Súil le sárchoimhlint ó thuaidh agus an iall ciorraithe ar Thír Eoghain agus Dhún na nGall

Bhí tamall ann gurbh le Dún na nGall agus Tír Eoghain is mó a luaití leis an bpeil chosantach, ach ní hamhlaidh an scéal níos mó

Súil le sárchoimhlint ó thuaidh agus an iall ciorraithe ar Thír Eoghain agus Dhún na nGall

Cluiche leathcheannais Chraobh Peile Uladh
Tír Eoghain v Dún na nGall
Páirc Kingspan Breffni, 17.00
(Beo ar RTÉ)

Tá beocht agus anam i gcraobh Uladh na bliana seo agus is é seo an chluiche is mó fós acu, ní hamháin sa chraobh ó thuaidh ach sa chraobh go léir.

Bhuaigh Dún na nGall go bog ar Fhear Manach ina gcluiche deireanach agus cé nach raibh Tír Eoghain thar mholadh beirte i gcoinne Dhoire bhí bua éasca acu ar Aontroim.

Bhí tamall ann gurbh ar an dá chontae seo is túisce a chuimhneodh an té a mbeadh caitheamh agus cáineadh aige ar an bpeil dhiúltach chosantach, ach ní hamhlaidh an scéal níos mó agus an iall giorraithe go mór ag a mbainisteoirí.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar Thír Eoghain go háirithe i mbliana agus lán scóid á ligean ag Mickey Harte le leithéidí Peter Harte, Mattie Donnelly, Cathal McShanea agus Niall Sludden.

Beidh Dún nGall d’uireasa Oisín Gallen ach má bhíonn aon laige sa chur chuige níos dána atá ag Tír Eoghain i mbliana beidh leithéidí Paddy McBrearty, Ryan McHugh agus Michael Murphy breá ábalta í a aimsiú.

An cheist is mó a bheidh le freagairt ag Dún na nGall ná an athróidh siad a gcur chuige féin chun déileáil le stíl nua Thír Eoghain. Shílfeá nach chun leas fhoireann óg na gConallach a bheadh sé dá dteipfeadh ar mhisneach a lucht bainistíochta anois.

Tír Eoghain a bhuaigh na trí chluiche craoibhe deireanacha idir na foirne agus Dún na nGall a bhuaigh na ceithre cinn roimhe sin.

Fir ionaid Thír Eoghain a bhuaigh an cluiche dóibh nuair a chas na foirne ar chéile i nDún na nGall i gcomórtas an tSárochtair anuraidh agus b’fhéidir go mbeadh buntáiste arís ansin tráthnóna acu.

Cluichí an deireadh seachtaine seo

Dé Sathairn

Peil

Babhta 1 de na cluichí cáilithe

Uíbh Fhailí v Londain, 13.30

Liatroim v Cill Mhantáin, 15.00

Loch Garman v Doire, 16.45

An Lú v Aontroim, 19.00

Iománaíocht

Babhta 4, Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha

Aontroim v Iarmhí, 14.00

Ciarraí v Laois, 15.00

Craobh Shinsir na Mumhan

Corcaigh v Port Láirge, 19.00

Craobh Shinsir Laighean

Loch Garman v Ceatharlach, 19.00

Dé Domhnaigh

Babhta a haon de na cluichí cáilithe

Muineachán v Fear Manach, 13.45

An Dún v Tiobraid Árann, 14.00 

An Iarmhí v Port Láirge, 15.00

Ceatharlach v Longfort, 15.00

Babhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Chúige Laighean

An Mhí v Laois, 14.00

Áth Cliath v Cill Dara, 16.00

Cluiche leathcheannais Chraobh Chúige Uladh (athimirt)

Ard Mhacha v An Cabhán, 16.00

Iománaíocht

Craobh Shinsir Chúige Laighean

Cill Chainnigh v an Ghaillimh, 14.00

Craobh Shinsir Chúige Mumhan

Luimneach v an Clár. 16.00

Fág freagra ar 'Súil le sárchoimhlint ó thuaidh agus an iall ciorraithe ar Thír Eoghain agus Dhún na nGall'