Suaimhneas síoraí duit, a C.

Ag druidim leis an leathchéad: chuir bás duine dá chairde scoile ár gcolúnaí ag machnamh

Suaimhneas síoraí duit, a C.

Bhíodh C. ina suí in aice liom sna ranganna tíreolais agus staire, leathshúil ar mo chuid nótaí aici i gcónaí, faitíos uirthi gur chaill sí rud éigin tábhachtach a dúirt an múinteoir, faitíos ginearálta a leath amach uaithi fiú agus muid ag rothaíocht abhaile i ndiaidh am scoile.

An éireodh léi sa scrúdú Fraincise sin Déardaoin? (fios ag chuile dhuine gur aici a bheadh an marc is airde.) Cén fáth nach bhfuair sí cuireadh chuig cóisir bhreithlae P. fós? Agus cén fáth nach raibh freagra faighte aici go fóill ar an litir sin a chuir sí chuig T., an buachaill sin ón nGearmáin a casadh uirthi in Torremolinos le linn an tsamhraidh?

Cén fáth, meas tú? Bhí sí dathúil. Go deimhin, bhí C. ar dhuine de na daoine sin faoina bhféadfá a rá nach mór go hoibiachtúil gur spéirbhean í: ard agus maorga, cneas folláin agus dath na gréine air i gcónaí, gruaig dhorcha, gruanna arda, féachaint fhíochmhar ina cuid súl donn. Dhéanfadh sí banlaoch iontach i sraith teilifíse murach an deannach a bhí uirthi – deannach dofheicthe, meafarach atá i gceist agam anois, rud éigin ina pearsantacht a bhain an loinnir dá craiceann griandaite, a thug uirthi éadaí leamha a chaitheamh agus buantonn coimeádach cúisiúil a chur sa ghruaig dhorcha sin, rud éigin a chothaigh sruth seasta gearán agus buaniompar buartha a chuir daoine ó dhoras.

Coicís ó shin, fuair C. bás. Ailse bhrollaigh. Ní raibh sí leathchéad bliain d’aois fós. ‘Bhíodh tusa cairdiúil léi, nach mbíodh?’ a dúirt an té a thug an scéala dom, dlúthchara de mo chuid a bhí sa rang céanna linn ar scoil, agus a bhfuil a fhios aici nach bhfuilim ar Facebook. Bhí muid amuigh ar shiúlóid. ‘Theastaigh uaim an scéal a thabhairt duit go pearsanta seachas teachtaireacht a chur chugat.’

Cairdiúil? Is dócha go raibh – ach cairdeas a bhí ann a bhain le ré áirithe, agus le cúinsí tíreolaíochta thar aon rud eile. Bhí cónaí orm féin agus ar C. sa chomharsanacht chéanna, agus gach lá ar feadh sé bliana rothaigh muid abhaile le chéile tar éis na scoile. Ach ní fhaca muid a chéile ó rinne muid an Ardteist.

An rud is mó a bhain siar asam faoi scéal a báis ná a laghad agus a bhain scéal a báis siar asam. Bhí rud éigin tragóideach agus truamhéalach ag baint le C. i gcónaí, agus rith sé le loighic gurbh í an chéad duine den os cionn seasca duine a bhí sa bhliain chéanna linn sa mheánscoil a chuaigh ar shlí na fírinne. Tá a fhios agam ó chairde a léadh a cuid postálacha ar Facebook nach raibh an saol éasca aici tar éis na hArdteiste agus is oth liom nár éirigh léi na constaicí a bhí roimpi, nó na srianta a chuireadh sí i bhfeidhm uirthi féin, b’fhéidir, a shárú.

Sin é an ceacht, is dócha, atá le baint as an scéal seo agam féin, ag mo chara a bhí ar shiúlóid liom agus ag gach éinne a bhí sa bhliain chéanna linn ar scoil agus a bhainfidh an leathchéad amach i mbliana. Táimid ag treabhadh agus ag streachailt linn, ag útamáil, ag cur cinntí ar an méar fhada, ag fanacht le lá breá éigin amach anseo nuair a bheidh an saol againn faoi dheireadh a shamhlaigh muid dúinn féin nuair a bhí muid ar scoil.

Ach tá an t-am á mheilt, tá an chéad duine againn ar lár cheana féin.

Suaimhneas síoraí duit, a C.

Fág freagra ar 'Suaimhneas síoraí duit, a C.'

  • Traolach

    An ceart ar fad agat.
    B’fhiú do gach duine an píosa san a léamh go minic.

  • KH

    Lewis-esque – treise leat.