Stop curtha leis an socrú go ndéanfaí an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus a chraoladh ó Dhomhnach Broc

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ag éirí níos fearr anois leis na cainteanna idir RTÉ agus TG4 faoi chúrsaí nuachta agus socrú déanta a fhágann nach mbeidh an nuacht Ghaeilge ag bogadh ó Bhaile na hAbhann go dtí Domhnach Broc an tseachtain seo

Stop curtha leis an socrú go ndéanfaí an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus a chraoladh ó Dhomhnach Broc

Níl RTÉ chun dul ar aghaidh lena bplean tús a chur an tseachtain seo le réamhthaifeadadh a dhéanamh ar a bhfeasacháin nuachta Gaeilge agus iad a chraoladh ó Dhomhnach Broc.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ag éirí níos fearr anois leis na cainteanna idir RTÉ agus TG4 faoina bhfuil i ndán do sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin, cé nach bhfuil réiteach iomlán aimsithe go fóill ar an aighneas eatarthu.

Mar thoradh ar an bhfeabhas sin sa chaidreamh idir an dá stáisiún sna cainteanna ardleibhéil atá ar bun faoi chúrsaí nuachta, tá socrú déanta a fhágann nach mbeidh an nuacht Ghaeilge ag bogadh ó Bhaile na hAbhann go dtí Domhnach Broc an tseachtain seo.

Tá an plean sin curtha ar athlá chun go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí teacht ar réiteach ar an easaontas idir an dá stáisiún faoin leagan amach a bhí beartaithe d’fheasacháin nuachta Gaeilge RTÉ.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús bhí sé i gceist ag RTÉ réamhthaifeadadh le déanamh ar na feasacháin Ghaeilge ‘in order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News]’.

Bhí “díomá agus fearg” ar bhaill foirne na seirbhíse nuachta Gaeilge faoin gcasadh is déanaí sin san aighneas idir an dá stáisiún agus rinneadh cáineadh géar ar RTÉ as socrú a dhéanamh go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar an nuacht Ghaeilge. Pléadh chomh maith an scéal sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a cheistigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an Taoiseach faoin scéal a foilsíodh ar an suíomh seo.

Craoltar feasacháin nuachta RTÉ agus Nuacht TG4 araon beo ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara, ach tá ceist mhór faoin socrú sin i bhfianaise an easaontais idir an dá chraoltóir faoi chúrsaí nuachta.

Tá cainteanna ar bun le timpeall is bliain anuas idir RTÉ agus TG4 maidir leis an tseirbhís nuachta Gaeilge, ach tá a bhfuil i ndán don athrú ar chur chuige na nuachta idir dhá cheann na meá ó thug RTÉ le fios do TG4 nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú go mbeadh branda Nuacht TG4 ar nuacht RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh ar an diúltú sin bhagair lucht bainistíochta TG4 nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann agus shocraigh RTÉ go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar a bhfeasacháin nuachta Gaeilge agus iad a chraoladh ó Dhomhnach Broc.

Fuair baill foirne sa seomra nuachta amach faoi phlean RTÉ an tseachtain seo caite, nuair a scaipeadh comfhreagras a sheol bainisteoir sinsearach i nDomhnach Broc go dtí baill foirne eile.

Dúirt an bainisteoir sinsearach sa chomfhreagras sin go mbeadh sé “necessary for us to accommodate the Nuacht TV bulletin from Studio 3 for a period, starting on Monday 29 [Eanáir]’. Mar go mbeadh an feasachán nuachta Gaeilge á chraoladh ó Dhomhnach Broc, seachas ó Bhaile na hAbhann, “packages will be sent by FTP or up the line from Connemara,” a dúradh.

Dúradh freisin go raibh sé i gceist an feasachán a théann amach ar RTÉ 1 gach tráthnóna ag 5.40 a réamhthaifeadadh ag a 5.00 chun nach gcuirfeadh an feasachán Gaeilge aon ‘bhrú’ ar an gclár nuachta Béarla, The Six One News.

‘In order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News], Nuacht will be recorded daily at 5pm. and uploaded via media flex for play out at its normal broadcast time’.

Dúradh go raibh iarracht déanta an socrú nua seo a sheachaint, go raibh cainteanna ar bun chuige sin, ach nár thángthas ar aon réiteach sna cainteanna sin go fóill.

“Apologies for the late notice, but efforts had been underway to try to avoid this situation. Those efforts have not yielded a solution,” a dúirt an ball de lucht bainistíochta seomra nuachta RTÉ i mBaile Átha Cliath.

Bhí tuilleadh cainteanna ar siúl idir lucht na hardbhainistíochta i TG4 agus RTÉ ag deireadh na seachtaine seo caite ar mhaithe le deireadh a chur leis an easaontas, agus meastar gurb í ceist na brandála ar fheasachán RTÉ an dris chosáin is mó i gcónaí sna cainteanna sin.

Tá cainteanna ar bun idir an dá stáisiún le bliain anuas faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge agus bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ. Bhí sé i gceist chomh maith go mbeadh cur chuige eagarthóireachta nua ag feasachán RTÉ agus go gcuirfí múnla ‘Súil Eile’ TG4 i bhfeidhm ar an nuacht Ghaeilge ar an dá stáisiún.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Gaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

Ach cuireadh an plean sin ó mhaith nuair a thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach rabhthas sásta a thuilleadh go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ. Bhí idir alltacht agus dhíomá ar lucht bainistíochta TG4 faoin scéal agus iad den tuairim go raibh an margadh déanta maidir leis na socruithe nua a bhí le teacht i bhfeidhm an mhí seo. Bhí díomá ar lucht TG4 go háirithe mar go raibh an plean nua curtha i láthair na foirne cheana féin ag triúr de lucht bainistíochta RTÉ.

Is iad RTÉ a chuireann Nuacht TG4 ar fáil mar chuid dá sholáthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.

Fág freagra ar 'Stop curtha leis an socrú go ndéanfaí an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus a chraoladh ó Dhomhnach Broc'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Buachaillí beaga i muineál a chéile ar mhaithe lena n-impireachtaí leochailleacha a chosaint beag a baol.