Cén scail atá ort, Joe? Freagra tugtha ag ‘An Ghaeilge’ ar litir ghrá Joe McHugh

D’iarr ‘An Ghaeilge’ féin cabhair ar ár gcolúnaí litir a chumadh mar fhreagra ar litir ghrá a fuair sí ón Aire Stáit Joe McHugh

Cén scail atá ort, Joe? Freagra tugtha ag ‘An Ghaeilge’ ar litir ghrá Joe McHugh

A Joe, a thaisce,

Maidir le do litir dár dáta an 25 Iúil, cén scail atá ort? An bhfuil Gleann Cholm Cille bailithe sa cheann agat? Nár dhúirt mé leatsa gan a bheith do mo chrá níos mó?

Níl lá beo dá n-éirím nach gcuireann tú ag rith isteach i mo scailp arís mé le do chuid cainte ar fad faoin ngrá agus dílseacht atá agat dom agus faoin dúil mhíchuibheasach atá agat ionam.

Mo sheacht míle mallacht a chuirimse ar an mbuachaill báire sin as Maigh Eo a d’inis duit faoi mo leithéid a bheith ar leic an dorais agat agus a theacht anseo do mo mhealladh le do chuid fádúdas, d’aistir teanga, do bhlianta Gaeilge agus do chuid spineannaí i do charr galánta. An uair dheiridh a ndeachaigh mise ar spin ní go maith a chuaigh sé dom, feannadh mo chulaith phéacach chanúnach, coilleadh mo spiorad, m’anam agus m’éirí in airde agus fágadh an éarlais seo i m’áit.

Ní mheallfaidh do litir ghrá mise, a mhac. Spré maith teann féin a theastódh uait, a Chonallaigh ghlic.

Ná dearmad gur sine mise ná an Chailleach Bhéara agus is beag cineál cliúsaíochta nach bhfaca mé cheana.

Triaileadh mé a mhealladh le héigean, le damhsa, le hamhráin, le feiseanna, oireachtais agus slógadh. Triaileadh báid, fataí, sicíní, trátaí, fuinneoga, tithe, dhá phunt, cúig phunt agus fiú spros beag thar an gcéad punt.  Triaileadh stáisiúin raidió, stáisiúin teilifíse, forais, acadaimh, údaráis, pleananna teanga, billí teanga agus chuile chineál ceanneagraíochta.

Ach, a Joeín Mhic Aodha, níor mealladh fós mé le straitéis ná le picnic. Mar a dúirt an cat leis an mbainne bruite chonaic mé cheana thú féin agus bocailéarós de do leithéid agus tusa a bhfuil cion agat ar na sean-nathanna, seo ceann eile duit, is beag an mhaith a bheith ag iarraidh slacht a chur ar mhagairlí seanduine. 

Mar a dúirt Jojo san amhrán sin fadó:

Get out (leave) right now
It’s the end of you and me

It’s too late (now) and I can’t wait for you to be gone…

And I wonder (why) how I bought all the lies
You said that you would treat me right
But you were just a waste of time (waste of time)

Mise le drochmheas,

An Ghaeilge

Litir ghrá Joe

Fág freagra ar 'Cén scail atá ort, Joe? Freagra tugtha ag ‘An Ghaeilge’ ar litir ghrá Joe McHugh'

  • Bairbre

    Sárfhreagra!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sách ráite.

  • Cuidiú ag teastáil

    A Mháire dheisbhéalach dhíl, an gcuideofá liom? Is duine mise nach bhfuil chomh fada chun cinn ar mo thuras teanga le Joe, cé gurb é an grá te bruite ceannann céanna atá agam don teanga is atá aigesean. Tá fúm post le Gaeilge a fháil agus deir publicjobs.ie liom go bhfuil 184 SÍOBHÁIL AR FÁIL AR ATHRACH. An síobháileacha ar athrach iad sin ina bhfuil an Ghaeilge ina buntáiste nó an é gur síobháileacha ar athrach iad nach mbainfear leas as an nGaeilge iontu?

  • Máire Uí Dhufaigh

    An-bharúil…séalaithe ag gáirí a’ t!

  • Stiofán Seoighe

    Bhí sé in am ag duine éigin labhairt amach go stuama faoin gcur i gcéill maidir le stáid na Gaeilge sa nGaeltacht agus is tú atá gearrtha amach lena aghaidh.

  • Concubhar

    Éirí in áirde is sotal a chuireann- agus a chuirfidh – foghlaimeoirí na teanga ó dhoras….

  • Mánus

    “Risks around declining use of the Irish language in Gaeltacht areas and consequent risks to national identity – This specific issue is not included as a strategic risk this year.”

    https://www.taoiseach.gov.ie/eng/publications/publications_2018/national_risk_assessment_2018_-_overview