Tá ‘A Star is Born’ caite ar an sop den tríú huair, ach is maith ann arís é…

Nuair atá carachtair agus taispeántais chomh beo téagartha is atá idir chamáin in ‘A Star is Born’, is cuma má tá an scéal feicthe trí bhabhta cheana agat

Tá ‘A Star is Born’ caite ar an sop den tríú huair, ach is maith ann arís é…

A Star is Born

Stiúrthóir: Bradley Cooper

Cliar: Bradley Cooper, Lady Gaga, Sam Elliott, Rafi Gavron.

Tá’s ag madraí an bhaile go bhfuil athleaganacha imithe sa cheann ag Hollywood le blianta. Scamhadh chun airgid ar na ceártaí móra scannán agus an t-ábhar a thuillfidh scilling dóibh á shluaisteáil chugainn ar dalladh, beag beann ar chaighdeán. Ar an gcéad luí súl mar sin shamhlófaí duit go raibh Bradley Cooper agus a comhghuaillithe rite amach ón gcairt ar fad agus iad ag tabhairt faoi léamh úr ar A Star is Born, an ceathrú leagan den scéal seo ós na tríochaidí i leith.

Tháinig an chéad leagan os comhair an lucht féachana i 1937 agus seacht mbliana déag ina dhiaidh sin d’éirigh le Judy Garland ainmniúchán Oscar a fháil dá ról i leagan eile agus í taobh le James Mason. Níorbh fhiú an deich triuf táirge 1976, agus Barbara Streisand agus Kris Kristofferson sna príomhrólanna.

Tá a dhintiúir aisteoireachta go maith ag Cooper agus taispeántais ábalta tugtha uaidh aige i leithéidí The Sniper (2014), American Hustle (2013) agus Silver Linings Playbook (2012); taispeántais a ghnóthaigh ainmniúchán Oscar an ceann. Ní rabhamar cinnte cén sórt táirge a thiocfadh as a chéad gheábh taobh thiar den cheamara óir go raibh sé féin le tabhairt faoin amhránaíocht agus bhí Lady Gaga, gur beag é a taithí aisteoireachta (seachas ról mar Scáthach ar shraith teilifíse) taobh leis. Lena chois sin ar fad bhí an scéal nua ag brath cuid mhaith ar chreatlach tháirge gan dealramh 1976.

Scéal simplí go maith atá againn. Amhránaí/ceoltóir an-cháiliúil é Jack (Cooper) atá ag dul san aois agus luite leis an ól/drugaí. Aon oíche amháin agus neamh-mheabhair chun dí air éalaíonn sé isteach i mbeár drag le bheith ag diúgadh ar a shuaimhneas. Tagann Ally (Gaga), bean a bhfuil féith an cheoil agus na hamhránaíochta go smior inti, ar stáitse agus cuireann sí Jack fé dhraíocht. Ní nach ionadh eascraíonn gaol rómánsúil eatarthu agus tugann Ally taispeántais ag ceolchoirmeacha le Jack.

Bláthaíonn saol ceoil Ally fad is atá an tóin ag titim as saol Jack. É cráite ag tragóidí a óige, an éisteacht ag teip air agus é ag titim isteach i nduibheagán an ólacháin. Smut den éad air maidir leis an rath atá ar Ally ach é ag iarraidh í a chur ar bhóthar i leasa i rith an ama, go mórmhór agus claochlú ag teacht uirthi faoi stiúir bhainisteora ghlic.

Cé gur scéal grá é seo déantar cíoradh chomh maith ar an alcólachas, an galar dubhach agus ar nádúr na cáile. Is scannán ceoil é seo chomh maith, ní nach ionadh agus Gaga sa mheitheal. ’Sí Gaga a chum cuid mhaith de na hamhráin/míreanna ceoil agus tá na dreasanna ceoil nótáilte ar fad agus Bradley féin i lár an aonaigh. Is cinnte go mbeidh an táirge seo ar thús cadhnaíochta sna rannóga ceoil oíche na nOscar.

Is iad taispeántais aisteoireachta na beirte croílár an scannáin, áfach. Éiríonn le Cooper suaiteacht a charachtair a chur in iúl go caolchúiseach, cumasach agus tá nádúrthacht, saontacht agus cruas le sonrú i dtaispeántas Gaga. Is cinnte go bhfaighidh siad beirt ainmniúchán Oscar. Nuair atá carachtair agus taispeántais chomh beo téagartha seo idir chamáin is cuma má tá an scéal feicthe trí bhabhta cheana agat.

Fág freagra ar 'Tá ‘A Star is Born’ caite ar an sop den tríú huair, ach is maith ann arís é…'