Suíomh nua seolta do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge

Tá teacht ar an suíomh nua ar eolas faoi dhea-chleachtais, ar acmhainní tacaíochta agus ar eolas maidir le himeachtaí do theaghlaigh

Suíomh nua seolta do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge

Tá suíomh gréasáin nua do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge seolta.

Glór na nGael a chuir Teanga Tí ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

Tá teacht ar an suíomh nua ar eolas faoi dhea-chleachtais, ar acmhainní tacaíochta agus ar eolas maidir le himeachtaí do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge.

Is í an t-údar aitheanta do pháistí, Máire Zepf, a sheol an suíomh nua ag ócáid fhíorúil an tseachtain seo.

Dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Rannóg na dTeaghlach le Glór na nGael, gur cúis bhróid a bhí ann don eagraíocht Teanga Tí a sheoadh.

“Beidh sé ina áis lárnach do theaghlaigh ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge acu. Ní hamháin ábhar Ghlór na nGael féin [atá ar an suíomh] ach ábhar tacaíochta úsáideach atá cruthaithe ag eagrais eile,” a dúirt Mac Ruairí.

“Creideann Glór na nGael gur sa teaghlach a chinntítear saibhreas teanga na Gaeilge do na glúinte romhainn agus go gcuirfidh an suíomh seo le saibhreas Gaeilge na ndaoine a bhainfidh leas as.

“Tá an suíomh deartha le go mbeidh sé éasca a úsáid agus na nascanna furasta a leanúint. Freastalóidh sé ar riachtanais thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, riachtanais nach raibh á soláthar go dtí seo.”

Fág freagra ar 'Suíomh nua seolta do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge'