SÚIL CHUN CINN: ‘Táim ag súil le ré nua nuachta agus cúrsaí reatha i TG4’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2023 le Deirdre Ní Choistín, Ceannaire nua Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4

SÚIL CHUN CINN: ‘Táim ag súil le ré nua nuachta agus cúrsaí reatha i TG4’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2023?

Tá sé mar rún agam níos mó léitheoireachta a dhéanamh in 2023 agus níos lú ama a chaitheamh ar an bhfón.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Táim ag súil go mór le saoire sa bhFrainc le mo bheirt deirféar agus ár dteaghlaigh an samhradh seo chugainn.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Beidh an mac is sine agam ag tabhairt faoin Ardteist in 2023. Beidh mé ag sásta nuair a bheidh sé curtha de aige.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023

  1. Turas bliantúil go hÁth Dara le dlúthchairde liom.
  2. Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2023?

Tá mé dóchasach faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta agus an t-aitheantas atá á fháil ag scoileanna Gaeltachta dá n-iarrachtaí. Beidh tionchar dearfach fadtéarmach aige ar pháistí sa nGaeltacht i leith na Gaeilge agus sealbhú na teanga.  Feicim an difríocht cheana fhéin sa bheirt is óige agam agus tugann sé dóchas dom.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2023?

Táim ag súil le tús a chur le ré nua do Nuacht agus Cúrsaí Reatha i TG4 nuair a thosaím i mo phost nua mí Eanáir.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2023, céard a d’athrófá?

An costas maireachtála a laghdú agus réiteach a fháil ar an easpa lóistín agus tithíochta sa tír.  Tá daoine óga thíos leis, go háirithe. 

Fág freagra ar 'SÚIL CHUN CINN: ‘Táim ag súil le ré nua nuachta agus cúrsaí reatha i TG4’'