Stopann siad ag caint leat thart ar leath bealaigh trí Rang a Sé…

An í seo an bhliain dheireanach ina mbeidh chuile dhuine de na páistí ag iarraidh gléasadh suas agus spraoi a bhaint as cluichí beaga?

Stopann siad ag caint leat thart ar leath bealaigh trí Rang a Sé…

Tá greim an fhir bháite ag na duilleoga deireanacha ar ghéaga loma na gcrann, is tá a gcomrádaithe a thit imithe ag rince suas agus síos an tsráid. Is tá muide ar an bhfoscadh is na coinnle ar lasadh, muid neadaithe go teolaí sna geansaithe móra agus na stocaí tarraingthe suas go dtí na glúine.

Is mór an fháilte a bhí roimh shaoire na Samhna anseo is é ina fhaoiseamh idir dhá fhuadar, fuadar thús na bliana scoile nua agus fuadar na Nollag. Is maith ann fuadar an tsaoil ach teastaíonn scíth bheag uaidh anois is arís.

I mbliana tá scéal éigin nua ag sioscadh ar chúl mo chinn, an í seo an tsaoire dheireanach Samhna dá leithéid? An í seo an bhliain dheireanach ina mbeidh chuile dhuine de na páistí ag iarraidh gléasadh suas agus spraoi a bhaint as cluichí beaga na Samhna?

Seo iad na cineálacha scéalta uafáis a insíonn tuismitheoirí dá chéile faoi Shamhain. Ná bac le cailleacha ná sióga, ach cuimhnigh ar an bpúca mór ciúin An Déagóir agus iad ag caitheamh drochshúil ort i do theach féin. Chuirfeadh sé an ghruaig ag seasamh ar do cheann le teann faitís.

‘Cén aois anois í an duine is sine agat?’ a d’fhiafraigh bean díom an lá cheana. ‘Tá sí i Rang a Sé anois,’ a d’fhreagair mé.

‘Sin é!’ a deir sí go doilíosach. ‘Tá go dtí an Nollaig agat, má bhíonn an t-ádh ort.’

‘Go dtí an Nollaig le haghaidh céard?’ a d’fhiafraigh mé di agus mearbhall orm.

‘Stopann siad ag caint an uair sin,’ a deir an seansaighdiúir.

‘Cén chaoi, stopann siad ag caint?’ bhí meadhrán orm.

‘Na gasúir,’ a deir sí go lom. ‘Níl siad ag iarraidh labhairt leat agus iad ina ndéagóirí, tosaíonn sé thart ar leath bealaigh trí Rang a Sé.’

Tá go leor scéalta uafáis cloiste agam le seachtain anuas ach ba é seo an ceann ba mheasa fós. Ní raibh mé róscanraithe ag na scéalta faoi phúcaí, faoi thaibhsí, faoin bhfóidín mearaí agus na drochsprideanna a bhí tagtha ar ais ón taobh eile ag cur scéin sna daoine atá beo. Go deimhin casadh an marcach gan cloigeann orm ar an tsráid Oíche Shamhna is é ag sodar leis is níor bhain sé mórán de stangadh asam.

‘Ní fhéadfadh go bhfuil sé fíor,’ a dúirt mé leis an seansaighdiúir. ‘Caithfidh go bhfuil dul amú éigin ort.’

‘Ní aon dul amú é, a dheirfiúirín,’ a dúirt sí go fáidhiúil, ‘Tarlóidh sé, glac uaimse é.’

Fadhb dhomhanda atá ann más fíor do mo chol ceathrar as Meiriceá a casadh orm an lá cheana den chéad uair le cúig bliana déag. Tá sí ina lár. Is í an carachtar sin a shiúil síos go dtí an siléar sa scannán uafáis cé go raibh tú ag béiceach ar an teilí ag rá léi fanacht amach as.

‘Níl sé róchainteach faoi láthair, ach tá sé beathaithe agus os cionn sé troithe ar airde anois, só glacaim leis go bhfuil sé togha,’ a deir sí idir mhagadh is dáiríre nuair a chuir mé tuairisc a mic.

Céard a tharla don bhuachaillín gealgháireach a chonaic mé sna pictiúir ar na cártaí Nollag, an é gur cuireadh faoi gheasa é is gur iompaíodh isteach ina fhathach mór fíochmhar é?

‘Déagóirí,’ a deir sí. ‘Deirtear liom go dtagann deireadh leis.’

Fág freagra ar 'Stopann siad ag caint leat thart ar leath bealaigh trí Rang a Sé…'