Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir a 3: a bheith beo ar an ngannchuid…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: a bheith beo ar an ngannchuid nó ar an gcoigríoch (nó an dá rud)

Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir a 3: a bheith beo ar an ngannchuid…

Údair mhórdhíola agus sliocht milliúnaithe as an áireamh, ní éireoidh le mórán scríbhneoirí teacht i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach amháin. Sa sárleabhar sin aige On Becoming A Novelist aithníonn an gúrú scríbhneoireachta as Meiriceá, John Gardner, ceithre mhórstraitéis a chuirfidh ar chumas an scríbhneora greim a choinneáil ina bhéal. Seachas ceann amháin nach bhfuil ach cleachtadh indíreach agam uirthi, tá triail bainte agam féin as na straitéisí sin ar fad agus ba mhaith liom an taithí sin a roinnt le léitheoirí Léamh agus Scríobh.

An tseachtain seo: a bheith beo ar an ngannchuid nó ar an gcoigríoch (nó an dá rud.)

‘The most obvious escape from the debilitating effects of one’s competitive, ware-hawking culture is to move out of it – go to Mexico or Portugal or Crete,’ a scríobhann John Gardner.

Sin é go díreach an straitéis mhaireachtála is mó a mbím féin ag brath uirthi – cé gur tharla sé sin i ngan fhios dom. Cúrsaí grá, seachas cúrsaí scríbhneoireachta, a thug orm tús a chur le caibidil nua i mo shaol sa Bhrasaíl breis is deich mbliana ó shin. Ach faoin am a ndeachaigh an grá sin i léig, bhí sé tugtha faoi deara agam go bhféadfainn maireachtáil sa Bhrasaíl ar an mbeagán airgid a shaothraíonn an scríbhneoir ficsin agus an colúnaí Gaeilge.

Níl clann orm, ar ndóigh, agus is mór an cuidiú é sin. Níl teilifíseán sa teach agam ná inneall níocháin. Tá cónaí orm i bhfad ó mo ghaolta agus mo chairde san Eoraip, ach éiríonn liom greim a choinneáil i mo bhéal (agus i mbéal mo dhearthár uchtaithe) ar an gcúpla céad euro a shaothraím sa mhí. Bíonn roghanna saoil le déanamh ag an scríbhneoir – agus cé nár rith sé liom go raibh siad á ndéanamh agam nuair a bhí siad á ndéanamh agam, b’in iad na roghanna a rinne mise.

‘This is exactly what many writers do, but the cost of living cheaply may be greater than one at first imagined,’ a scríobhann John Gardner. ‘Also, by leaving one’s culture one may lose one’s material.’

Ní aontaím leis. Is fíor, ar ndóigh, go dtéann ceangal an scríbhneora lena thír dhúchais i léig in imeacht ama. Ach má dhéanann sé a dhícheall agus mura ndéanfaidh sé díthreabhach aonteangach as féin, cruthóidh sé ceangal láidir lena thír uchtaithe agus beidh ualach ábhar aige le bheith ag scríobh faoi nach mbeadh aige dá mba rud é go mbeadh cónaí air san áit ar tháinig sé ar an saol.

Is fíor gur sa Bhrasaíl a bhíonn an chuid is mó de mo chuid ficsin lonnaithe sa lá atá inniu ann, seachas i mo thír dhúchais, an Ísiltír, nó in Éirinn, mar a raibh cónaí orm ar feadh 12 bliain. Brasaíligh iad formhór mór na gcarachtar – cé gur Éireannaigh nó Ísiltírigh cuid de na carachtair lárnacha go minic. 

Admhaím nach n-éireodh liom úrscéal a scríobh, inniu, a bheadh lonnaithe go hiomlán in Éirinn nó san Ísiltír. Beidh tionchar ag na roghanna saoil a dhéanfaidh an scríbhneoir chun greim a choinneáil ina bhéal ar a chuid scríbhneoireachta. Ach cén dochar sin? Bíonn a bhua féin ag chuile scéal, cuma cén áit a mbíonn sé suite.

Fág freagra ar 'Straitéisí maireachtála don scríbhneoir, uimhir a 3: a bheith beo ar an ngannchuid…'

  • Brendan Riley

    is Hijmans an colúnaí is ansa liom. Tá sé chomh oscailte faoi chuile rud. “breath of fresh air” mar a deirtear i mBéarla. Is breá liom a bheigh ag léamh rudaí ó scribhneoirí éagsúla, ach tá spéis ag daoine i rudaí faoin na scríbhneorí féin, agus an saol atá acu. Tá scríbhneoirí ag láimsheáil le na rudaí céanna sa tsaol seo mar chuile dhuine againne, airgead, grá, obair, teaghlach, agus i chuile alt Hijmans airítear fáilte ina shaol. Bíonn na hailt seo fíor spéisiúil don léitheora má tá suim acu sa gcursaí scribhneoireachta ann nó as.