Súil le slua mór ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, níos mó ticéad díolta roimh ré ná riamh

Inniu i gCill Airne a sheolfar féile Oireachtas na Samhna 2023 a leanfaidh ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn

Súil le slua mór ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, níos mó ticéad díolta roimh ré ná riamh

Inniu a thosóidh Gaeil ag triall ar Chill Airne d’Oireachtas na Samhna 2023 agus lucht eagraithe na féile ag súil le slua níos mó ná anuraidh.

Tuairiscítear go bhfuil níos mó ticéad díolta i mbliana, go bhfuil níos mó leapacha óstáin curtha in áirithe agus go mbeidh níos mó iomaitheoirí páirteach sna comórtais.

Chomh maith leis sin tá ardú mór ar líon na n-oibrithe deonacha a chláraigh don fhéile i mbliana i gcomparáid le anuraidh. 59 oibrí deonacha a chláraigh anuraidh rud a bhí ina údar imní ag lucht an Oireachtais ach tá “go hard os cionn an 100 oibrí a theastaíonn” cláraithe i mbliana.

“Tá tuairim againn go mbeidh go leor daoine, go mbeidh níos mó daoine i láthair fiú amháin ná mar a bhí anuraidh,” a deir Stiúrthóir an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha le Tuairisc.

“Na comharthaí sóirt atá againn agus sinn á dhéanamh sin amach ná an líon ticéad atá díolta faoin am seo – seachtain roimh an bhféile agus tá luach €20,000 de thicéid díolta faoin am seo cheana féin.”

Cuirfear tús le himeachtaí na féile leis an oscailt oifigiúil ag 3.30pm tráthnóna inniu agus bronnfar duaiseanna liteartha an Oireachtais 2023 ina dhiaidh sin.

Anocht a bhronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Ar Eoghan Ó Néill, an craoltóir agus iriseoir aitheanta as Béal Feirste, a bhronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.

Fógrófar buaiteoirí 13 gradam eile ag an ócáid chéanna san INEC anocht.

Cuirfear tús amárach le comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge agus deir Máirín Nic Dhonnchadha go bhfuil ardú “suntasach” ar líon na n-iomaitheoirí i mbliana.

“Tá suas le 900 iomaitheoir agus dhá thrian acu sin, tá siad faoi ocht mbliana déag d’aois. Is comhartha sóirt eile é sin go mbeidh níos mó daoine ag an bhféile i mbliana mar taistealaíonn níos mó daoine le hiomaitheoirí óga, mar shampla, bíonn an teaghlach ag tacú le hiomaitheoir óg atá ag glacadh páirt i gcomórtas amhránaíochta, nó damhsa nó pé rud é.”

Mar is gnáth, is iad na comórtais amhránaíochta agus rince ar an sean-nós mórimeachtaí na féile.

Beidh an mórchomórtas sean-nóis, Corn Uí Riada ar siúl Dé Sathairn.

Maidin amárach ag 10.00 am a thosóidh na comórtais ardáin sna healaíona béil agus cuirfear tús le himeachtaí an lae leis an gcomórtas Agallamh Beirte do dhaoine atá faoi bhun naoi mbliana d’aois.

Amárach chomh maith a sheolfar Aonach an Oireachtais, mar a mbeidh seastáin ag comhlachtaí agus eagraíochtaí na nGael ag díol a gcuid earraí agus ag tabhairt blaiseadh do dhaoine faoina gcuid oibre.

Seo an naoú huair don Oireachtas a bheith ar siúl i gCill Airne ó 2010 agus an deichiú huair ar fad.

“Tá go leor buanna ag Cill Airne agus tá sé níos éasca an tOireachtas a reáchtáil ansin nó imeachtaí na féile a reáchtáil ansin ná mar atá in ionaid eile fud fad na tíre. Nuair atá deich míle, aon mhíle dhéag, duine ag freastal ar fhéile tá sé riachtanach go mbeadh saghas campas atá chomh mór agus is féidir, nach bhfuil ar dhaoine taisteal ó cheann baile amháin go ceann baile eile, nach mbeadh tranglaim tráchta i gceist.

“Caithfimid é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do dhaoine freastal ar na himeachtaí ar fad.”

Deir Máirín Nic Dhonnchadha nach maith leis an Oireachtas go mbeadh muintir Dhún na nGall “sa riocht chéanna gach bliain” agus turas mór fada le déanamh ó dheas acu, ach gur rud é an dílseacht don Oireachtas a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Idir 150-160 imeacht a bheidh ar siúl as seo go dtí Dé Domhnaigh, idir chomórtais, seoltaí, craoltaí beo, seisiúin eolais, seimineáir, díospóireachtaí agus ócáidí do pháistí.

I measc na n-ócáidí sin, beidh díospóireacht phoiblí atá á reáchtáil ag Tuairisc – An tAontas Eorpach i ré na ngéarchéimeanna – cá bhfuil a thriall?’.

Cathal Mac Coille a bheidh ina chathaoirleach don phlé agus ar an bpainéal cainteoirí, beidh Seán Kelly, an feisire Eorpach de chuid Fhine Gael, Liadh Ní Riada, iarfheisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Tomaí Ó Conghaile, aistritheoir agus tráchtaire atá ina chónaí sa Bhruiséil agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.

Leis an díospóireacht seo faoi na géarchéimeanna agus na dúshláin éagsúla atá ag bagairt ar an Eoraip faoi láthair a sheolfaidh Tuairisc sraith nua faoi thoghcháin Eorpacha na bliana seo chugainn, LáithreachBonn24

Fág freagra ar 'Súil le slua mór ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, níos mó ticéad díolta roimh ré ná riamh'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tuigim go maith go bhfuil gnéithe casta eagrúcháin srl i gceist leis an bhféile ollmhór seo a reáchtáil ach an bhfuil an dainséar anois ann gur tionscal seachas féile a dhéanfar de má leanann an forás as cuimse seo air? Go dtitfidh an t-anam as? Saghas getto galánta is ea Óstán an Fhiolair agus é scoite amach ó Chill Airne féin. Cultúr agus teanga na hÉireann amuigh ar an ngrua, ina mboiscín neafaiseach ar leithigh féin…mar is ceart. Baile ‘turasóireachta’ is ea Cill Airne agus mar le muintir an bhaile sin ní bhíonn fhios ag a bhfurmhór dada mar gheall ar an Oireachtas agus gan beann acu ar faic eile sa tsaol ach airgead agus caid. Cultúr na caide agus na turasóireachta. Ba cheart an t-Oireachtas a bhogadh timpeall mar dheintí le blianta fada go dtí, mar shampla, an Ghaillimh, BÁC, Corcaigh (mar a mbíonn an Jazz) nó fiú amháin go Béal Feirste nó Doire Cholmcille …ní hamháin chun briseadh a thabhairt do na hUltaigh ach chun daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Ba mhór an t-ardú meanman ag a lán acu é. Ní hionann rud a mhéadú as cuimse nó ardú ar líon na n-iomaitheoirí bliain i ndiaidh bliana agus feabhas. B’fhéidir gur gá srian a choimeád ar an bhforás seachas a mhalairt. Caith uaim cliotar cleatar gan bhrí gan anam agus …Cill Airne.