Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge den chéad uair in 2014’ – litir ghrá agus clár Bhliain na Gaeilge seolta ag Joe McHugh
Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge, RTÉ
Seachas feachtas Chonradh na Gaeilge a lochtú, déarfaidh mé an méid seo; sílim go gcaithfidh muid a bheith cúramach go gcosnaíonn muid an iriseoireacht. Tá lánchead ag Máire Ní Fhinneadha colún cáinteach a scríobh faoin Aire. Ní gá go n-aontódh muid ar fad le tuairimí na n-iriseoirí, ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh siad [na tuairimí sin] ann, go háirithe i gcomhthéacs a bhfuil ag tarlú don iriseoireacht trí chéile le tamall de bhlianta anuas.
Cén scail atá ort, Joe? Freagra tugtha ag ‘An Ghaeilge’ ar litir ghrá Joe McHugh
Cormac Ó hEadhra, craoltóir le RTÉ
Tá dhá dhream a mbíonn an tAire Gaeltachta Joe McHugh agus Conradh na Gaeilge ag freastal orthu; daoine ar bheagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilge agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bíonn spreagadh á thabhairt dóibh siúd ar bheagán Gaeilge í a úsáid agus bíonn muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ag súil go gcuirfear seirbhísí cearta Gaeilge ar fáil dóibh agus go mbeadh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht ar a son. Tharla an chonspóid seo sa bhearna idir an dá ghrúpa sin. Is cuid é ‘feachtas na litreach grá’ den spreagadh atá á thabhairt do dhaoine ar bheagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilge. Is dóigh go bhfuil sé ceart spreagadh a thabhairt don phobal ar bheagán Gaeilge ach níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir ba cheart seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Mar gheall ar an nganntanas sin, mothaím go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta soiniciúil nó mífhoighneach. Tá frustrachas orthu. Aon uair a dtagann rud beag mar seo chun cinn, spréachann siad agus deir siad ‘caith do chuid ama ag déanamh rud éigin a bheadh fiúntach dúinne’.
Donncha Ó hÉallaithe, tráchtaire agus gníomhaí pobail
‘Níl sa ‘Litir Ghrá don Ghaeilge’ ach cúrsaí caidreamh poiblí, rud atá ceaptha aird a bhaint ó easpa beartas praiticiúil an stáit i leith na Gaeilge is na Gaeltachta. Níl aon easpa ‘grá’ ann don Ghaeilge sa tír seo, ach tá easpa polasaithe is tacaíochtaí ciallmhara ann a chuideodh leis an nGaeilge a chaomhnú is a neartú sa gcuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an teanga fós in úsáid. Tá easpa deiseanna ann an Ghaeilge a úsáid leis an státchóras de bharr siléig an rialtais seo agus an rialtais a chuaigh roimhe.
Tá díomá orm le Conradh na Gaeilge. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an eagraíocht ceannaithe mar gheall ar an tsuim airgid a cuireadh ar fáil le ‘ceiliúradh’ a dhéanamh ar 125 bliain d’Athbheochan na Gaeilge. Is deacair a aithint céard atá le ceiliúradh, mar gur theip go tubaisteach ar an athbheochan chéanna. Is faoi sin ar cheart a bheith ag caint. Bhí breis is 25 oiread an méid sin cainteoirí gníomhacha sa Ghaeltacht nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893. Tá muid anois taobh le thart ar 20,000 duine, ar a mhéad, atá ina gcónaí i gceantair tíre ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar. Sa stát ar fad tá beagán le cois 70,000 a deir go n-úsáideann siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Bhí an athbheochan ag iarraidh úsáid na Gaeilge a leathnú is a mhalairt a tharla. Ní mórán d’athbheochan ar theanga nuair a chreimeann an Ghaeltacht ó breis is 500,000 cainteoir líofa Gaeilge i 1893 go thart ar 20,000 sa lá atá inniu ann!
Litir de chineál eile a theastódh: litir ghearáin le cur ag Joe McHugh, litir ag iarraidh air éirí as agus ligean don Taoiseach duine eile a chur ina áit, atá sásta dul i ngleic le fadhbanna na Gaeltachta agus leis na bacanna a chuireann iachall ar chainteoirí Gaeilge iompú ar an mBéarla agus iad ag déileáil leis an státchóras. Tugadh seans do Joe ach theip air dul i ngleic leis an bhfadhb, seachas airgead a chur amú ar Phleanáil Teanga i gceantair ‘Ghaeltachta’ nach bhfuil aon Ghaeilge fágtha iontu ar fiú trácht uirthi agus gan a ndóthain a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga bheo le cosaint, le caomhnú agus le neartú.
Brenda Ní Shúilleabháin, léiritheoir teilifíse agus iarmhúinteoir scoile
Ceapaim go gceileann an argóint seo an cheist is tabhachtaí. Is í an cheist is tábhachtaí maidir leis an nGaeilge ar fud na tíre ná conas go dtéann daoine chun na scoile ar feadh 14 bliana, go bhfoghlaimíonn siad an Ghaeilge gach uile lá agus go bhfágann a bhformhór an scoil agus gan aon fhocal di ina bpus acu. Sin an cheist is tábhachtaí agus tá míniú i bhfreagra na ceiste sin ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge. Maidir leis an achrann, is é an trua é nár chuir Joe McHugh an focal ‘amháin’ isteach ag deireadh na habairte seo ina litir.
Go tobann, bhí mé tugtha leis an leagan nua seo agus don chéad uair tháinig an tuiscint go bhfuil ár dteanga i bhfad níos tábhachtaí ná uirlis c[h]umarsáide…
Is dóigh liom nach mbeadh an méid chéanna feirge ar Mháire dá ndéanfadh sé sin. Nílim cinnte, áfach, an ndéarfadh an Ghaeilge na rudaí a dúirt Máire. Tá an litir an-éadóchasach. Mar a tharlaíonn i gcónaí, nuair atá ceist na teanga á plé againn, seachnaítear an cheist is bunúsaí ar fad. Tá muid ag caitheamh na milliún agus na milliún euro gach aon bhliain ar mhúineadh na Gaeilge agus níltear á foghlaim.
Gabriel Rosenstock
Caithfear an aigne a dhíchoilíniú i dtosach. Beidh rath éigin ar mhúineadh na Gaeilge ansin.
Ach caithfear aigne an mhúinteora agus aigne an dalta a dhíchoilíniú i dtosach. Deir Ngũgĩ’ sa leabhar Decolonising the Mind:
” Language as communication and as culture are products of each other. Communication creates culture: culture is a means of communication. Language carries culture, and culture carries, particularly through orature and literature, the entire body of values by which we come to perceive ourselves and our place in the world. How people perceive themselves affects how they look at their culture, at their places, politics and at the social production of wealth, at their entire relationship to nature and to other beings. Language is thus inseparable from ourselves as a community of human beings with a specific form and character, a specific history, a specific relationship to the world . . .” Ní fheicimse léirmheasanna ná plé ar smaointeoiri ar nós Ngũgĩ sna meáin Ghaeilge, Tuairisc.ie san áireamh, ná níor chuala mé a ainm luaite riamh ag Teachta Dála ná Seanadóir ar bith. I bhfocail eile, beidh plé ar cheist na teanga ann go Lá Philib an Chleite ach go dtí go n-aithnítear an eilifint sa seomra – an aigne choilínithe – ní féidir dul chun cinn ceart a dhéanamh go brách.
