Súil á coinneáil ag Aire Stáit na Gaeltachta ar impleachtaí cás Gaeltachta san Ard-Chúirt

Ceadaíodh san Ard-Chúirt inné athbhreithniú breithiúnach don chomharchumann chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir le cinneadh cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach i Ráth Chairn

Súil á coinneáil ag Aire Stáit na Gaeltachta ar impleachtaí cás Gaeltachta san Ard-Chúirt

Deir an tAire Stáit Gaeltachta nua Jack Chambers go gcoinneoidh sé féin agus oifigigh a Roinne súil ar an gcás dlí atá ar bun ag Comharchumann Ráth Chairn mar gheall ar chead pleanála a tugadh d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta sa bhaile Gaeltachta.

Ceadaíodh san Ard-Chúirt inné athbhreithniú breithiúnach don chomharchumann chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir le cinneadh cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach i Ráth Chairn.

“Beidh mo Roinn ag coinneáil súil ar an gcás – ós rud é go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do cheantair Ghaeltachta eile,” arsa Jack Chambers i bhfreagra a thug sé ar cheist Dála.

Dheimhnigh an tAire Stáit gur scríobh a Roinn faoi dhó le dhá bhliain anuas chuig na húdáráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram “chun a gcuid dualgas i gcomhthéacs fhorfeidhmiú an phróisis pleanála teanga a mheabhrú dóibh”.

Dúirt Chambers go raibh aighneacht curtha ag Roinn na Gaeltachta chuig Comhairle Contae na Mí faoin gcás i Ráth Chairn ag moladh go gcuirfí coinníoll leis an gcead pleanála a d’fhágfadh go gcoinneofaí na tithe do lucht labhartha na Gaeilge amháin.

“Tuigtear, áfach, gur thug an Bord Pleanála breithiúnas faoin gcás le gairid tar éis achomharc a bheith iarrtha ag an iarratasóir – a rialaigh nach foláir go mbeadh 70% de na tithe coinnithe ar leataobh do lucht labhartha na Gaeilge,” arsa Chambers.

Dúirt réamhtheachtaí Chambers, iar-aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le déanaí gur údar imní a bhí sa chinneadh a rinne an Bord Pleanála agus go raibh sé teacht salach ar pholasaí an rialtais agus ar phlean forbartha Chomhairle Chontae na Mí.

Dúirt Seán Kyne nárbh é cinneadh an Bhord Pleanála “an rud ceart” ó thaobh “shábháil” na Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe i nGaeltacht bheag ar nós Ráth Chairn.

Deir Comharchumann Ráth Chairn gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Mhol cigire ón mBord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit, mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge.

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don ostán agus don scéim tithíochta, áfach, agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm. Deir siad go bhfuil dualgas ar an mBord Pleanála an coinníoll a leagan síos seachas é sin a fhágáil faoin bhforbróir agus an Chomhairle Contae.

Agus iad ag lorg athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt, mhaígh an comharchumann Gaeltachta chomh maith go raibh lochtanna ar an gcuid den phróiseas faoinar deineadh measúnú ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil staid na teanga níos leochailí ná mar a tugadh le fios.

Maíodh chomh maith gur dhein an Bord Pleanála neamhaird ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cearta teanga.

Is iad an fhoireann dlí atá ag Comharchumann Ráth Chairn ná Séamas Ó Tuathail abhcóide sinsir, Dáithí Mac Cárthaigh,abhcóide agus Colm Mac Aodháin, Aturnae

An Breitheamh Bronagh O’Hanlon a cheadaigh an t-athbhreithniú breithiúnach a gcuirfear tús leis ar an 22 Meán Fómhair. Beidh foireann dlí an Bhoird Pleanála i láthair an uair sin.

Fág freagra ar 'Súil á coinneáil ag Aire Stáit na Gaeltachta ar impleachtaí cás Gaeltachta san Ard-Chúirt'