Stoirm Brendan ag bá agus ag batráil le gaotha móra agus tuilte

Tá foláireamh oráiste i bhfeidhm i gCúige Chonnnacht, i nDún na nGall agus i gCiarraí go dtí 9pm agus go dtí 3pm in áiteanna eile

Stoirm Brendan ag bá agus ag batráil le gaotha móra agus tuilte

Tá stoirm Brendan tagtha i dtír agus foláireamh aimsire stádas oráiste i bhfeidhm ar fud na hÉireann.

Ciallaíonn foláireamh oráiste dá leithéid go bhféadfadh “beatha agus maoin a bheith i mbaol”, go mbeadh contúirt ann do thiománithe agus go bhféadfadh go leagfaí crainnte.

Bhí gaoth 96 ciliméadar san uair i mBéal an Mhuirthead thart ar 7am ar maidin agus thug Met Éireann le fios go bhféadfadh siotaí gaoithe 130 ciliméadar san uair a bheith ann inniu.

Tá an foláireamh oráiste i bhfeidhm i gCúige Chonnnacht, i nDún na nGall agus i gCiarraí go dtí 9pm agus go dtí 3pm i gCúige Laighean, i gcontaetha Muineacháin agus an Chabháin agus i gcontaetha eile Chúige Mumhan.

Beidh gálaí láidre aneas ar chósta na hÉireann agus i Muir Éireann agus beidh fórsa fíorláidir stoirme leo in áiteanna san iarthar, a dúirt Met Éireann.

Tá baol mór tuilte ann i gceantair cois cósta de bharr farraige cháite agus rabharta.

Tabharfaidh báisteach an lae inniu léi stoirmeacha toirní, a dúradh.

Imeoidh Stoirm Brendan léi taobh istigh de chúpla uair a chloig ach dúradh go mairfeadh sí níos faide san iarthuaisceart.

Cuireadh roinnt eitiltí as Aerfort na Sionna chun na Breataine ar ceal. I gConamara ní bheidh aon eitiltí as Aerfort na Mine ná aon bhád ag freastal ar oileáin Árann.

Tá ráite ag an nGarda Cósta gur chóir do dhaoine fanacht glan ar thránna rite, aillte, céanna, promanáid agus calafoirt.

Fág freagra ar 'Stoirm Brendan ag bá agus ag batráil le gaotha móra agus tuilte'