Sean Mac Cearain
Tá an Ghaeilge ag fáil bháis ni féidir le haon rialtas a dháth a dhéanamh faoi.Is beag duine sa Ghaeltacht nach fearr leo a ghnaoithe a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.Tá teip ar an scolaíocht trí mheán na Gaeilge.Ní féidir daoine gan Gaeilge a chur amach ag teagasc na teanga.Fiú amháin an Ghaelscolaíocht fhéin níl sí gan locht.I ngach tír a bhfuil ag éirí leis an dá theangachas tá teanga láidir ag an dá phobal atá i gceist.Moltar gur cóir cainteoirí dúchais a bheith ag teagasc na teanga sna scoileanna a bhfuil an tomoideachas á theagasc ann,Níl go leor múinteoirí againn le hard caighdean Gaeilge acu gan a bheith ag caint ar chainteoirí dúchais.Níl meas ag an ghnáth phobal sa teanga sin tús agus deireadh an scéil sin é.
Máiread de Faoite
Ar dtús, níos mó cabhair agus spreagadh do muintir na gaeltachtaí. Tús maith……………………
Cillser
^^^^^^^ *ordóg in airde*^^^^^^^^
Mánus
Tá an ceart ar fad ag Gabriel Rosenstock is í an “an aigne choilínithe” an bac is mó atá roimh athréimniú na Gaeilge.
Tá an domhandú agus an NuaLiobarálachas ag imirt droch-thionchar ar theangacha neamhfhorleathana ar fud an domhain ach nuair is “aigne choilínithe” atá again in Éirinn is deacair dúinne seasamh suas in aghaidh na fórsaí ollmhóra seo.
Rinne na scríbhneoirí Tomás Mac Síomóin, Seán de Fréine chuile iarracht an staid iarchoilíneach ina bhfuilimid a mhíniú ach ar éisteamar leo?
Is fiú alt Ngũgĩ a léamh
https://www.uibk.ac.at/anglistik/staff/davis/decolonising-the-mind.pdf
agus Mac Síomóin
https://www.irishtimes.com/culture/books/cultural-genocide-the-broken-harp-identity-and-language-in-modern-ireland-by-tom%C3%A1s-mac-s%C3%ADom%C3%B3in-1.2299891
agus De Fréíne
http://www.ricorso.net/rx/az-data/authors/d/DeFreine_S/life.htm
Ó Tuairisg
Leibideacht! Ach níor cheart go gcuirfeadh sé aon iontas orainn. Aire na Leibideachta ag faire chuile deis poiblíochta chun ráiméis a labhairt faoin Ghaeilge agus an fhírinne faoin easpa dul chun cinn, easpa infheistíochta agus easpa suim sa Ghaeltacht a chur i bhfolach.
Maidir le Conradh na Gaeilge, Boicíní na Poiblíochta, le gairid a fuair siadsan amach go raibh Gaeltacht ann! Cá bhfuil formhór imeachtaí Bliain na Gaeilge ar siúl? Cá bhfuil formhór jabanna le Conradh na Gaeilge?
Ciarán Mac Aonghusa
Dúirt J de Spáinn cupla oíche ó shoin go bhfuil borradh mór faoin Ghaeilge “amach ó roinnt fadhbanna sa Ghaeltacht” . Is leor seo mar léiriú ar a airde is atá ceann Ch na G sna scamaill – agus an Ghaeilge ar an dé deiridh mar theanga phobail. Osna.
Seán Fennell
Tá na gaelscoileanna sna Sé Chontae faoi bhláth, go háirithe i mBéal Feirste.
Dearcadh uile-Éireannach agus gaelach a chuireann siad chun cinn, tír, teanga, cluichí CLG srl, tá pobal láidir uaillmhianach ag athbheochan na teanga ar bhonn laethúil, grúpaí ar nós Ionad Uibh Eachach, An Droichead, An Chultúrlann, Glór na Móna. Maireann an mana, ná habair é déan é.
Bíonn muintir na Gaeltachta faoi leigear ag an Bhéarla, ach caithfidh siad níos mó bróid a léiriú sa teanga labhartha. Bíonn leisc orthu an Ghaeilge a úsáid. fostaíocht de dhíth fosta, dár ndóighe. Is iad na gaelscoileanna todhchaí na Gaeilge!!