‘Tá an athbheochan ag teacht’ a deir Joe McHugh agus an Pop-Up Gaeltacht, na Simpsons agus James Bond faoi chaibidil sa Dáil

Tá athbheochan teanga á tuar ag Aire Stáit na Gaeltachta ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gurb amhlaidh gur géarchéim atá ann agus gurb é ‘can’t somebody else do it?' mana an Aire

‘Tá an athbheochan ag teacht’ a deir Joe McHugh agus an Pop-Up Gaeltacht, na Simpsons agus James Bond faoi chaibidil sa Dáil

Bhí idir dhóchas agus éadóchas faoi chás na teanga le sonrú sa Dáil an tseachtain seo agus tagairtí déanta ag Teachtaí Dála do The Simpsons, James Bond agus an Pop-Up Gaeltacht le linn ceisteanna faoi chás na Gaeilge.

An Teachta Dála Peadar Tóibín a rinne tagairt do The Simpsons nuair a chuir sé i leith Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh an mana céanna aige a chualathas in eagrán den chlár iomráiteach a bhain le feachtas toghchánaíochta – ‘Can’t somebody else do it?’.

“Le fada an lá atá mise ag teacht isteach anseo ag taispeáint fianaise duitse mar gheall ar an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge ag an bhomaite. Tá [líon na] cainteoirí laethúla tar éis titim sa daonáireamh, tá an tóin tar éis titim as buiséad Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge agus gach ceann de na heagraíochtaí eile freisin. Tá an Straitéis 20 Bliain caite isteach sa bhosca bruscair ag an bpointe seo,” a dúirt Tóibín.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go mbíonn an tAire McHugh i gcónaí “ag díriú ar na ranna eile mar gheall ar an bhfadhb seo”.

“Nach bhfuil tusa cosúil le Mayor Quimby ag rá, ‘Can’t sombody else do it? Cén fáth nach bhfuil tusa, a Aire, ag glacadh freagrachta as an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge sa tír?” a dúirt Tóibín.

Dúirt Joe McHugh nár aontaigh sé “ar chor ar bith” leis an ráiteas go mbíonn sé “ag cur an locht ar gach roinn stáit eile faoin moill le cur i bhfeidhm na Sraitéise”.

“Go deimhin is é a mhalairt ar fad atá fíor,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé  “sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile”.

Straitéis “trasrannach” a bhí i gceist agus bhí bailchríoch á cur faoi láthair ar phlean gníomhaíochta cúig bliana ina taobh, a dúirt sé. Bhí spriocanna “sonracha” a bhí aontaithe le ranna eile sa phlean sin, a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt Peadar Tóibín go raibh cur chuige an Rialtais i leith na teanga “maslach” agus go raibh “damáiste” níos mó déanta ó thaobh ciorruithe de d’earnáil na Gaeilge ná mar a bhí déanta d’aon earnáil eile.

Dúirt Joe McHugh go raibh “comhrá iomlán de dhíth maidir leis an teanga”, gur chóir labhairt faoin “todhchaí” agus “na deacrachtaí” ach go gcíonn sé féin “na féidearthachtaí agus na deiseanna” atá ann chomh maith. Dúirt sé ansin “go raibh athbheochan ag teacht”, maíomh nach raibh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin róthógtha leis.

“Táimid i gcónaí ag féachaint ar an horizon nuair atáimid ag caint leatsa anseo, ach an aimsir láithreach tá sé sin uafásach tábhachtach,” a dúirt Peadar Tóibín.

Agus ceist ón Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath faoin Pop-up Gaeltacht á freagairt aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ina dhiaidh sin arís go raibh an “athbheochan ag teacht”.

Roimh thús a fhreagra, d’fhiafraigh an tAire Stáit McHugh den Teachta Dála neamhspleách cé acu an Gaeilge nó Béarla a bhí uaidh.

“Either. Mixed, más é do thoil é,” a dúirt McGrath, freagra a spreag an tAire Sinsearach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le tagairt a dhéanamh do ráiteas cáiliúil de chuid James Bond.

“Shaken, not stirred,” a dúirt Josepha Madigan.

