Tá an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile ag laghdú agus na Déise chun tosaigh

Agus deireadh leis an tsraith beidh tá aird ag an uile dhuine ar thús na craoibhe an deireadh seachtaine seo chugainn

Tá an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile ag laghdú agus na Déise chun tosaigh

Dan Morrissey agus Jamie Barron. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhuel tá an chéad chuid den séasúr iomána críochnaithe agus Port Láirge ina máistrí club agus contae.

Thosnaigh cúrsaí iomána don bhliain 2022 le craobh club na Mumhan agus taispeántas iontach ó Bhaile Gunnair i gcoinne Cill Mocheallóg. Ag an am céanna, bhí foirne neamhghnácha i gcluichí leathcheannais idirmheánacha na gclub againn. Cumann iománaíochta Tuairín as Maigh Eo i gcoinne Nás Chill Dara agus Beannchar Dhoire i gcoinne Chill Mhaoile Chiarraí . Cill Mhaoile agus an Nás a rinne a mbealach go dtí an cluiche ceannais agus ba iad leads Chill Dara a chuir a n-ainm sa táin agus an corn buaite acu an lá céanna ar cuireadh tús leis an tsraith náisiúnta. 

An lá céanna sheol an gaiscíoch TJ Reid a chlub Baile Héil isteach i gcluiche ceannais na hÉireann le cúl míorúilteach ó bhuille saor ag an nóiméad deiridh. Bhí an toradh thar a bheith dian ar Naomh Tomás a bhí níos fearr ná a gcéilí comhraic an lá sin. 

Sa chluiche leathcheannais eile rinne Baile Gunnair a ndóthain chun an bua a fháil ar ghaiscígh Shleacht Néill, rud a chinntigh áit dóibh sa chluiche ceannais den chéad uair riamh.

Agus trí seachtaine ina dhiaidh sin ba iad Baile Gunnair a scóráil an cúl cinniúnach ag an bhfíordheireadh chun a gcéad bua uile-Éireann a fháil do chlub ó Phort Láirge. Tá ainm an scórálaí, Harry Ruddle, i mbéal an phobail ó shin agus é ag roinnt an spotsolais le Séamus Darby Uíbh Fhailí.

Ins an chomórtas contae is iad Corcaigh agus an Clár a chuir tús le séasúr na sraithe i bPáirc Uí Chaoimh agus bua slachtmhar ag na Corcaígh. Ach ba le Loch Garman agus iad sa bhaile sárthaispeántas agus bua gan choinne an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh siad ar Luimneach, bua a bhí tuillte go maith acu. Sé lá ina dhiaidh rinne an Ghaillimh an rud céanna ar Luimneach ina gcúlghairdín féinig agus mar bharr ar an donas taispeánadh cárta dearg díreach do Ghearóid Hegarty go luath sa dara leath.

Taca an ama chéanna, an Déiseach Mikey Kiely a thuill na ceannlínte i gcomórtas Mhic Giobúin agus é ag imirt d’Ollscoil Luimnigh. Scóráil sé cúl an bhua in am breise sa cluiche leathcheannais agus cúl an bhua in am cúitimh gortuithe sa chluiche ceannais.

I ndiaidh bhabhta a trí na sraithe bhí Luimneach fós gan aon phointe agus Corcaigh, Loch Garman agus Baile Átha Cliath chun tosaigh.

Ansin ar an Aoine roimh bhabhta a ceathair tháinig an drochscéala go raibh Paul Shefflin, deartháir Henry imithe ar shlí na fírinne agus gan é ach bliain agus dhá scór.

Lean na cluichí ar aghaidh agus Luimneach fós folamh ag dul isteach sa bhabhta deireanach, fadhb a réitigh siad trí ghreadadh a thabhairt d’Uíbh Fhailí. Agus gan ach trí seachtaine fágtha go dtí an comórtas craoibhe, imríodh na babhtaí leathcheannais agus Corcaigh agus Port Láirge a bhí fós ina seasamh ina ndiaidh. Thug an dá chontae taispeántais an-slachtmhar uathu, go háirithe Port Láirge a scóráil cúig chúl. Faraor, chaill siad Austin Gleeson, a fuair dhá cheann des na cúil sin, mar gheall ar eachtra amaideach ag deireadh an chluiche, tráth ar raibh farasbarr níos mó ná sé chúl ag a fhoireann.

An Satharn ina dhiaidh sin i Staid Semple bhí Port Láirge d’uireasa Austin Gleeson, Jamie Barron, Iarlaith Daly agus cúpla imreoir eile ach fuair siad ceithre chúl agus bhí siad go mór in uachtar ag an deireadh in aghaidh Chorcaí. Bhí siad thar a bheith cumasach agus d’éirigh leo greim scrogaill a choimeád ar bheirt de na himreoirí is fearr atá ag Corcaigh, Mark Coleman agus Darragh FitzGibbon. Mar aon leis sin choimeád siad Patrick Horgan taobh le cúilín fánach amháin ón imirt.

Mar sin tá corn Uí Néill (na Mumhan), corn Tommy Moore (na hÉireann) agus corn an Dochtúra Croke (na Sraithe) neadaithe sna Déise.

Tosnóidh na cathanna don chéad chorn eile an chéad deireadh seachtaine eile. An iad Port Láirge a leagfaidh Luimneach dá bhfara i mbliana? Bhuel ag an am seo is ag na Déise atá na dintiúirí is láidre chuige sin. Ach tá mórán allais le cur fós, ach bunaithe ar an bhfianaise atá againn go dtí seo tá an bhearna ag laghdú agus na Déise chun tosaigh.

Fág freagra ar 'Tá an bhearna idir Luimneach agus an chuid eile ag laghdú agus na Déise chun tosaigh'