‘Ní shin é an chaoi a dtéann sé,’ a dúirt mé. Níl mórán amhrán ar eolas agam ach bhí na liricí uilig don cheann áirithe seo agam is bhí mé ag iarraidh mo shaineolas a roinnt léi. Thosaigh mé ag canadh; ‘téann sé mar seo – A, B, C, D, E, F, G…’
Bhí sruth maith fúm agus mé ag déanamh ar lár an amhráin le brí is le fonn nuair a lig sí osna beag aisti. ‘Stop a Mhamaí, stop. Ní shin é.’ Bhreathnaigh sí orm amhail is go raibh sí ar a míle dícheall foighid a choinneáil liom, ach nach raibh sé éasca.
‘Casfaidh mise duit é,’ a dúirt sí agus tharraing anáil mhór dhomhain is thosaigh ag casadh in ard a gutha: ‘A, B, C, D, Q, R, S, X, K, P.’
Bhí tocht chomh mór sin ina glór agus an oiread roiceannaí ina baithis go mba dhóigh leat gur istigh ag comórtas Chorn Uí Riada a bhí mé agus Amhrán Mhuínse nó a leithéid á aithris go bríomhar. Ansin, stop sí ar feadh meandair ar mhaithe leis ‘an éifeacht dhramatúil’ sular chuir ballchríoch leis; ‘Y agus Z. Anois tá a fhios a’m mo ABCDs, gabhfaidh muid amach ag spraoi.’
Ní raibh an leagan seo ag teacht leis an leagan a d’fhoghlaim mé fhéin fadó. Seans gur remix nó athmheasc a bhí ann nach raibh cloiste agam cheana; Aibitír 2, ft. Kanye West, b’fhéidir.
Thóg mise an leagan den amhrán atá a’m fhéin ó m’athair ach tá sé cloiste agam ó shin ag daoine eile.
Chríochnaigh sí an t-amhrán, bhreathnaigh orm agus chonaic mé trua ina súile. ‘An bhfuil a fhios a’t anois é, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom i nglór réidh agus bhraith mé nach raibh mórán muiníne aici as m’fhreagra.
Bhí mé i sáinn. Chaithfinn a bheith an-chúramach le mo chuid moltaí le go mbeadh glacadh éigin leo. B’fhéidir gurbh fhearr gan tada a rá ach mo leagan féin a chasadh arís go bhfeicfinn cén chaoi a n-éireodh leis.
‘Ceapaim go bhfuil sé agam anois,’ a dúirt mé agus thosaigh mé ag canadh; ‘A, B, C, D, E, F, G,’ Ní raibh mé gaibhte rófhada nuair a lig sí osna eile aisti. Osna a bhí beagán níos airde ná an ceann a chuaigh roimhe, caithfear a rá. Ba léir nár mheas sí gur scoláire rómhaith a bhí ionam.
‘Stop, a Mhamaí, stop,’ a dúirt sí. ‘Casfaidh mé dhuit arís é, is bí ag éisteacht go cúramach an uair seo.’
Eoin P.
Tá na haltanna seo go haoibhinn ar fad. Scéalta fíorshimplí ar bhealach ach inste go gleoite ag an scéalaí. Go hálainn!