“Sin an bealach is fearr,” a dúirt McHugh.

Dúirt an tAire Stáit ansin go raibh sé “dóchasach” go mbeadh ról lárnach ag an Pop-up Gaeltacht san athbheochan teanga atá á tuar aige.

“Ní bheidh sé ag stopadh ag deireadh na bliana. Bliain na Gaeilge does not stop at the end of 2018. It is all part of the plan. It is all interlinked. Tá an athbheochan ag teacht agus tá mé dóchasach go mbeidh an Pop-up Gaeltacht páirteach san athbheochan.”

Maidir leis an gceist a chuir Mattie McGrath air faoi mhaoiniú a chur ar fáil don Pop-Up Gaeltacht, dúirt Joe McHugh go raibh ‘an chuma ar an scéal’ gur ócáid ‘ad hoc ón mbun aníos’ a bhí sa Pop-Up Gaeltacht agus dá réir nár theastaigh maoiniú lena haghaidh.

Fág freagra ar '‘Tá an athbheochan ag teacht’ a deir Joe McHugh agus an Pop-Up Gaeltacht, na Simpsons agus James Bond faoi chaibidil sa Dáil'

  • Tuairisg

    Pop-up Gaeltacht mo thóin!!
    Boicíní as BÁC ag cuartú caitheamh aimsire agus stádas agus grianghraifeanna deasa le caitheamh suas ar na Snapchats agus na instagrams.
    Céard faoin bhfíor-Ghaeltacht atá faoi chúram an Aire Stáit? Muintir na Gaeltachta, lucht labhartha líofa, stairiúil na teanga caite i leathtaobh i gcónaí ar mhaithe le foghlaimeoirí, na Google translators agus na boic uasal as an gConradh a cheapann gur chóir an teanga a bhaint de mhuintir na Gaeltachta ar fad agus é a choinneál i mBÁC áit a dhéanfaidh na jab níos fearr dhó.

  • Mánus

    Beidh rudaí níos measa nuair a bheidh comhrialtas idir Ourselves agus Soldiers of Destiny. Beidh ar an teachta Cuív Ó Éamonn an Straitéis 25 Bhliain a chosaint ós eisean an údar ar an saothar fantaisíochta fhadálach sin. Beidh ar Ourselves an Straitéis 25 Bhliain a ionsaí. Sin a méid a bheidh ann mar is cinnte go mbeidh an Ghaeilge ag bun an liosta nuair a bheidh an “easiest lay in town” eile á shocrú ag Soldiers of Destiny le hOurselves. Nach bhfuil Ourselves ag cúlú go mór ón chosmhuintir chun go mbeadh an club s’acu in ann “cumhacht” a fháil san Assembly of Ireland agus sa tuaisceart? Ná bímis ag súil le feabhas ar bith ó pheileadóirí Ourselves agus iad ag ciceáil na Gaeilge timpeall sa sorcas polaitiúil. Bí ag caint ar siniciúlacht.

  • liamo

    Athbheochan ag teacht ha ha !! Maith tú Comical Joe. Tá gearghá le tacaíocht don Ghaeltacht ó thaobh phostanna agus seirbhísí de ionas go mbeidh mianach saoil acu ach tá an Rialtas ag déanamh neamhaird ar an gcruachás ach tá Joe ag moladh go mbeidh an Pop Up Gaeltacht lárnach in athbheochan. A léithéid de ráiméis uaidh. Bíonn formhór na ndaoine ag an Pop Up sásta Gaeilge a labhairt mar chaitheamh aimsire uair sa mhí . Tacaím go hiomlán le mhuintir na Gaeltachta i gcónaí

  • Pop Up Gaeltacht

    Ar son an eolais.

    Níl aon mhaoiniú nó tacaíocht stáit faighte nó de dhíth ag Pop Up Gaeltacht. Níl aon ról feachtasaíochta, oideachasúil aici. An t-aon ról atá aici ná deis shóisialta agus feiceáileachta.

    Mórmhór na ndaoine a fhreastlaíonn uirthi tá Gaeilge líofa acu agus úsáideann siad í go laethúil. Ní caitheamh aimsire í dóibh.

