Ceadaíodh san Ard-Chúirt inniu athbhreithniú breithiúnach do chomharchumann Ráth Chairn chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir le cinneadh cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta.
An Breitheamh Bronagh O’Hanlon a cheadaigh an t-athbhreithniú breithiúnach a gcuirfear tús leis ar an 22 Meán Fómhair.
Thug an Bord Pleanála cead an mhí seo caite don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit.
Deir an Comharchumann, áfach, gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.
Mhol cigire ón mBord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge agus mar go raibh amhras air faoi cé acu an mbeadh éileamh ar a leithéid.
Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt, áfach, agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm.
Maíonn Comharchumann Ráth Chairn chomh maith go raibh locht ar an gcuid den phróiseas faoinar deineadh measúnú ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil an teanga níos láidre i Ráth Chairn ná mar a tugadh le fios.
Maíonn siad chomh maith gur dhein an Bord Pleanála neamhaird ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cearta teanga agus cosaint mionteangacha.
Páid Ó Donnchú
AN NÁISIÚN
AIRTEAGAL 1
Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun.. a saol… saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.