Súil chun cinn ar 2016 le…Aodh Ó Coileáin

Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir nuachta RTÉ RnaG Aodh Ó Coileáin faoin mbliain atá amach romhainn...

Aodh O Coileain

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2016?

Mé féin a thumadh ina thuilleadh dubhfhocal, ionas go mbeidh mé ar nós gadhar i ndiaidh a eireabaill. Chífeá ar an dtráigh iad, bíd ag amhastraigh agus iad chomh sásta. 

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2016?

Go mbronnfaí Cathair Chultúir na hEorpa ar an iarratas is láidre. Gaillimh!?

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis i 2016?

An bhréagchráifeacht agus an fhimínteacht a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le comóradh 1916.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2016?

Taispeántas Fís na Fuiseoige ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath. Tá an scannán díreach críochnaithe agam, Counterpoint Films do TG4.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2016?

Go n-éireoidh liom a thuilleadh aistear a chur díom nó go dtriailfidh mé a thuilleadh aistear a chur díom, níl faic eile ann.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i 2016?

Barra Chnoc Bhréanainn in 2014, barra na sráide in 2015, barra Chorrán Tuathail in 2016.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann i 2016, céard a d’athrófá?

Patuar na glúine a bhfuil fuinneamh inti.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2016 le…Aodh Ó Coileáin'