  • Seán Mac Gearailt

    “Tiocfaidh ár dteanga” an manna ba chóir a bheith ag “Joe na dtairngreachtaí”. Níl suim dá laghad aige i dtodhchaí na Gaolainne. Níl uaidh ach an fhadhb a chur ar an méar fhada. Maíonn sé go bhfuil chuile shórt á phlé ag coistí agus eile; agus nach fada uainn anois réiteach ár bhfadhbanna uilig. Feiceann súil ghruama saol gruama; a mhalairt atá fíor i gcás Joe, atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn.
    Sé fírinne an scéil é nach bhfuil suim dá laghad ag an rialtas, ná ag aon rialtas le fada, sa Ghaolainn. Corr pholaiteoir anseo is ansiúd atá dáirire faoin scéal. Sin uile. mo léan.

  • Éadóchasach

    B’fhéidir ná fuil maoiniú ná tacaíocht stáit faighte nó de dhíth ag an bPop-Up Gaeltacht, ní féidir linn á rá go bhfuil sí go hiomlán neamhpholaitiúil, áfach. Níl aon ról feachtasaíochta aicise, ach baineann polaiteoirí úsáid aisti chun feachtasaíocht a dhéanamh: Tugann sí deis daoibh an ‘tsuim’ a chuirid insan dteanga a chur in iúl ar na meáin shóisialta (.i. iarracht a dhéanamh dallamullóg a chur orainn) agus ag an am céanna tá an teanga chéanna ag éirí níos laige lá i ndiaidh lae de dheasca easpa tacaíochta ósna polaiteoirí céanna…

    An cuimhin linn na féinphiceanna a ghlac Leo Varadkar le duine de bhunaitheoirí na Pop-Uipe agus é ag tabhairt cuairte ar an bPop-Up tar éis dó Josepha Madigan, Béarlóir go smior, a cheapadh ina Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta? Feachtasaíocht ar son Leo a bhí ann.

    Muna bhfuil baint ag an bPop-Up le saol polaitiúil na tíre seo, ba chóir d’eagarthóirí na Pop-Uipe é sin a chur in iúl dosna polaiteoirí nach bhfreastalaíonn uirthi ach amháin chun úsáid a bhaint aisti mar uirlis PR.

  • Tuairisg

    “Muna bhfuil baint ag an bPop-Up le saol polaitiúil na tíre seo, ba chóir d’eagarthóirí na Pop-Uipe é sin a chur in iúl dosna polaiteoirí nach bhfreastalaíonn uirthi ach amháin chun úsáid a bhaint aisti mar uirlis PR.”

    Ach cén mhaith a bheadh ann ansin dóibh fhéin? Sé’n aird agus an poiblíocht atá uathu. Iadsan a ligean do na polaiteoirí úsáid feachtasaíochta a bhaint astu. Cur i gcéill ar chuile thaobh.

  • Pop Up Gaeltacht

    Níl sé de chumas, de sprioc ná de mhian againnn stop a chur ar aon duine freastal ar Phop Upanna.

    Is fiú a rá go bhfuil breis agus céad Pop Up eagraithe ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is cinnte nach ionann polaitíocht gach eagarthóir nó gach aoi, faoi mar nach ionann polaitíocht gach Gael.

  • Éadóchasach

    ‘Níl sé de chumas, de sprioc ná de mhian againnn stop a chur ar aon duine freastal ar Phop Upanna.’

    Ní gá daoibh stop a chur ar éinne a bhfuil fonn orthu freastal ar an bPop-Up Gaeltacht – ní cheapaim gur luadh a leithéid de rud fiú -, ní bheadh ar na heagraithe ach éirí as na féinphiceanna oifigiúla le polaiteoirí (.i. féinphiceanna a chuirtear le cuntais twitter/instagram oifigiúla de chuid na bpolaiteoirí sin), rud a thugann ról feachtasaíochta d’ócáid ná fuil ‘aon ról feachtasaíochta’ aici, dár libh fhéinig… Ach b’fhéidir go bhfuil an ceart ag Tuairisg, i ndeireadh na dála.