Comhghairdeas le mo chomhghleacaí Maitiú Ó Coimín as scéal na scannán craicinn a bhí i bhfolach ar YouTube a fhoilsiú – scéal a tuairiscíodh i bhfad is i ngearr. Dar ndóigh, is chun an dubh ina gheal a chur ar chinsirí YouTube a tugadh ainmneacha Gaeilge ar na físeáin sin; tá an chéad scannán leathair i dteanga Bhríd agus Phádraig fós le déanamh, is cosúil. Níl a fhios agam an bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, nó an dtiocfadh le TG4 ceann a rinneadh ar an choigríoch a athghuthú? I gcás na Gaeilge de, tá lucht na bpeann i bhfad chun tosaigh ar lucht na gceamaraí. ‘Is iomaí rud a dhéanann dís deonach,’ a deir an seanfhocal Gàidhlig, agus is beag rud díobh sin nach bhfuil pléite go neamhbhalbh ag Nuala Ní Dhomhnaill, Micheál Ó Conghaile agus Liam Ó Muirthile, gan ach triúr a lua.
Rinne ár gcuid scríbhneoirí an méid sin in ainneoin na foclóirí a bheith balbh faoin ghné seo den saol go dtí le gairid. An Duinníneach féin, théadh sé ar chúl scéithe le focail áirithe seachas a mbrí a fhógairt glan amach. Agus an focal ‘drúth’ á mhíniú aige, thug sé an focal crua ‘harlot’ taobh leis an leathmhíniú seo: ‘a foolish girl…though not wholly incapable of being useful’. Is beag trácht ar chúrsaí gnéis atá sna seanfhoclóirí agus, an méid atá ann, tá tarcaisne i leith na mban le brath go láidir air.
In aigne na nGael, bhí dlúthcheangal idir díth céille agus drúis. Cad is ‘baois-teach’ ann, dar libh? Sorcas? Gealtlann? Leasainm ar Theach Laighean? Ní hea, a dhuine, ach ainm eile ar theach striapachais. Bhí ciall bheag eile leis, a mhínigh Robert Archibald Armstrong ina fhoclóir siúd (1825): ‘a frequenter of brothels.’ Mar sin de, is baoisteach é Silvio Berlusconi, cuir i gcás.
Is dócha gur cuimhin le foghlaimeoirí Gaeilge ar fud na cruinne an díomá a bhí orthu nuair a chuaigh siad a chuardach na bhfocal gáirsiúil i bhfoclóir de Bhaldraithe agus gan aon ní le fáil ann ach Victoriana mar ‘féintruailliú’. I gcás ‘orgasm’, fiú amháin, tugadh tús áite don mhíniú neamhghnéasach ‘racht (feirge, etc.)’. Ceart go leor, tugadh ‘súnás’ ina dhiaidh sin agus an nod ‘Physiological’ leis. Sa réamhrá a chuir sé le ‘Ó Ghlíomáil go Giniúint, foclóir na Collaíochta’ (Coiscéim, 1997), luaigh Dáithí Ó Luineacháin an claonadh sin chun ‘míniú Laidine nó débhríoch a thabhairt ar fhocail áirithe.’
Mór an trua nach bhfuil Dáithí linn in aois na foilsitheoireachta ar líne. Thaitneodh sé leis go dtuigeann foireann www.focloir.ie nach mairnéalaigh amháin a bhíonn ‘ag crúsáil’. Agus níl mórán a dhéanfadh dís deonach nach bhfuil cur síos air ar www.focal.ie.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Cuairteoir
Seans nach fada uainn an lá… tá na treoracha anseo!
https://nos.ie/saol/craiceann/10-ndeasu-gneis-as-gaeilge/
Eoin P.
Is gá breathnú ar fhoclóirí Bannister, go leor leor déanta ag Rossa Ó Snodaigh- an duine is mó a shaothraigh an gort sin a ligfeadh dúinn scannán leathair a aistriú. Cliúsaíocht as Gaeilge go príomha agus tograí le beoghuthú ar leatharscannán!