Sraith thaitneamhach shuimiúil faoi phobal bisiúil Ráth Chairn

90 bliain i ndiaidh bhunú Ghaeltacht Ráth Chairn tugann sraith shuimiúil ar TG4 éachtaint dúinn ar scéal agus dán mhuintir na háite

Sraith thaitneamhach shuimiúil faoi phobal bisiúil Ráth Chairn

Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn sa bhliain 1935 nuair a bhog 27 teaghlach, agus breis agus 180 duine, aniar as Conamara. Tionscnamh de chuid Choimisiún na Talún a bhí ann agus an bhliain roimhe sin d’imigh buíon ó Chonamara ar a rothair go Dáil Éireann lena gcás a dhéanamh le hÉamon de Valera.

Bunaíodh Gaeltacht nua i Ráth Chairn agus Baile Ghib agus léiríonn an tsraith seo go bhfuil pobal Gaelach Ráth Chairn beo beathaíoch i gcónaí. Siad an dá bhaile seo an t-aon choilíneacht Ghaeltachta agus an t-aon Ghaeltacht san oirthear.

Tá Ráth Chairn neadaithe i nGleann na Bóinne idir Baile Átha Troim agus Béal Átha Buí; “Oileán teanga” mar a thugann an t-iarmhúinteoir agus amhránaí sean-nóis Mairéad Ní Cheallaigh ar an áit go deisbhéalach agus go bródúil. Is pobal iad seo atá teann as a ndúchas agus a chaomhnaigh an Ghaeilge agus na traidisiún a thug siad aniar leo. Tugann an tsraith Pobal Ráth Chairn (TG4, Déardaoin) cuntas ar scéal agus ar dhán an phobail ar leith seo.

Bhí an tríú gála againn an tseachtain seo agus le reacaireacht bhinn Shibéal Ní Chasaide ár dtionlacan. Fuaireas ana-bhlas ar fad ar an mír san iarbhunscoil. Gearrchúrsa ar leith deartha le, faoi mar a dúirt dalta amháin, scéal Ráth Chairn “mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh” a chur os comhair na n-óg.

Iad ag trácht ar shinsear a ghabh aniar, daoine amhail Nan Phádraig Choilmín ó Inis Treabhair agus a fear céile Cóil Neaine Pháidín. Bhí trácht chomh ar an Tórramh Meiriceánach agus comóradh á dhéanamh ar thuras na Dála le rothair aclaíochta. An comóradh is fearr gur féidir a dhéanamh ar dhaoine agus a ngaiscí ná a scéal a sheoladh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Seo oideachas i mbarr a mhaitheasa.

Bhí mír ana-dheas chomh maith le Diarmaid Ó hAlmhain, ó Inis Oírr ó dhúchas, atá buailte faoi sa cheantar anois. Dúil sa chaoladóireacht aige, scil a bhíodh ag a athair críonna ach scil nár chleacht sé féin go dtí gur bhog sé go dtí an Mhí. Na slata sailí á mbaint, á sortáil, á dtriomú agus ansan á dtumadh san uisce sara dtugtar faoin ealaín. Cliabh lena athair críonna, atá tuairim is daichead bliain d’aois, lena ais aige.

Deineadh dreas cainte chomh maith leis an múinteoir Áine Ní Chróinín, an t-imreoir idirchontae Éamon Óg Ó Donnchadha agus an bhean ghnó Brídóg Ní Chonaire mar aon le cuntas a thabhairt ar an rath atá ar an gcomhlacht innealtóireachta Turmec Teoranta.

Sraith thaitneamhach í seo a thugann éachtaint ar scéal suaithinseach agus dán phobal Ráth Chairn.

Fág freagra ar 'Sraith thaitneamhach shuimiúil faoi phobal bisiúil Ráth Chairn'