Staid Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ina gcuid d’iarratas craobh sacair na hEorpa a thabhairt go hÉirinn

Níor bhain Páirc an Chrócaigh áit amach sa tairiscint dheireanach atá curtha faoi bhráid UEFA ag cumainn sacair na hÉireann, Thuaisceart Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban

Staid Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ina gcuid d’iarratas craobh sacair na hEorpa a thabhairt go hÉirinn

Is iad Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn i mBéal Feirste an dá staid in Éirinn ina n-imreofar cluichí má éiríonn leis an iarracht EURO 2028 a reáchtáil in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Tá sé fógartha ag an FAI tráthnóna go bhfuil an tairiscint dheireanach chun craobh sacair na hEorpa a reáchtáil anseo agus sa Bhreatain curtha faoi bhráid UEFA ag na cumainn sacair atá i mbun an iarratais.

Tá cumainn sacair na hÉireann, Thuaisceart Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus na hAlban ag iarraidh EURO 2028 a reáchtáil faoi cheann cúig bliana agus é i gceist go n-imreofaí cluichí sna cúig thír.

Cé go raibh Páirc an Chrócaigh ar ghearrliosta na staideanna a fógraíodh mí na Samhna seo caite, tá sé deimhnithe anois gurb iad Staid Aviva, nó an Dublin Arena mar atá á thabhairt air don tairiscint, agus Páirc Mhic Easmainn an t-aon dá staid in Éirinn atá ina gcuid den tairiscint dheireanach.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael an mhí seo caite go raibh cead tugtha ag Ard-Chomhairle na heagraíochta Páirc Mhic Easmainn agus Páirc an Chrócaigh a úsáid do EURO 2028.

Tá athfhorbairt iomlán le déanamh ar Pháirc Mhic Easmainn roimh thús an chomórtais agus deich mbliana ann ó imríodh cluiche ar bith ar phríomhpháirc CLG Aontroma. Is beag dul chun cinn atá déanta ar an bplean staid nua do 34,500 duine a thógáil ar an láthair ach tá súil ann go gcabhróidh an scéal is déanaí leis an obair a thabhairt chun críche.

Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Is í Páirc Mhic Easmainn an staid is lú atá mar chuid den tairiscint. Tá sé cinn de na staideanna i Sasana – Staid Wembley, Staid Tottenham Hotspur, Staid City of Manchester, Goodison Park, St James’ Park agus Villa Park – agus is iad Hampden Park i nGlaschú agus an Principality Stadium in Caerdydd an péire eile.

Deir an FAI go mbeadh EURO 2028 in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ar an gcomórtas is mó riamh agus go mbeadh beagnach 3 mhilliún ticéad ar fáil don chomórtas.

Tá tacaíocht don tairiscint tugtha ag rialtas na hÉireann, rialtais na Ríochta Aontaithe, na hAlban agus na Breataine Bige.

an bróisiúr atá réitithe mar chuid den tairiscint curtha ar fáil i gceithre theanga, Gaeilge, Béarla, Gàidhlig agus Breatnais.

Tá sé i gceist ag an Tuirc freisin tairiscint a dhéanamh chun EURO 2028 a reáchtáil. Fógróidh UEFA toradh an phróisis tairisceana sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Staid Aviva agus Páirc Mhic Easmainn ina gcuid d’iarratas craobh sacair na hEorpa a thabhairt go hÉirinn'